FÍSEÁN: ‘Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge, an bhó agus an giorria ar phas nua na hÉireann’

Tá suirbhé seolta ag an Rialtas le tuairimí a fháil faoin dearadh nua ba mhaith linn a fheiceáil ar na pasanna nua

FÍSEÁN: ‘Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge, an bhó agus an giorria ar phas nua na hÉireann’

Moladh i dTeach Laighean an tseachtain seo go mbeadh an Ghaeilge, an bhó agus an giorria lárnach sa dearadh nua a bheidh le feiceáil ar phasanna na hÉireann.

Ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge a rinne an Teachta Dála Éamon Ó Cuív an moladh faoi na hainmhithe dúchasacha a bheith mar chuid den athdhearadh nua a bheas ar phasanna

Dúirt sé ag an chruinniú chomh maith go mbeadh sé “fíorthábhachtach” go mbeadh “an seasamh céanna” ag an Ghaeilge ar an phas nua.

“Ceist féiniúlachta” atá ann an Ghaeilge a bheith ar phas na hÉireann, a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

“Fiú don duine nach bhfuil dhá fhocal Gaeilge aige is ceist féiniúlachta don tír é agus taispeánann sé gur tír faoi leith muid,” arsa Ó Cuív.

Tá suirbhé seolta ag an rialtas le tuairimí a fháil faoin dearadh nua ba mhaith linn a fheiceáil ar na pasanna nua.

Tá rogha ag daoine an suirbhé a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla agus beidh tuairimí daoine á lorg faoin téama ‘flóra agus fána na hÉireann’, ceann de na téamaí atá á mheas ag foireann deartha sa Roinn Gnóthaí Eachtracha faoi láthair.

Mhol an Teachta Dála Ó Cuív go mbeadh dearadh “an bhó”, atá lárnach sa Táin Bó Cuailnge agus “an giorria”, ainmhí eile atá go mór sa bhéaloideas, le feiceáil ar an phas nua.

“Cén fáth bó ag am nuair atá daoine ag iarraidh fáil réidh leis na beithígh?

“Bhí an bhó lárnach i litríocht na hÉireann ag dul i bhfad siar go dtí an chianaimsir. Ba é an t-airgead a bhí ann ná beithígh.

“An dara rud a bhí ann ná an giorria. Aríst, thar a bheith lárnach i seanstair agus i seanscéalta,” ar sé.

Maidir le bláthanna agus plandaí, dúirt Ó Cuív go mbeadh sé “fíor-úsáideach” breathnú ar logainmneacha.

Ar na foinsí logainmneacha a bheadh oiriúnach, luaigh sé na focail “cuileann” agus “dair”, atá “chuile áit sa tír”, a dúirt sé.

Mhol an Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta go ndéanfaí flóra agus fána “a cheangal leis an dúchas” agus go mbeadh “loighic stairiúil seanchais” ag baint leis an dearadh ar na pasanna nua.

Mhol Conradh na Gaeilge chomh maith go ndéanfaí ceiliúradh ar “oidhreacht dhúchasach Ghaelach” na tíre san athdhearadh atá le déanamh ar phasanna na hÉireann.

Molann an tÚdarás Eitlíochta Sibhialta go ndéanfaí uasdátú ar na gnéithe sábháilteachta a bhaineann leis an phas gach tréimhse 7-10 mbliana.

‘Cultúr agus stair na hÉireann’ an téama a roghnaíodh don dearadh atá le feiceáil ar an phas reatha, a seoladh in 2013.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge, an bhó agus an giorria ar phas nua na hÉireann’'

  • giorria
  • Gabriel Rosenstock

    Mholfainnse an sionnach.

  • Pádraig O'hEipicín

    Éamon O’ Caoimh, Maith thú.

  • Sibéal

    TRANSPORT FOR IRELAND a mholann an Rialtas Buan le cead FFFG

  • An Teanga Bheo

    An Teanga Gaeilge …………. tug céim suas dí “teanga cheart na nGael ” sin é