Féiniúlacht, ficsean agus cás Rachel Dolezal

Nuair a bhíonn grá agat do dhuine gorm agus dá mhuintir, tá sé dodhéanta gan do chuid féin a dhéanamh den fhulaingt a bhain lena gcine síos tríd na céadta

dolezal

Go pointe, tuigim do Rachel Dolezal, an gníomhaire ar son chearta phobal gorm Mheiriceá a spreag spéirling dhíospóireachta nuair a fuarthas amach nár dhuine gorm a bhí inti ach duine geal.

Go pointe, a deirim.

Tuigim go mbeadh fonn ar Dolezal, ceannaire an NAACP (eagraíocht phobal gorm Mheiriceá) i gcathair Spokane, Washington féiniúlacht an chine ghoirm a ghlacadh chuici féin.

Ní toisc go mbeadh buntaistí fostaíochta ag baint leis sin (ina cás áirithe féin) mar atá curtha ina leith ag go leor de na daoine a rinne cáineadh ar Dolezal i ndiaidh dá tuismitheoirí – geala – an cat a ligint as an mála.

Ach toisc go raibh Dolezal pósta ar fhear gorm.

Mar a bhí mé féin.

Nuair a bhíonn grá agat do dhuine gorm agus dá mhuintir, tá sé dodhéanta gan do chuid féin a dhéanamh den fhulaingt a bhain lena gcine síos tríd na céadta; go háirithe nuair a leanann an fhulaingt sin ar aghaidh sa lá atá inniu ann i bhfáinne fí de réamhchlaontaí agus easpa deiseanna.

Bhí mé daichead bliain d’aois inné. Ba mhó líon na ndaoine gorma ag an gcóisir bheag a bhí agam ná daoine geala. In ainneoin nach bhfuilim pósta ar an bhfear gorm a luaigh mé thuas a thuilleadh, is iad a mhuintir mo mhuintir Bhrasaíleach. Tugann a mháthair ‘mo mhaicín bán’ ormsa; bean ghorm í an bhean a dtugaim féin ‘mamó’ uirthi.

Ní nach ionann agus Rachel Dolezal, áfach, ní shéanaim gur duine geal mé. Tharla gur sa Bhrasaíl a bhí mé ar mo bhreithlá agus nach raibh deis ag mo mhuintir Ollainneach a bheith i láthair, ach an tAtlantach ba chúis leis sin seachas fadhbanna féiniúlachta.

Ar na cúiseanna pearsanta atá mínithe agam thuas, tuigim go mbeadh fonn ar Rachel Dolezal féiniúlacht ghorm a ghlacadh chuici féin.

Ní thuigim, áfach, gur cheap sí go n-éireodh léi.

Baintear geitín bheag asam gach uair dá mbreathnaím ar ghrianghraif ina mbím féin agus mo mhuintir Bhrasaíleach le feiceáil. D’uchtaigh siad mise, d’uchtaigh mise iad, úsáidimid gnáththéarmaíocht an teaghlaigh (‘mac’, ‘mamó’, ‘col ceathrair’, srl) chun cur síos a dhéanamh ar an ngaol eadrainn.

Ach pé gaol atá eadrainn, is léir don dall – agus domsa nuair a bhreathnaím ar ghrianghraif ina mbímid ar fad le feiceáil – nach gaol fola atá i gceist.

Mar sin féin, is féidir le duine dearmad a dhéanamh ar rud chomh follasach le dath a chraicinn i gcásanna mar seo, go háirithe nuair nach mbíonn grianghraf nó scathán os a chomhair: thíos faoinár gcraiceann, táimid ar fad mar a chéile. Agus luíonn sé le réasún go mbeadh fonn ar dhuine seasamh gualainn ar ghualainn lena mhuintir (uchtaithe) nuair a bhíonn leatrom á dhéanamh orthu sin.

Rinne Rachel Dolezal sin agus í ag troid ar son phobal gorm Mheiriceá, agus rinne mé féin an rud céanna nuair a d’inis mé scéalta phobal gorm na Brasaíle i mo leabhair Favela (Cois Life, 2009) agus Gonta (Cois Life, 2012.) Ní nach ionann agus Dolezal, áfach, níor lig mé orm féin riamh gur duine gorm mé ná gur urlabhraí mé ar son an chine ghoirm. Mar iriseoir a phléigh mé ceisteanna cine sa leabhar neamhfhicsin Favela agus nuair a ghlacaim glór an duine ghoirm chugam féin i ngearrscéal, mar a tharla i roinnt de na scéalta sa chnuasach Gonta, is léir don léitheoir gur ficsean atá á scríobh agam.

Mar is eol do chách, ceadaítear rudaí san fhicsean nach gceadaítear san fhíorshaol. Ach chuige sin, caithfidh léitheoir a bheith ar an eolas gur ficsean atá á chur faoina bhráid. Dá fhírinní féiniúlacht ghorm Rachel Dolezal ina haigne féin, theip uirthi a shoiléiriú dóibh siúd ina timpeall agus don saol i gcoitinne gur ficsean a bhí ann.

Fág freagra ar 'Féiniúlacht, ficsean agus cás Rachel Dolezal'