Filí na Gaeilge agus na Palaistíne, dráma nua le Micheál Ó Conghaile, ceol le ‘doecas’ agus ‘Cluas eile’

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

Filí na Gaeilge agus na Palaistíne, dráma nua le Micheál Ó Conghaile, ceol le ‘doecas’ agus ‘Cluas eile’

DRÁMAÍOCHT

Dráma nua le Micheál Ó Conghaile Tigh Mholly

Beidh réamhléiriú den dráma nua, Dúmhál le Micheál Ó Conghaile, le feiceáil anocht, Déardaoin, i dTigh Mholly in Indreabhán. Is iad Cumann Drámaíochta Chois Fharraige a chuirfidh an dráma i láthair agus é á stiúradh ag Máire Ní Mháille.

Saothar nua atá ann atá bunaithe ar ghearrscéal le Liam Ó Flaithearta.

Is iad na haisteoirí Colm Joe Mac Donncha agus Eoghan Ó Riada a bheidh le feiceáil sna príomhpháirteanna.

Dúmhál ar cheann de na saothair a bheidh le feiceáil mar chuid den mhórléiriú Scéal na Gaillimhe a bheidh á chur ar stáitse ag Fíbín sa Taibhdhearc i gcomhar le Comhlacht Cultúir na Gaillimhe sa Taibhdhearc ar an 7 Aibreán.

PODCHRAOLTAÍ

‘Cluas eile’ ag podchraoltóireacht na Gaeilge

Is minic borradh nó bris na podchraoltóireachta á fhógairt ag na saineolaithe, ach níor thosaigh an phodchraoltóireacht Ghaeilge i gceart riamh. Díol suntais é mar sin nuair a thagann cúpla ceann nua acu ar an bhfód. Cúigear fear atá taobh thiar de Cluas Eile, cúigear cairde atá scaipthe ar fud na cruinne ach a thagann le chéile chun comhrá a bheith acu faoi chúrsaí an tsaoil, tógáil clainne, an ceol nó laethanta saoire.

Cúrsaí reatha agus cúrsaí polaitíochta atá faoi chaibidil ar Seachtain, podchraoladh de chuid an Irish Independent.

An t-iriseoir Ciarán Dunbar a bhíonn á chur i láthair agus agallaimh níos lú ná 20 nóiméad a bhíonn i gceist de ghnáth. Is maith ann an éagsúlacht seo mar iomaire bán, geall leis, atá sa phodchraoltóireacht Ghaeilge agus géarghá lena saothrú.

FÉILE

Léiriú ilteangach ag IMRAM ar shaothar file as an bPalaistín

Beidh an file Palaistíneach Marwan Makhoul ag léamh óna shaothar ag ócáid atá á léiriú ag IMRAM i gcomhar le Féile Leabhar Domhanda Chorcaí ar an 27 Aibreán.

Léiriú ilteangach ar shaothar an fhile a bheidh ann. Beidh Marwan féin ag léamh as Araibis, beidh leaganacha Béarla dá dhánta ag Raphael Cohen agus is iad Eibhlís Carcione, Louis de Paor agus Áine Uí Fhoghlú a chuirfidh na leaganacha Gaeilge i láthair. Beidh Keith Payne sa gcathaoir le haghaidh comhrá poiblí faoin aistriúchán liteartha.

Filíocht cheolmhar fhrithchogaidh a scríobhann Makhoul agus rithim na cantaireachta aige go minic agus é á haithris ó bhéal.

“Guth atá ionamsa a insíonn don phobal faoina bhféiniúlacht, agus a bhfuil déanta againn chun an fhéiniúlacht sin a chaomhnú, mar Phalaistínigh, mar Arabaigh,” a deir Makhoul faoina shaothar.

Ó thosaigh an cogadh in Gaza anuraidh, bhreac lucht agóide píosa as dán leis ar fhallaí ar fud an domhain – ‘chun go scríobhfainnse filíocht nach filíocht pholaitiúil í/ ní mór dom éisteacht leis an éanlaith/ agus chun an éanlaith a chlos / caithfidh na heitleáin chogaidh a bheith ina dtost.’

Tá Clár Fhéile Leabhar Domhanda Chorcaí le fáil anseo.

CEOL

Singil nua eisithe ag doecas agus a chéad EP ar an mbealach

Ceol a chothaíonn mothúchán teolaí, sábháilte, foscúil atá le cloisteáil ar an traic ‘Nest’ atá díreach eisithe ag doecas, togra ceoil le Cormac Ó Conaire, léiritheoir, dearthóir agus cainteoir Gaeilge as Baile Átha Cliath.

Meascán den cheol leictreonach agus den cheol acústach atá le cloisteáil anseo agus aireoidh tú an teannas sna guaillí ag imeacht le sruth agus tú ag éisteacht leis an traic bog croíúil seo.

Deir Cormac Ó Conaire gurb é “an chaoi a dtógaimid domhan timpeall orainn féin” a spreag an singil.

“Bailíonn muid craobhóga agus cleití chun tearmann sábháilte a chruthú. Tógann muid domhan timpeall orainn féin dóibh siúd a bhfuil grá againn dóibh. Sraith prionsabal agus luachanna a chosaint, [cinn] a gcreidimid iontu.”

Beidh an chéad EP de chuid doecas, The Omega Fold, á eisiúint ag tús mhí na Bealtaine agus beidh siad ag gigeáil i rith an tsamhraidh.

TEILIFÍS

The Completely Made-Up Adventures of Dick Turpin

Apple TV

Más maith leat seafóid agus más maith leat an sórt seafóide a bhíonn ag Noel Fielding, breathnaigh ar an tsraith is deireanaí leis an bhfuirseoir gotach, The Completely Made-Up Adventures of Dick Turpin.

Clár grinn atá ann atá deas éadrom. Feileann sé mar ábhar féachana ag deireadh an lae nuair atá do chloigeann réidh le pléascadh agus sos ag teastáil ó d’intinn.

Tá stíl na geamaireachta ag an tsraith seo atá bunaithe ar mhiotaseolaíocht an ghadaí bóthair Dick Turpin. Ní hionann agus Robin Hood, creidtear go bhfuil scéalta Dick Turpin bunaithe ar dhuine ceart.

Is ar Richard Turpin, a rugadh in Essex in 1705 agus a cuireadh chun báis i 1739 as gadaíocht capall, atá seanchas Dick Turpin bunaithe. Scríobhadh scéalta faoi eachtraí Turpin tar éis a bháis agus foilsíodh iad mar phaimfléid. Is cosúil go raibh an-tóir orthu agus d’fhás miotaseolaíocht mhór thart ar charachtar Dick Turpin ina dhiaidh sin.

Ba sheánra foilseachán iad na paimfléid a luigh áit éigin idir nuachtáin agus úrscéalta, sula raibh a leithéid de rud agus nuachtáin ná úrscéalta ann. D’fhéadfá a rá go raibh gráinnín den fhírinne iontu.

Tá an tsraith seo mar an gcéanna agus blaisín de na fíricí staire scaipthe tríd ach, mar a deir teideal an chláir, is eachtraí iad a cumadh go hiomlán as an nua.

Is clár é atá feiliúnach, nó sách feiliúnach, do dhaoine óga. Rátáil don aoisghrúpa 13 bliain d’aois, nó os a chionn, atá molta mar lucht féachana. Ceann gur féidir leis an gclann ar fad breathnú air le chéile.

LITRÍOCHT

Filíocht ó bhéal na Gaeilge ar an ardán idirnáisiúnta

Beidh file Gaeilge san iomaíocht den chéad uair ag Slam-O-Vision, comórtas beo filíochta a bheidh ar siúl i Manchain Shasana mí na Nollag seo chugainn. Beidh Cormac Mac Gearailt, ag déanamh ionadaíochta ar Bhaile Átha Cliath ag an gcomórtas idirnáisiúnta a eagraíonn Unesco Creative Cities of Literature.

Thug Mac Gearailt leis craobh na hÉireann den chomórtas le dán ó bhéal faoi dhífhoraoisiú na hÉireann.

Ciara Ní É, file ó bhéal eile a bhíonn ag cumadh i nGaeilge, a tháinig sa dara háit.

LEABHAR

Na ‘Bibeanna’ faoi chlúdach crua

Bibeanna agus Caipíní ar na sraitheanna is fearr a cuireadh amach ar TG4 ó bunaíodh an stáisiún. Mná Chorca Dhuibhne a d’inis scéalta a mbeatha in Bibeanna agus d’éirigh le hagallaimh iontacha Bhrenda Ní Shúilleabháin an stair shóisialta agus chultúrtha a chur inár láthair ar shlí mhealltach nádúrtha. Tá an leabhar dátheangach Bibeanna, bunaithe ar chuntais saoil 20 bean as iarthar Duibhneach, curtha ar fáil faoi chlúdach crua den chéad uair ag Mercier Press.

Bridget Bhreathnach agus Seán Tadhg Ó Gairbhí a chuir an colún seo in eagar

Fág freagra ar 'Filí na Gaeilge agus na Palaistíne, dráma nua le Micheál Ó Conghaile, ceol le ‘doecas’ agus ‘Cluas eile’'