Fíbín ar Trump agus seachtain mhór romhainn i dtoghchán na Stát Aontaithe

Tá vótaí poist á gcaitheamh ag daoine cheana i dtoghchán uachtaránachta SAM ach chuile sheans gur sa Chúirt Uachtarach a chríochnóidh an scéal

Fíbín ar Trump agus seachtain mhór romhainn i dtoghchán na Stát Aontaithe

Tá seachtain ghnóthach romhainn i bhfeachtas toghcháin na Stát Aontaithe. Oíche Dé Sathairn ainmneoidh Donald Trump an té atá á mholadh aige mar chomharba ar Ruth Bader Ginsburg mar bhreitheamh ar Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Seo ceann de na cumhachtaí is tábhachtaí dá bhfuil ag aon Uachtarán ar Mheiriceá – breitheamh a ainmniú ar an gCúirt Uachtarach. Tugann sé deis don uachtarán, duine a bhfuil meas aige air agus a chreideann sé a bheith cáilithe le haghaidh an phoist, a chur ag obair mar bhreitheamh sa gcúirt is cumhachtaí sa tír. Ar ndóigh, tugann sé deis don Uachtarán freisin duine a roghnú a bhfuil na tuairimí céanna aige leis féin agus an claonadh céanna ann i dtaobh ceisteanna sóisialta.

Go dtí seo, tá beirt ainmnithe ag Donald Trump, Neil Gorsuch agus Brett Kavanaugh. Tá deis aige anois an tríú duine a ainmniú, rud a chiallaíonn go mbeidh an tríú cuid de bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí ainmnithe ag an Uachtarán is conspóidí le cuimhne na ndaoine.

Tá fíbín ar Trump an breitheamh nua a ainmniú agus a chinntiú go mbeidh an t-ainmniúchán dearbhaithe roimh thoghchán na huachtaránachta.

Sin ainneoin Poblachtánaigh a bheith diongbháilte in 2016 nár cheart an próiseas a chur i gcrích sna deich mí dheiridh d’uachtaránacht Barack Obama. Chuir siad stop leis.

Ach tá neart ama anois ann, dar leo, leis an bpróiseas ainmniúcháin agus dearbhaithe a chur i gcrích. Agus tá práinn leis freisin i súile Trump. Tá chuile sheans gur sa Chúirt Uachtarach a thabharfar an próiseas toghchánaíochta chun críche níos déanaí i mbliana.

Tá toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe faoi lán seoil cheana féin. Gan trácht chor ar bith ar an ngéarchéim sláinte, tá go leor den phobal ag caitheamh a vótaí cheana féin tríd an bpost. Is gnáthnós é sin in áiteacha agus rud nua é in áiteacha eile.

Tá an tUachtarán ag maíomh ó thús go gciallaíonn an córas vótála poist go mbeidh caimiléireacht ann agus dá réir go gcaillfidh seisean an toghchán.

Níl aon bhealach eile lena chloí, dar leis. Anuas air sin, chuir an FBI faisnéis faoi bhráid an phobail an tseachtain seo a léiríonn, dar leo, go bhfuil níos mó cumhachtaí eachtrannacha ná riamh ag iarraidh a ladar a chur sa toghchán i mí na Samhna.

Níl na díospóireachtaí teilifíse tosaithe ar chor ar bith fós – beidh an chéad cheann ar bun Dé Céadaoin seo chugainn in Cleveland.

Tá go leor ábhar cásanna cúirte ann cheana féin agus creideann Trump féin gur sa Chúirt Uachtarach a shocrófar toradh an toghcháin. Creideann sé go mbeidh caimiléireacht ar bun maidir leis na vótaí poist agus go mbeidh fórsaí faisnéise eachtracha ag faire ar a seans an toradh a chur as a riocht

Meas tú an bhfuil údar lena imní? Is cinnte go bhfuil go leor dreamanna ann a mbeidh sé ag bagairt an dlí orthu mura dtaitníonn an toradh leis nó má tá fonn air moill a chur le cúrsaí.

Chuideodh sé leis dá réir an tríú breitheamh a mbeadh an fhealsúnacht chéanna aige nó aici agus atá aige féin a bheith ina shuí sa gCúirt Uachtarach.

Fág freagra ar 'Fíbín ar Trump agus seachtain mhór romhainn i dtoghchán na Stát Aontaithe'