FÍSEÁN: ‘Tá mé thuas anseo!’ a bhéic an Gaeilgeoir i nDáil Éireann

B’éigean don Teachta Dála Marc Ó Cathasaigh a ghlór a ardú le go bhfeicfí é sa Dáil inné

FÍSEÁN: ‘Tá mé thuas anseo!’ a bhéic an Gaeilgeoir i nDáil Éireann

Bhí seans leis an Teachta Dála Marc Ó Cathasaigh go bhfuair sé deis chainte sa Dáil inné, an lá céanna ar thug a chomhghleacaí Catherine Martin a céad phíosa cainte uaithi mar aire.

“Tá mé thuas anseo!” a scairt an Teachta Dála ó na suíocháin is airde san Ionad Comhdhála, mar a mbíonn an Dáil ar siúl faoi láthair de bharr na rialacha faoin scoitheadh sóisialta.

Bhí an Teachta Dála as Port Láirge chomh fada sin ón gCeann Comhairle gníomhach, Bernard J Durkan, gur ar éigean go raibh an Teachta Dála de chuid Fhine Gael in ann é a dhéanamh amach.

Ach ní ar Durkan amháin a bhí sé. Tamall beag ina dhiaidh sin, bhí ar an gCeann Comhairle Seán Ó Fearghaíl leithscéal a ghabháil leis an nGaeilgeoir anairde ar an lochta mar nach bhfaca sé ach oiread é.

D’éirigh le Marc Ó Cathasaigh a chuid a rá, áfach, agus bhí formhór a raibh le rá aige i nGaeilge.

Meastar go gcosnaíonn sé €25,000 in aghaidh an lae an tIonad Comhdhála a úsáid d’imeachtaí na Dála agus an tSeanaid.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Marc MacSharry, an tseachtain seo, gur “cur amú mór airgid” a bhí ann agus go bhféadfaí an obair a dhéanamh go sábháilte i dTeach Laighean.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Tá mé thuas anseo!’ a bhéic an Gaeilgeoir i nDáil Éireann'