Flanagan, Walsh agus Carthy tofa triúr agus Casey caillteach

Tá deich gcinn den 13 suíochán i dtoghcháin na hEorpa líonta agus an comhaireamh thart i dtoghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt

Flanagan, Walsh agus Carthy tofa triúr agus Casey caillteach

Toghadh chun Parlaimint na hEorpa tráthnóna i dtoghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt an Neamhspleách Luke ‘Ming’ Flanagan, Maria Walsh, Fine Gael, agus an feisire Eorpach de chuid Shinn Féin Matt Carthy. 

Toghadh ó dheas tráthnóna iarrthóir Fhianna Fáil Billy Kelleher nuair a fuair sé ualach vótaí aistrithe óna leathbhádóir Malcolm Byrne, rud a d’fhág chun cinn é ar an neamhspleách Mick Wallace.

Ba é scéal mór an tráthnóna i dtoghlach an Deiscirt, áfach, ná an cual vótaí a fuair Deirdre Clune, Fine Gael, ó fhear Fhianna Fáil.  D’fhág sin chun cinn í ar Grace O’Sullivan Chomhaontas Glas agus ar an bhfeisire Eorpach Gaeltachta ó Shinn Féin, Liadh Ni Riada. 

97,935 a bhí ag Clune, 96,095 a bhí ag O’Sullivan agus 95,573 ag Ní Riada agus farasbarr Kelleher le roinnt.

Ní bheidh an té a gheobhaidh an cúigiú suíochán ag dul chun Parlaimint Strasbourg nó go bhfágfaidh an Bhreatain an tAE, má tharlaíonn sin.

Bhí an t-iarrthóir eile de chuid Fhine Gael i dtoghlach an Láir Tíre- an Iarthuaiscirt, Mairéad McGuinness, ar an gcéad duine a toghadh sna toghcháin Eorpacha nuair a rinne sí an beart ar an gcéad chomhaireamh. Toghadh inné i dtoghlach an Deiscirt an feisire Eorpach de chuid Fhine Gael, Seán Kelly.

Chríochnaigh an comhaireamh deireanach, an tríú comhaireamh déag, i dtoghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt tráthnóna nuair a bhí vótaí Brendan Smith, Fianna Fáil, roinnte. 

Nuair a roinneadh vótaí Shaoirse McHugh, Comhaontas Glas, níos luaithe inniu fuair Maria Walsh, Fine Gael, 15,825 de na vótaí sin, vótaí a chuir chun cinn í ar Matt Carthy Shinn Féin den chéad uair ó thosaigh an comhaireamh ar an Domhnach. Fuair an t-iarrthóir Neamhspleách Luke ‘Ming’ Flanagan, 15,441 ó Shaoirse McHugh, beart a d’fhág Flanagan i bhfoisceacht 6,000 vóta den chuóta, 118,986. 

Bhí Matt Carthy 22,000 chun cinn ar Peter Casey faoin am ar tosaíodh ar dháileadh vótaí Brendan Smith tráthnóna agus beidh fear Shinn Féin ag triall ar Pharlaimint na hEorpa in éineacht le Flanagan agus Walsh.

Ag labhairt dó ag an gcomhaireamh i gCaisleán an Bharraigh dúirt Peter Casey, a tháinig sa chúigiú háit, go raibh sé beagnach cinnte go seasfadh sé sa chéad olltoghchán eile i nDún na nGall agus go raibh an chuma air gur daoine a bhí ag iarraidh go mbeadh níos mó cumhachta ag an AE a bhí á dtoghadh. A mhalairt a bhí uaidh féin, a dúirt sé. Dúirt sé nach dtabharfadh sé polaiteoir air féin go mbeadh sé tofa.

Fág freagra ar 'Flanagan, Walsh agus Carthy tofa triúr agus Casey caillteach'