FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar – Rogha Scéalta (Dritheanna)

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é Rogha Scéalta (Dritheanna) le Pádraic Breathnach atá againn

Pádraic Breathnach

Dritheanna ‘Buail isteach!’ a d’fhógair sé nuair a d’airigh sé an cnag ar a dhoras. Cibé cé tá anseo, a smaoin sé, ag breathnú i ndiaidh i leicinn ar an murlán ag casadh, bunáite na mac léinn imithe abhaile, a dtromlach eile gafa le scrúduithe thíos sa halla mór. Cibé cé tá ag siúl na siúltán folamh an t-am seo lae? Ba gheall le geintlíocht an murlán ag casadh, go réidh, uaidh féin, i loime nocht an dorais.

Ise!

An mba ise a rinne an sioscadh ar an urlár amuigh nóiméidíní roimhe seo? Sioscadh a mba gheall le sioscadh duilliúir é á séideadh le sí gaoithe ar urlár coille. Sioscadh síogach síoda. Seabhrán fann drithleach. Cogarnaíl rúnda.

‘Seo é mo thionscnamh deiridh!’ ar sí, ag síneadh cáipéisí bána le peannaireacht ghorm orthu go dtína lámh.

Á gceartú a bhí sé. Pas beag mall.

Thug sé spléachadh ar an tionscnamh. Bhí a teideal tarraingteach. A litreacha maisithe go hálainn. Líníocht ar an leathanach tosaigh, í álainn, áirid, bean bheag labhandair. Ribín dearg ag fáisceadh na leathanach.

‘Bhfuil cumhrán air, a smaoin sé, grian agus gealach. Aubépine? Chuirfeadh a shrón ar ball leis.

‘Tá brón orm a bheith chomh mall leis!’ a deir sí.

‘Tá tú ceart!’ a deir sé. Chomh stuama is a d’fhéad sé.

Cumhrán, a smaoin sé. Truipín traipín cos. Siosarnach éadrom aerach gúna.

‘Bhfuil léacht amáireach againn?’ a deir sí.

Cumhrán, a smaoin sé, drúcht, bláthanna fáilí sofaisticiúla an earraigh. Coim an ime úra óga.

Cad chuige a mbeadh léacht aici? Cad chuige amhras ar bith uirthi?

Bilí na léachtanna thart le seachtain! Cuide de na léachtóirí níor thógadar léacht le deich lá.

‘Ó, ní bheidh!’ a d’fhreagair sé. ‘Tú saor anois go dtí an Luan!’

‘An Luan, go bhfóire Dia orainn!’ ar sí.

Áibhéil á déanamh aici.

Com an ime úr óg, a smaoin sé, gona chlúdach álainn táthghlas, ’gus a lár glé-óir.

Rinne sé meangadh ina leith. Chomh breá is a d’fhéad sé. Í ag moilleadóireacht, a deir sé.

‘An dteipeann ar mhórán sa dara bliain?’ a deir sí.

‘Ní theipeann ar oiread sin!’ ar sé. Chomh caoin is a d’fhéad sé. D’airigh sé áirid.

‘Is dóigh nach dtugann tusa teip d’aon duine!’ ar sí, idir shúgradh is dáiríre, leid, impí is caidéis aici.

‘Ar ndóigh is duine deas mise!’ a mhagaigh sé ar ais.

Com an ime úr óg, le stoitheadh go dtí thú, le cur chun do shróine, le líochán.

Bhí uafás i dtobainne air. Saighead uafáis. É gafa, a scinn trína intinn. Ógbhean, cumhrán, drúcht. A oifig chúng. Ar an gcúlráid. Í, ógbhean, com an ime, ina seasamh os a chionn, in airde os a chionn, i ngar dó. Ach d’éirigh leis i ngan fhios di a bheola a líochán agus slogadh a dhéanamh ina scornach. Bhí áthas air gur éirigh leis sin a dhéanamh. Bhí áthas air nár fhan a súile buailte anuas air ar feadh an ama.

‘Cén chaoi a bhfuil tú ar aon nós?’ ar sé go tréan. Labhair sé go tréan súil go bhfaigheadh sé a threoir ar ais. Ba cheist í seo a raibh muinín aige aisti area ba cheist shimplí chothrom í, éasca le cur, sách báúil íogarach san am céanna. Ba cheist daonna í a mba deacair a lochtú. Cén chaoi a bhfuil tú? Nárbh í seo an chaidéis, an fiosrúchán, ba thábhachtaí ann? Ní ba thábhachtaí ná tábhacht. Cén chaoi a bhfuil tú? Súil agam thú go maith, súil agam an tsláinte go maith agat, súil agam sonas ort, súil agam go maire tú céad, go maire tú ar feadh na síoraíochta is go deo. ‘Cén chaoi a bhfuil tú?’

‘Go maith, slán a bheas tú!’

‘Tá mé go maith, slán a bheas tú, cén chaoi bhfuil tú féin?’

Tá tú go maith, a mh’anam, is go hálainn, is tá tú lán giodaim, bail ó Dhia ort.

‘Isteach is amach ar do rothar i gcónaí?’

‘Sea, go díreach! Aclaíocht coirp!’

D’iomluaigh sí. Lán macnais. Nós uain, nós mionnáin gabhair. Nós bodóige.

Ag priocadh a bhí sí. Ag priocspraoi. Ach níor fhéad sé freagairt. Uair eile b’fhéidir, le cailín eile b’fhéidir.

‘Tá sé go maith don fhigiúr!’ a deir sí.

Cuacha Seapánacha. Gondala.

‘Fuair mé poll an lá cheana!’ Fuair tú poll, ’sábhála Mac Dé sinn! Ach cén t-iontas sin dáiríre? Ní iontas ar bith go ndéanfaí thú a pholladh. Nach é an t-iontas é nach ndéantar sin go minic? Nach ndéantar thú a pholladh i do chriathar? Ba deas siúráilte é do pholl.

Ní mise a pholl do pholl
nó a dúirt le haoinne do pholl a pholladh,
ní mian liom go bpollfaí do pholl
agus an té a pholl do pholl
go bpollfar a pholl dó
i ngeall ar do pholl a pholladh.

Ach ba tusa a fuair an poll! Galldachas! Níl do theanga gan locht! Scrúdú cainte Dé Luain!

‘Tolladh do rothar?’ ar sé, á ceartú. An múinteoir arís ann. Déarfadh go mba mhatal é. Seomraí, teanglann, leabhair ghramadaí á ndúiseacht roimpi, caithfidh sé.

‘Tolladh, sin é an focal ceart!’ ar sí. ‘Tolladh beag a bhí ann, ach ní maith liom é!’

Ní maith léi é! Cad chuige nach maith léi é? Is maith le chuile dhuine é; mura bhfuil sé corr!

Ligh sé a bheola agus rinne slogadh áirid ina scornach. Nárbh ámharach nár thug sé cuireadh isteach di? Bhí tuairim aige ó thús nach mbeadh sé istigh leis féin ina teannta. Gur teannta a bheadh sé. Ach bhí guithín á spochadh freisin chun iarraidh isteach uirthi, go mb’in mar ba cheart aige mar léachtóir: caint, comhairle agus aithne a chur ar a mhic léinn. Bheadh sí anois lonnaithe ar an gcathaoir roimhe, ar an gcathaoir shócúil dhearg, iad aghaidh ar aghaidh lena chéile, smut ar smut, in iarracht tête-á-tête, gan eatarthu ach an boirdín.

Luisnithe ina ghasúirín a bheadh sé. Faoi adhastar ag a glór cinn sise, a glór cinn álainn. Faoi adhastar ag a glaineacht álainn bhanda, a cumhracht álainn.

Chuir sé dathanna uaidh an-éasca bíodh is é feabhsaithe ar an gcaoi seo le tamall. Lena hais sise, chomh dlúth seo léi, ba chontúirt mhór go mbrisfeadh amach ar an seanghalar arís. É ar dheirge úill ar an toirt b’fhéidir. A threoir caillte aige. Crith ina láimh. A chaint go briotach.

Cén cheilt a bheadh ansin aige a bheola a líochán agus pé slogadh a bhí uaidh ina scornach? Bheadh ceann faoi agus náire uirthise freisin. A léachtóir bocht, a déarfadh. Teitheadh a bheadh uaithi ón bpíonós.

‘Tá cara i mBleá Cliath agam a bhíonn ag iomramh!’ adeir sí.

‘Ar an tSionainn?’ adeir sé.

‘Ar an Life,’ adeir sí. ‘Matáin mhóra aici!’

Ina ceathrúintí, a smaoin sé. Ceathrúintí storrúla aici cinnte, líonadar a bríste.

Cabhsa álainn i lár na coille. Cuaille ard crainn lena taobh. Níor mhatáin a cíocha ach chuirfí méadú orthu ba dóigh, siar is aniar sa bhád. Ar aon nós chuirfí ina seasamh go láidir iad. Tulacha le barra géara orthu. Chomh géar lena hingne dearga. Ar gheall le enamel iad. A mba doiligh a mbriseadh.

Suntas tugtha i gcónaí aige don ógbhean seo. Une femme fatale. Une femme terrible. Riamh is choíchin ó chonaic sé i dtosach í. Páras. Montmartre. Mayfair. Mayflower. May Queen. Model. Model Agency. Í difriúil. Go deimhin ní fhéadfaí neamhshuim a dhéanamh di a ghéartharraingtí is a bhí.

Bandiabhal? Nach minic adeirtear an diabhal i mbréagriocht mná áille? Cathaitheoir? Banchathaitheoir sleamhain slim álainn! Go leacracha teo ifrinn. Scriostar sula scriostar! Fág. imigh, rith, sula bhfoilsítear adharca, eireaball, crúba dubha!

Níor réiteach ar bith é an áilleacht seo a scrios. Séard a bheadh ann, peaca. Bandiabhal bíodh má b’éigean ach ná hathraítear a glé-áilleacht mhín sise! Gabhadh a háilleacht aduain i gcríoch go haduain, spreagadh sí mianta, gríosadh sí rúpacha go bruite ach fainic a ngabhfaí de sceanna uirthi!

Iníonacha léinn ba mhó a bhí á dteagasc aige agus ba iad ab fhairsinge aige le deich mbliana. Ach bhí sé i gcónaí in ann smacht a choinneáil air féin ina láthair. Cé is moite de luisneachan beag teann iarrachtín cúthail níor éirigh lena n-áilleacht nó lena gcluain feancadh róthubaisteach a bhaint as. Níor thit ina gceanrach. Go dtí anois. A hálcheanrach sise.

Bhí réiteach ar an bhfadhb cinnte – an mionach a bhaint aisti. Í a lot trí chéile. Í a shatailt mar a dhéanfá le péist ar chosán stroighne. Arraingeacha a chur inti. Céasphian. Tabhairt le fios go brúidiúil di í meallta. Mearghrá baoth na hóige: meallta ag léachtóir meánaosta a raibh a chiabh mar bhroc.

Scanródh sin í. D’imeodh faoi dheifir. Mearbhall uirthi ag imeacht. Thitfeadh dá rothar b’fhéidir. Ceann náire, ceann deargnáire.

A saol millte ceann tamaill ar aon nós. An trú. Bliain eile le caitheamh aici, ina rang seisean. Bheadh ceann faoi uirthi. Bheadh éalú uaithi. Ghabhfadh ag ceilt-theitheadh uaidh ins gach siúltán, ins gach bealach; ag casadh isteach bearnaí agus crosairí; gan tógáil a dearca fána chuairt.

Ach níorbh aon phéist í, ach ógbhean álainn suáilceach. Ar ghéarthrua millteach é a gcaidreamh a dhíothú. Cén caidreamh ba naofa ná an caidreamh idir fear is bean? Pé ar bith cén aois!

Dá bhféadfadh sé guaim is treoir a choinneáil, rud a bhí aige, fear fásta, a dhéanamh. Rud a shíl sé ina acmhainn go dtáinig a bua sise. I ndiaidh na léachta deiridh shíl sé an choimhlint leis arae ba léacht mhaith an léacht sin aige. Bhí sé an-tsásta i ndiaidh na léachta sin ar léacht bhríomhar mheanmnach scafánta í, dar leis. Istigh ag an léacht sin b’eisean ba mháistir gan dabht; níor stríoc óna súile nó ó shúile duine ar bith. Murab ionann is léachtanna roimhe sin inar chaill sé uchtach i ngeall ar shúile. Cathanna caillte ba ea na léachtanna sin ach ba chath mór gnóite an ceann deireanach a d’fhága réidh é an cogadh a fhógairt aige. Ailliliúia, níor ghá a n-amhairc súl a bheith ina luichíní is cait feasta. Ach ina scafáilleacht chiúin bheomhar . . .

An cailín álainn a dtug sé grá di ina bríste veilbhite gorm! Ina bróga gleoite sála-arda. Sálaí-éadroma. Sálaíchaolcheolmhara. A héadan solsnasta. A gruaig ina póigíní. A ceathrúintí folláine beo. A ceathrúintí daithbheo!

A liopaí caola. Deasa. Dearg-dheargbhána. Ba mhór an t-ealaíontóir a chum, chomh néata, chomh tinneasnach álainn. A chuir an dath.

A sclóin óg ghlan, neamhthruaillithe. Gan ailse, gan fochas fós ina pis. Go fiú is mura maighdean.

Ógbhantiarna. Ógmháistreás. Ógbhanríon. Ag cur a rothar ag gluaiseacht; ag iomramh ar bharr uisce. Ag strapadh sráide. Í ag baint scothaoibhnis is pléisiúir as an lá deas samhraidh. An ghrian, an ghleoiteacht ghaoithe, an t-aer lánúr cumhra ag gabháil go suáilceach ar a mínchneas slán.

‘Aoibhinn beatha an ghearrchaile lena moing phreabach, lena béal, lena cíocha, lena ceathrúintí, lena sclóin.’

Collaíocht mar lárionad sa chaidreamh draíochtúil tráill idir fheara is mná. Ach níor ghá go mb’ionann collaíocht agus buaileadh craicinn amháin. Séard a bhí inti,  206 PÁDRAIC BREATHNACH Pádraic Breathnach Rogha comrádaíocht, síol, gin agus fás. An bréagadh álainn síoraí idir fheara is mná chuir sé inscne ina chumhrán beatha ag pléascadh áthais fuid an tsaoil. Ba í an t-aon fhallaing bheo dhídeanach a bhí ann.

Cad chuige más ea nár thug sé cuireadh isteach ina oifig don bhláthchaile mhíonla seo agus ligean di gabháil don ríméad ba dual di? An doras a dhúnadh ina diaidh, an solas a chur as, ’gus ligean don tine fadú? Greim bhog bharróige a fháil uirthi, a héadan luan laoich a chur lena éadansan, í a líochán lena theanga amhail máithreach a lao nuabheirthe; a lámha a chur ina folt fionn ’gus na pansies inti a chomhaireamh; priocanna dá béilin cruinn; a mamaí a chur chuige; a ceathrúintí a ligean lena mhása; fáisceadh, ’gus ligean don teannas scaoileadh ar nós an drochaeir bhréan as bolg a rothair thollta?

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar – Rogha Scéalta (Dritheanna)'

  • Ruairi s. O'Donaill

    BHAINEAS AN-THAITHNEAMH AS AN SCEAL — DRITHEANNA — LE PADRAIC BREATHNACH. TAISPEANANN SE GO SOILEIR GUR FEIDIR LEIS AN UDAR DOMHAN SAMHLAIOCHTA DA CHUID FEIN A CHRUTHU ATA IONCHREIDTE AGUS AR TINNEALL LE TUIGSINT AR AN NEACH DAONNA!