An toghchán ba mheasa ó bunaíodh an páirtí. Bhí an SDLP ag dul i léig le scór bliain ach buaileadh buille trom orthu san vótáil do chomhairlí áitiúla Thuaisceart Éireann le déanaí. An buille marfach é? Sin é atá á mhaíomh ag roinnt, cuid dá lucht leanúna féin san áireamh.
Ina theannta sin, rinne grúpa sa pháirtí iarracht aisteach dúshlán don cheannaire Colum Eastwood a eagrú.
Tá an SDLP taobh le 39 Comhairleoir as an 462 atá ar 11 údarás áitiúil; níos lú ná ionadaí amháin as gach naonúr. Chaill siad 20 suíochán sa toghchán coicís ó shin, suíochán amháin níos lú ná mar a chaill an UUP a choinnigh 54. Is fíor gur fáisceadh an SDLP toisc go raibh náisiúnaithe ar buile leis an DUP faoin gcéad-aireacht in Stormont a bheith á ceilt ar Michelle O’Neill, Sinn Féin, ach níorbh é sin an t-aon chúis lena dtitim.
Tháinig an cúlú sna sála ar thoghchán an Tionóil anuraidh nuair nár choinnigh siad ach ocht as 12 suíochán, cor a d’fhág nach raibh dóthain teachtaí acu le bheith páirteach sa bhFeidhmeannas in Stormont – dá mba ann dó. Chuir an cheannaireacht cuma na maitheasa ar a bheith i gceannas ar an bhfreasúra ach d’uireasa Tionóil ní raibh buntáiste le baint as sin.
Is furasta an míshuaimhneas sa pháirtí a thuiscint.
An lá ab fhearr a bhí an SDLP sceith bhéil ab ea an páirtí as easpa eagair. Bhí scata de charachtair mhóra ann a raibh lucht leanúna agus oibrithe acu ina dtoghcheantair féin. Ba acu a bhí smaointeoirí na linne, iad os cionn a mbuille i mbun cumarsáide leis an bpobal. Ní raibh eagraíocht lárnach láidir acu ariamh. Ba chuma sin nuair a bhí rith an ráis leo ach ó thosaigh Sinn Féin ag baint greamanna astu, babhta i ndiaidh babhta, bhí gá le hathchóiriú nár deineadh go héifeachtach.
Nuair a d’éirigh Mark Durkan, a tháinig i gcomharbacht ar an bhfathach féin, John Hume, as an gceannaireacht in 2010, bhí beirt cheannairí ar an bpáirtí taobh istigh de dhá bhliain, Margaret Ritchie agus Alasdair McDonnell. Níor leigheas na hathruithe sin an cúlú. Ba léir ón líon mór ceannairí a bhí ag an UUP i ndiaidh David Trimble nach slaitín draíochta é an ceannaire a athrú.
Tá Colum Eastwood i gceannas ar SDLP le hocht mbliana agus é soiléir anois go bhfuil gá le cúram éigeandála. Ach an é leigheas na faidhbe Eastwood a ruaigeadh? Ar éigean a bhí an toradh fógartha i bhFear Manach/An Ómaigh nuair a d’eisigh iartheachta Tionóil ansin Richie McPhillips go raibh sé in am “tacsaí do Eastwood”. An iomarca “tubaistí” le seacht mbliana anuas agus tá a SDLP “ag sleamhnú isteach sa duibheagán”, arsa McPhillips.
Díol suntais ab ea é gur toghadh Garbhan McPhillips, mac an iartheachta ina chomhairleoir. Ní mór a rá faoi Richie McPhillips go ndearna sé a cháineadh go hoscailte, faoina ainm féin ar Twitter, beart nach ndearna daoine eile.
Taobh istigh de sheachtain bhí litir, gan síniú, á scaipeadh i measc ionadaithe ag iarraidh tacaíochta le haghaidh dúshlán Eastwood a thabhairt. Bhí sí cosúil le litir shlabhrach ach go gcoinneofaí ainmneacha lucht a sínithe faoi rún.
Níor admhaigh éinne cé a bhí taobh thiar de ach scaipeadh ráflaí gur ghearr go mbeadh dóthain tacaíochta ag an údar gan ainm chun go gcaithfí toghchán ceannaireachta a rith.
Fiú sular seoladh an litir sin bhí cinneadh déanta ag coiste ceannais an pháirtí go raibh gá le cur chuige nua. Ceapadh príomhfheidhmeannach nua agus cuireadh Daniel McCrossan, Teachta Tionóil iarthar Thír Eoghain, leis an ngrúpa ceannaireachta – Eastwood féin, a chomhfheisire Parlaiminte, Claire Hanna agus Matthew O’Toole, ceannaire an pháirtí in Stormont.
Fiú má theipeann ar an bhfeachtas in aghaidh an cheannaire ní haon ribín réidh é an dé a choinneáil sa pháirtí. Go dtí seo bhí i bhfad iomarca béime acu ar an ról éachtach a bhí acu roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Ina theannta sin, dhírigh siad níos mó ar lochtanna Shinn Féin agus an DUP in ionad a bpáirtí féin agus a bhfís don todhchaí a chraobhscaoileadh. Ní mór dóibh an easpa eagair a chur ina ceart agus ní mór dá gcuid iarrthóirí iad féin a chorraí freisin. Ní cleas rúndiamhrach éigin é suíochán a bhaint ar chomhairle – léiríodh arís agus arís gurb iad na daoine a bhí gníomhach i measc an phobail a bhí caithréimeach – obair a bhfuil Sinn Féin cumasach ina bun agus oibrithe is acmhainní acu lena déanamh.
Bhí sampla maith ag an SDLP féin i mBéal Feirste de na bealaí chun suíochán a ghnóthú agus ceann a chailliúint go fánach. Toghadh Paul Doherty den chéad uair, fear a ritheann banc bia agus a chuireann seirbhísí cabhrach ar fáil ar fud iarthar na cathrach. I dtuaisceart na cathrach toghadh mar neamhspleách Paul McCusker, iarchomhairleoir SDLP. D’fhág seisean an páirtí tamall roimh an toghchán de bharr frustrachais lena gcur chuige.
Má fhoghlaimíonn an cheannaireacht na ceachtanna sin, seans go bhfuil sé róluath le feartlaoi an pháirtí a scríobh.
Fág freagra ar 'Feartlaoi an SDLP á scríobh róluath…'