FOCAL IS FUAIM: Seán Ó Leocháin ag léamh as a cnuasach filíochta Cloch Nirt: Rogha dánta agus dánta nua (Cló Iar-Chonnacht 2011)

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é Seán Ó Leocháin atá againn

SeanOLeochain

Tá na dánta seo le Seán Ó Leocháin tógtha ón leabhar Cloch Nirt: Rogha dánta agus dánta nua (Cló Iar-Chonnacht 2011) ina bhfuil dánta a foilsíodh le dhá scór bliain i gcnuasaigh éagsúla bailithe le chéile i leabhar amháin.

as An Dara Cloch (1969)

Cloig

Meas tú an de bharr
an oíche a bheith chomh ciúin,
an t-aer a bheith chomh socair,
a chloisim féin anocht
mar dhea den chéad uair riamh
dhá chlog an bhaile
ag bualadh i dteannta a chéile,
clog ár séipéil féin
is clog an champa eile?
Nó meas tú an dá bharr
atá mo chroí ar mire,
go gcloisim féin, anocht
den chéad uair riamh,
an dá theanga iarainn
ag labhairt is ag freagairt a chéile,
beirt sheanchomrádaithe ag urnaí
faoi dhíon ciúin na spéire?

Muineachán, 1968

as Idir Ord agus Inneoin (1977)

Ciste

Más airgead bréige go léir
na boinn i mo phóca
is an t-airgead páipéir,
an saothar in aisce mo shaothar
is gan cianóg rua i mo chuntas?

Gáire a dhéanann faoi mo stór
an bainisteoir bainc
agus an fear gaimbín.
Sparán chomh teann ní háil leo –
b’fhearr bheith ar phócaí folmha.

An canúint i dteanga an airgid
mo phunt is mo phingin
a taisceadh le cúram
nó an scillingí suaracha a bhásaigh
is nach bhfeicfear i bhfoclóir ar bith?
Beidh fiacha le glanadh ar ball
is an t-airgead tirim
ag lucht an rachmais –
nó an mise amháin a fhéadfaigh
íoc ar an tairne an lá sin?

Lámha

do Shéamus Ennis

Ba iad lámha an mhairbh do lámha
ag seinm na píbe aréir –
ach na méara fada cnámhacha
má b’iasacht méar ón alltar,
binneas agus glaine do cheoil
faoi fhraitheacha an tí ba dhídean.

Níor leatsa amháin an ceol –
bhí scata a d’éag ag seinm.
Bhí lámh ag mac bádóra ann,
an slabhra ceoil dár gceangal.
Bhí lámh ag pianta mná ann
is ag fir sa chré ag tochailt.

Gleic an bháis do ghleic
ag plé le tost is uaigneas
agus sine an cheoil á crú
ag lámha cliste eolacha.
Ach dos is seamsúr chomh haerach
ní geall in aghaidh na tubaiste.

Lámha beaga a bhí ar m’athair
ag iompar málaí sa stáisiún
agus fágadh de cheangal ar mo lámhsa
dílseacht, ceird agus uaigneas –
tréithe a fheicim i do cheolsa
is sna lámha mharbha ar d’uirlis.

as Bindealáin Shalaithe (1989)

Cín Lae

Rudolf Hess ag an mbord ina chillín,
na focail ag titim ó ghob a phinn
is na focail ag máirseáil i gcúl a chinn

má thug a cheart ar deireadh dó
agus rúin an chogadh is rúin a chroí
i ngach líne is abairt le meabhrú go cruinn,

arbh fhiú dó an iarracht, an saothar nár lig
maoir an phríosúin chun solais riamh
is a bhfaca sé is ar chuala sé

is ar chreid sé lena linn
le dó go hoifigiúil leis an bhfeall a d’fhill
ó sheas sé leis an bhfocal a bhí acu laistigh

de na leathanaigh smeartha á scriosadh, le faitíos
gurbh í an fhírinne as a riocht iad
nó gurbh í an fhírinne amach is amach iad?

Fionnachtain

Dul tharat, b’in ul
thar an domhan á chruthú,

thar chumhacht neamhcheadaithe
is cé gur bhreathnaigh tú orm go leanbaí

is tú cromtha cois na tine
a bhí nua-lasta nua-aimsithe

agat féin is ag beirt ghasúr
a bheannaigh dom go mearbhlach,

bhí tarcaisne ar leith i do shúil
amhail is dá dtiocfá, a ghearrchaile,

ar rún a bhí ceilte ar chách
is ó dhúisigh an mhíorúilt faoi do lámh

tá fad agus leithead nua ionat
sa chaoi is nach léir cé acu is mó,

do chumhacht féin ar an tine
nó cumhacht an tine ort.

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Seán Ó Leocháin ag léamh as a cnuasach filíochta Cloch Nirt: Rogha dánta agus dánta nua (Cló Iar-Chonnacht 2011)'