LÁITHREACH BONN 24: Feisire Eorpach breise molta do thoghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt

Tá moladh déanta ag an gCoimisiún Toghcháin go n-aistreofaí Laois agus Uíbh Fháilí ó thoghlach an Deiscirt go dtí an toghlach láir tíre

LÁITHREACH BONN 24: Feisire Eorpach breise molta do thoghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt

Tá moladh déanta ag an gCoimisiún Toghcháin go mbeadh suíochán breise sna toghcháin Eorpacha i dToghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt.

Chomh maith le feisire Eorpach a bheith le toghadh ann, d’aistreofaí Laois agus Uíbh Fháilí ó thoghlach an Deiscirt go dtí an toghlach láir tíre.

Tá a gcuid moltaí don chéad toghchán Eorpach eile, a bheidh ar siúl mí an Mheithimh seo chugainn, curtha faoi bhráid an Oireachtais ag an gCoimisiún.

Beidh 14 feisire Eorpach ag Éirínn i ndiaidh an toghcháin, seachas 13.

Bhí próiseas comhairliúcháin poiblí  ann faoi na polaiteoirí aonair agus daoine eile a raibh suim san ábhar acu.

Deir an Coimisiún Toghcháin go bhfuil na moltaí ag teacht leis na riachtanais reachtúla a leagadh síos don athbhreithniú. Deir siad go mbeadh comhionannas “réasúnta” idir na toghlaigh éagsúla ó thaobh na hionadaíochta de.

Bheadh an t-athrú ag teacht chomh maith leis an riachtanas gur idir trí agus cúig shuíochán a bheadh i ngach toghlach agus leis an moladh go gcinnteofaí a oiread agus ab fhéidir nach mbeadh contaetha roinnte idir toghlaigh éagsúla.

Dúirt Cathaoirleach An Choimisiúin Toghcháin, an breitheamh sa chúirt Uachtarach, Marie Baker, gur éirigh leis an gcoimisiún a chuid oibre a dhéanamh “go pras”. Dúirt gur faoi bhaill Thithe an Oireachtais a bhí sé anois a machnamh a dhéanamh faoin moladh agus, má ghlacann siad leis, reachtaíocht a rith dá réir,

Na Toghlaigh Eorpacha atá molta Ceantar Feisirí Daonra 2022 Daonra in aghaidh an Fheisire
Baile Átha Cliath Dún Laoghaire- Ráth an Dúin, Fine Gall agus BÁC Theas, Cathair BÁC 4 1,458,154 364,539
Lár-tíre- an Iarthuaisceart An Cabhán, Dún na nGall, an Ghaillimh, Cill Dara, Liatroim, an Longfort, Lú, Maigh Eo, an Mhí, Muineachán, Ros Comáin, Sligeach, an Iarmhí, Cathair na Gaillimhe
Le haistriú isteach – Laois, Uíbh Fhailí
5 1,831,741 366,348
Deisceart Ceatharlach, an Clár, Corcaigh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann, Loch Garman, Cill Mhantáin, cathair Chorcaí, cathair agus contae Luimnigh, cathair agus contae Phort Láirge 5 1,859,244 371,849
Iomlán 14 5,149,139 367796

 

 

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN 24: Feisire Eorpach breise molta do thoghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt'