FÍSEÁN: ‘Irish is again safely penned in’: Mícheál Ó Muircheartaigh ag trácht ar oidhreacht Chathail Uí Shándair

Cothrom an lae seo fiche bliain ó shin, ar an 18 Feabhra 1996, cailleadh an t-údar Cathal Ó Sándair. Sa tríú físeán i sraith a dhéanann ceiliúradh ar a shaothar, cuirtear faoi agallamh an craoltóir aitheanta Mícheál Ó Muircheartaigh

20 bliain ó shin, ar an 18 Feabhra 1996, cailleadh an scríbhneoir Cathal Ó Sándair (1922-1996). Meastar gur 160 leabhar a scríobh sé agus deir an t-údar Alan Titley gurb é a rinne an ‘gníomh aonair pinn is éachtaí i stair an úrscéil Ghaeilge’.

As seo go ceann trí lá, déanfar comóradh ar Tuairisc.ie ‘ar an scríbhneoir Gaeilge is bisiúla a rinne freastal ar an aos óg’.

Foilsítear anseo an tríú ceann de thrí cinn d’fhíseáin a rinne mac Chathail, Joe Saunders, in ómós dá athair. San fhíseán seo cuirtear faoi agallamh an craoltóir aitheanta Mícheál Ó Muircheartaigh. (Ceamara:Paschal Brooks)

Ina leabhar An tÚrscéal Gaeilge bhí an méid seo le rá ag Alan Titley faoi Ó Sándair:

“Is é gaisce scríbhneoireachta Chathail Uí Shándair an gníomh aonair pinn is éachtaí i stair an úrscéil Ghaeilge. Ní thagann aon scríbhneoir eile úrscéalta i ngiorracht tobar dúigh dó ó thaobh toirte, iomadúlachta nó raidhse a shaothair. . . .

“Má bhí an céad éigin úrscéal a scríobh sé dírithe ar an aos scoile, agus margadh rialta le fáil acu ina measc dá réir, féachadh ar a shaothar mar chloch bhunúsach san iarracht leanúnach a bhí ar siúl gnáthléitheoireacht a sholáthar go rialta don ghnáthléitheoir.”

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Chathal Ó Sándair anseo.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Irish is again safely penned in’: Mícheál Ó Muircheartaigh ag trácht ar oidhreacht Chathail Uí Shándair'