Tháinig méadú 12% ar an líon daoine a thug cuairt ar focloir.ie in 2019, bliain inar thug 2,086,579 duine cuairt ar an suíomh.
Focal beag trí litir ba mhó a bhí á chuardach acu.
Chuir foireann an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge liosta ar fáil do Tuairisc.ie den 100 focal is mó cuardach in 2019 agus ar bharr an liosta sin tá an focailín beag Béarla for, réamhfhocal agus cónasc, a bhfuil an-úsáid ann sa mBéarla agus a dtarraingíonn an leagan Gaeilge (do, le haghaidh, faoi srl) de cuid mhaith cainte i measc na ndea-Ghael.
Ní haon iontas mar sin go bhfuil 26 mír faoin bhfocal ‘for’ ar an suíomh.
Seo an tríú bliain ag an bhfocal ‘for’ ag barr an liosta agus an gradam sin aige ó sciob sé ó ‘grandma’ é in 2017.
Ar na focail eile a raibh leagan cruinn Gaeilge dóibh á chuardach ag úsáideoirí bhí an ceann a choinníonn an saol beo, love, a bhí sa dara háit agus gné éigin de á lorg ag breis is 18,000 duine.
Go, app, to, play, be, hello agus get na focail eile a bhí sa ‘top 10’ i mbliana. Spéisiúil go leor is beag nach iad na focail chéanna a bhíonn ag déanamh tinnis do dhaoine ó bhliain go bliain, agus is léir go mbíonn fuascailt le fáil ag daoine sna frásaí ar www.focloir.ie ó thaobh úsáid chuí na bhfocal sin i gcomhthéacsanna éagsúla teanga.
Agus foclóir Phádraig Uí Mhianáin le foilsiú ag Foras na Gaeilge mar leabhar in 2020, údar suntais gur ar an bhfón póca a sheiceálann 60% de na húsáideoirí an suíomh focloir.ie. Ag Oireachtas na Samhna 2015 a seoladh aip an fhoclóra. Duine as ceathrar a bhain leas as ríomhairí deisce le teacht ar an suíomh in 2019.
Bíonn an-fháilte ag foireann focloir.ie roimh aiseolas ó na húsáideoirí agus is de bharr an aiseolais sin a chinnteofar go gcuirfear téarmaí a bhí in easnamh leis an bhfoclóir amach anseo.
Sibhse a d’airigh uaibh leaganacha Gaeilge ar fire jumping, active learning, rugby ball agus success criteria, foighdigí oraibh, gealltar dúinn go bhfuil siad ar an mbealach.
Caitheann daoine thart ar sheacht nóiméad ar an meán ar foclóir.ie in aghaidh na cuairte agus is in Éirinn atá 72% de na cuairteoirí sin. I Meiriceá atá 16% d’úsáideoirí foclóir.ie ag cuardach leo, tá breis is 25,000 san Astráil, 5,000 san Ísiltír, san India agus sa Spáinn.
Tá súil againn go mbeidh Nollaig Ghaelach freisin ag an seachtar i Mailí, sa Bhurúin agus sa Táidsíceastáin a bhíonn ag póirseáil i dtobar na Gaeilge ar an suíomh.
An tráth seo den bhliain is beag an t-iontas gur present, surprise, reindeer, Santa, December agus Christmas tree is mó a raibh cuardach orthu i mí na Nollag.
Ceann eile de na rúin atá ar eolas ag lucht focloir.ie ná na focail is minice a litríonn muid mícheart i mBéarla agus muid ag cuardach sa bhfoclóir – aswell, alot. seperate, excercise, pronounciation, fourty, infront, recieve, suprise agus skillful.
Thug breis is 1.8 milliún duine cuairt ar an suíomh teanglann.ie i mbliana, méadú 29% ó 2018 agus chaitheadar breis is 6 nóiméad in aghaidh an tseisiúin ar an suíomh sin.
Lá Chinn Bliana 2013 a sheol Foras na Gaeilge focloir.ie nuair a cuireadh an t-ábhar ar fáil saor in aisce agus in oiriúint do ríomhairí deisce agus do ghléasanna soghluaiste agus áirítear tionscnamh an fhoclóra ar cheann na tograí is fiúntaí agus is éifeachtaí i saol na teanga.
Tá an leagan clóite den fhoclóir á chur in eagar faoi láthair agus súil é a bheith ar an margadh in 2020.
Iontráil | Iomlán | Iontráil | Iomlán | Iontráil | Iomlán | ||
---|---|---|---|---|---|---|---|
for | 30650 | fuck | 10700 | art | 8380 | ||
love | 18894 | find | 10632 | read | 8345 | ||
go | 18450 | the | 10632 | when | 8336 | ||
app | 18136 | hope | 10369 | teacher | 8290 | ||
to | 17842 | life | 10307 | future | 8252 | ||
play | 17365 | that | 10257 | experience | 8196 | ||
be | 15995 | after | 10108 | come | 8186 | ||
hello | 15904 | say | 10082 | watch | 8165 | ||
get | 14266 | time | 10048 | problem | 8163 | ||
help | 14183 | dog | 9972 | home | 8128 | ||
about | 14043 | miss | 9926 | book | 7991 | ||
fun | 13733 | moon | 9919 | leave | 7966 | ||
family | 13318 | sister | 9897 | close | 7932 | ||
do | 13011 | with | 9883 | gym | 7897 | ||
like | 12967 | think | 9863 | summer | 7881 | ||
from | 12947 | so | 9624 | party | 7876 | ||
of | 12916 | work | 9576 | first | 7850 | ||
show | 12725 | good | 9539 | live | 7796 | ||
in | 12559 | walk | 9440 | back | 7752 | ||
irish | 12224 | take | 9396 | unfortunately | 7697 | ||
beautiful | 12057 | by | 9350 | congratulations | 7559 | ||
interesting | 11926 | look | 9213 | if | 7508 | ||
brother | 11716 | want | 9191 | a | 7423 | ||
have | 11613 | funny | 9184 | because | 7322 | ||
see | 11511 | different | 9161 | song | 7307 | ||
happy | 11392 | kind | 9062 | year | 7158 | ||
before | 11359 | start | 8991 | mean | 7090 | ||
change | 11272 | last | 8963 | a+lot | 7072 | ||
give | 11224 | learn | 8925 | on | 7041 | ||
is | 11194 | house | 8843 | sleep | 7029 | ||
important | 11084 | call | 8615 | winter | 6960 | ||
need | 10924 | excited | 8603 | enough | 6958 | ||
enjoy | 10855 | also | 8481 | nice | 6952 |
Fág freagra ar 'Focal beag trí litir ba mhó a bhí á chuardach ar foclóir.ie i mbliana…'