Is í Áine Uí Dhúbhshláine ón nGráig a dhéanfaidh Féile na Cásca 2015 a oscailt ar an Máimín, Baile an Fheirtéaraigh ag 3.00 p.m. Domhnach Cásca 5 Aibreán.
Bhí Áine rannpháirteach ón gcéad Fhéile Cásca a tionóladh i nDún Chaoin i 1974. Céad seasca ceathair saothar atá ar taispeáint i bhFéile na Cásca i mbliana – ó bhreis is ochtó ealaíontóir.
Beidh saothair dhaltaí bhunscoileanna Chorca Dhuibhne ar taispeántas leis – ó Dhún Chaoin soir go hAbhann an Scáil. Foirgintí an cheantair – sean agus nua – atá mar théama i mbliana acu.
Oscófar na doirse ag 2.00 p.m. agus beidh baill Chlub Cheoil an Bhuailtín, faoi stiúir Bhríd Donnelly, ag seimint sara ndéanfar an oscailt oifigiúil.