Feimineach a bhí i Mairéad Ní Ghráda nuair nárbh ann don téarma sin

Cérbh í Mairéad Ní Ghráda? Sin ceann de na ceisteanna a bheidh á gcíoradh ag Scoil Gheimhridh  a bheidh ar siúl in Inis chontae an Chláir an deireadh seachtaine seo

Feimineach a bhí i Mairéad Ní Ghráda nuair nárbh ann don téarma sin

Nuair a bhí mise ag dul ar scoil i mBealach a’ Doirín, bhíodh ainm Mhairéad Ní Ghráda ar na téacsleabhair ar fad, b’fhacthas dom. Má cheap mé rud ar bith faoi sin, is dócha gur cheap mé go raibh bean éigin ag obair sa Roinn Oideachais a bhí in ann gach rud a dhéanamh.

Ach cérbh í Mairéad Ní Ghráda? Bhuel, sin ceist a bheas á cíoradh agam le beirt saineolaithe, an Dr Éamon Ó Cíosáin agus an Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, oíche Dé hAoine, an 25 Eanáir ag Scoil Gheimhridh Merriman, in Inis i gContae an Chláir.

Ní raibh Mairéad Ní Ghráda ag obair ins an Roinn Oideachais ach d’oibrigh sí ins an iliomad áit eile. Bean cheannródaíoch, cinnte, a bhí inti. Ar na gairmeacha a bhí aici bhí: údar téacsleabhar, údar drámaí, láithreoir raidió, comhbhunaitheoir amharclainne, eagarthóir, oibrí sa Chéad Dáil, údar leabhar agus drámaí do pháistí. Agus bhí sí ina ball de Chumann na mBan agus Conradh na Gaeilge.

Shamhlófá b’fhéidir go raibh léargas seanfhaiseanta nó coimeádach aici de bharr go raibh sí gníomhach i dtús an fichiú haois. Ach ní raibh aon fhaitíos uirthi roimh ábhair chonspóideacha nó ábhair nua-aimseartha. Agus choinnigh sí uirthi ag obair go dtí gur bhásaigh sí i 1971.

Chuimhnigh mé uirthi le gairid agus plé á dhéanamh arís faoi ‘Leanaí Thuama’. Is le blianta beaga anuas a tháinig na scéalta truamhéalacha ar fad amach faoi mhná agus leanaí sna ‘Tithe Magdalene’ agus sna dílleachtlanna. Ach nuair a bhí Mairéad Ní Ghráda i mbun pinn ar a dráma clúiteach ‘An Triail,’ ba bheag caint a bhí déanta ag éinne go poiblí ar an ngné ghruama seo den saol in Éirinn.

Caithfidh sé go ndeachaigh an dráma i bhfeidhm ar dhaoine go mór nuair a céad léiríodh é ar an 22 Meán Fómhair 1964 mar chuid d’Fhéile Amharclainne Bhaile Átha Cliath.

Bhí léirmheastóir Times Shasana, Harold Hobson i láthair – agus fear ón Manchester Guardian freisin. Dúirt Hobson ‘As soon as it began, An Triail lit in me a candle of inspiration which was never put out….the cry, three times repeated (in Gaelic of course) …. ‘she is free, she is free, she is free’, touched me more nearly than anything else in this festival, or indeed any other’. (Sunday Times 29/09/1964).

Anois, ní raibh focal Gaeilge ag Harold Hobson ach sin mar a chuaigh an dráma i bhfeidhm air. Ba é Harold Hobson an léirmheastóir a chéad thug aitheantas do Harold Pinter nuair a bhí gach éinne eile ag caitheamh drochmheas air. Bhí cáil idirnáisiúnta, d’fhéadfá a rá, ar Hobson.

Agus céard faoi léirmheastóirí ag baile?

Nuair a léiríodh leagan Béarla den dráma ag Féile Amharclainne na Gaillimhe, spréach duine de na moltóirí Jim Fitzgerald agus dúirt gur ‘nasty, dirty play’ a bhí ann. Dúirt sé freisin ‘the play was a lie from the word go’. Dúirt moltóir eile i 1965,  nár chóir go mbeadh radharc suite i dteach striapachais agus ní hé amháin sin, ach nár chóir go léireofaí an dráma ar chor ar bith.

Bhuel anois, mar a deir an ceann eile, má tá tú ag fáil ‘flak’ is cinnte go bhfuil tú ag dul gar don sprioc. Níl seanfhocal agam a léiríonn é sin chomh maith céanna.

Ach ar aon nós, cothaíonn conspóid suim in ábhar. Is cinnte go mbeidh neart le rá ag an mbeirt atá ar an bpainéal anocht– An Dr Éamon Ó Cíosáin, garmhac le Mairéad Ní Ghráda a bhfuil go leor scríofa aige fúithi agus an Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh a bhfuil staidéar ar leith déanta aici ar an amharclann dhúchasach agus ar Mhairéad Ní Ghráda féin.

Léirigh Telefís Éireann leagan teilifíse den dráma ‘An Triail’ i 1965 agus chuireadar chuig Féile Teilifíse Bheirlín é. Ba é Michael Garvey (an fear a stiúir ‘Year of the French’) a léirigh agus a stiúir é. Bhí Garvey ina Stiúrthóir na gClár Teilifíse agus ina dhiaidh sin, d’oibrigh mé féin leis ar an tsraith Léargas.

Cé go raibh Mairéad Ní Ghráda gníomhach i gCumann na mBan, sa Chonradh agus in eagraíochtaí éagsúla nuair a bunaíodh an Stát, bhí sí in ann dúshlán an Stáit a thabhairt freisin. Feimineach a bhí inti nuair nárbh ann don téarma sin.

Agus cé go raibh bac ar mhná pósta leanacht orthu ag obair sa Státchóras, ar bhealach éigin bhí sí in ann leanacht ar aghaidh lena cuid oibre ar an raidió, san fhoilsitheoireacht, ag scríobh agus mar sin de.

Bhí an oiread sin bainte amach aici faoi na seascaidí go ndearnadh dearmad ina dhiaidh sin ar a gairm mar láithreoir raidió. Beidh mé ag súil a fháil amach cén sórt crot a bhí ar an bpost sin ag an am. Ba léir go raibh i bhfad níos mó i gceist ná casadh ceirníní agus an t-am a fhógairt. Agus bhí sé le maíomh aici nár ceapadh aon bhean ariamh roimpi in Éirinn ná i Sasana i bpost mar sin. Bhí i bhfad níos mó saoirse aici ná mar a bheadh ag craoltóirí an lae inniu agus bhain sí úsáid as gach cúnamh a bhí ar fáil – a clann san áireamh.

Ba as Contae an Chláir do Mhairéad Ní Ghráda – rugadh i gCnoc an Daingin, Cill Mháille í. Bhí Gaeilge fós ag roinnt daoine i gCo an Chláir ag an am. Bhí a hathair féin in ann ‘An Siota agus a Mháthair’ agus ‘Cúirt an Mheán Oíche’  a aithris. Beidh Éadaoin ag insint dúinn cé mar a chuaigh an traidisiún dúchasach i bhfeidhm ar shaothar Uí Ghráda.

Bhain Mairéad Ní Ghráda scoláireacht ollscoile amach agus d’fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, mar ar bhain sí BA agus MA (faoi Dhúbhghlas de hÍde) amach. Sna blianta ina dhiaidh sin d’oibrigh sí le hEarnán de Blaghd, Micheál Mac Liammóir, Siobhán Nic Cionnaith, Caitlín Maude, Fionnuala Flanagan, Tomás Mac Anna, Máirtín Ó Direáin agus go leor eile. Ní bheimid in ann ach léargas gairid a thabhairt ar an saol iomráiteach, gníomhach sin.

– Cuirfear tús anocht le Scoil Gheimhridh Merriman in Óstán an Old Ground, Inis. Is é téama na bliana seo ‘Dála Éireann 19192019,  An Chéad Dáil agus comóradh ar shaol agus ar oidhreacht Mháiréad Ní Ghráda’. Tuilleadh eolais anseo.

Fág freagra ar 'Feimineach a bhí i Mairéad Ní Ghráda nuair nárbh ann don téarma sin'

  • Tomas O Dulaing

    Gan dabht.

  • Stiofán

    Más buan mo chuimhne níor ghlac sí le hainm an phósta a léiríonn gur feimineach ceannródach í go cinnte. Ach an féidir le duine éigin ainm a fir céile a insint dom?