Físchruinnithe, bealach fíoréifeachtach chun gearradh siar ar an astú CO2

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Cur amú ama, airgid agus CO2 a bhíonn i gcruinnithe a eagraítear ar an láthair. Cén fáth nach leanfadh eagraíochtaí Gaeilge a mbíonn a mbaill lonnaithe i bhfad óna chéile nós na bhfíschruinnithe?

Físchruinnithe, bealach fíoréifeachtach chun gearradh siar ar an astú CO2

Ghlac an Saoithín Aeráide páirt i sraith cruinnithe in Éirinn le deireanas, cruinnithe a bhain le cúram eile a bhíonn air seachas a bheith ag seanmóireacht faoi chúrsaí aeráide. Físchruinnithe a bhí sna cruinnithe sin ar ámharaí an tsaoil – murach sin, ní bheadh ar chumas an tSaoithín, a bhfuil cónaí air thar lear, a bheith i láthair ar chor ar bith. Bhí buntáiste ag baint leis na físchruinnithe do na rannpháirtithe eile, a bhfuil cónaí orthu in áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann, leis. Ní raibh orthu am agus airgead a chur amú ag tiomáint. Ní raibh orthu CO2 a chur san aer ach oiread.

Rinne an Saoithín Aeráide roinnt suimeanna. Seisear a bhí páirteach sna cruinnithe ar ghlac sé páirt iontu. Dá nglacfaí leis go mbeadh cónaí air féin i nGaillimh (mar a bhí nuair a bhíodh cónaí air in Éirinn) bheadh cónaí ar thriúr den seisear sin i gContae na Gaillimhe agus luíodh sé le réasún gur sa chontae sin a reáchtálfaí na cruinnithe. Bheadh ar an triúr eile a mbealach a dhéanamh as Corcaigh, as Luimneach agus as Béal Feirste. 1,370 ciliméadar san iomlán a chuirfeadh an triúr sin uathu, go Gaillimh agus ar ais, le freastal ar chruinniú amháin. Bhí trí chruinniú ann, rud a dfhágfadh go mbeadh 4,110 ciliméadar san iomlán i gceist. Dá nglacfaí leis gur charranna meánmhéide a bheadh á dtiomáint ag an triúr sin agus gur charranna peitril iad, bheadh an triúr acu tar éis 692 cileagram CO2 a chur san aer díreach ar mhaithe le freastal ar an tsraith cruinnithe sin.

Ar ndóigh, ag brath ar an gcineál cruinnithe, uaireanta is gá bualadh le daoine ar an láthair. Ní fhéadfaí a bheith ag súil go nglacfadh duine páirt i bhfíschruinniú a mhairfeadh an lá ar fad, agus bíonn ceisteanna príobháideachais nó rúndachta le cur san áireamh freisin. Sin ráite, sa lá atá inniu ann, is cur amú ama, airgid agus go deimhin CO2 a bhíonn i gcruinnithe a eagraítear ar an láthair ach a dfhéadfaí iad a eagrú mar fhíschruinnithe.

Sa tSualainn, tá reachtaíocht á cur i bhfeidhm faoi láthair a thugann ar chuile eagras stáit sa tír sin gearradh siar ar a n-aschur CO2. Tá físchruinnithe mar dhlúthchuid den phróiseas sin. Cén fáth nach leanfadh eagraíochtaí Gaeilge – a mbíonn a mbaill lonnaithe i bhfad óna chéile go minic de bharr a scaipthe amach is atá pobal na Gaeilge  – an sampla sin? 

Fág freagra ar 'Físchruinnithe, bealach fíoréifeachtach chun gearradh siar ar an astú CO2'

  • Eoghan Ó Néill

    Ceart iomlán agat Alex, cinnte d’fhéadfaí cruinnithe éifeachtúla a eagrú ar skype.