FÍSEÁN: ‘They are trying something new, it’s different, it’s exciting.’ 19 bliain ó shin, a athraíodh ‘TnaG’ go ‘TG4’

Cothrom an lae seo, an 4 Lúnasa 1999, agus é beagnach trí bliana ar an bhfód, d'athraigh TnaG nó 'Teilifís na Gaeilge', a ainm go TG4. Tuairiscíodh go raibh ainm an stáisiúin Ghaeilge á athrú mar chuid den iarracht a lucht féachana a mhéadú agus an stáisiún a chur chun cinn mar cheann de na ceithre phríomhchainéal teilifíse sa tír. Tá an mhír nuachta seo curtha ar fáil arís ag Cartlann RTÉ.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘They are trying something new, it’s different, it’s exciting.’ 19 bliain ó shin, a athraíodh ‘TnaG’ go ‘TG4’'