Fear Gaeltachta gafa ag na húdaráis inimirce i Meiriceá

Tá John Cunningham as Gaeltacht Thír Chonaill ina chónaí i SAM ó bhí 1999 ann. Chuaigh sé anonn ar chlár víosa ach níor fhág sé an tír nuair a chuaigh an víosa sin in éag

Fear Gaeltachta gafa ag na húdaráis inimirce i Meiriceá

Tá fear Gaeltachta, John Cunningham, as Gleann Cholm Cille i nDún na nGall, gafa ag oifigigh inimirce i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá Cunningham ina chónaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó bhí 1999 ann. Chuaigh sé anonn ar chlár víosa ach níor fhág sé an tír nuair a chuaigh an víosa sin in éag. Ní raibh sé in Éirinn ó bhí 2001 ann.

Ghlac Cunningham páirt sa chlár The Undocumented a craoladh ar RTÉ níos luaithe i mbliana, agus chuir sé síos ar a shaol mar inimirceach mídhleathach i Meiriceá.

Gabhadh é mar gheall ar “sárú ar dhlíthe inimirce” agus tá sé á choinneáil faoi láthair ag Immigration and Customs Enforcement (ICE). Is sa South Bay House of Correction a choinneofar é go dtí go ndíbreofar as Meiriceá é.

Bhí Cunningham ina chathaoirleach ar CLG Boston Northeast agus bhí sé gníomhach chomh maith in eagraíochtaí pobail eile sa chathair.

Tuairiscítear go bhfuil eagla anois ar an bpobal Éireannach i Bostún go gcuirfear feachtas géar i bhfeidhm in aghaidh daoine atá ina gcónaí go mídhleathach sa chathair sin.

Dúirt Ronnie Millar, stiúrthóir feidhmiúcháin an Irish International Immigration Center i mBostún go bhfuil “an-imní” ar an bpobal Éireannach agus go bhfuil pleananna á gcur le chéile acu ar fhaitíos go ngabhfaí duine a d’fhágfadh clann óg ina dhiaidh.

Dúirt sé gur chóir do dhaoine atá buartha plean a réiteach anois agus iarracht mhór a dhéanamh gan aird na n-údarás a tharraingt orthu féin trí choireanna tráchta nó a leithéid a dhéanamh.

San agallamh a rinne sé le RTÉ do The Undocumented dúirt Cunningham go raibh súil aige go n-athrófaí na dlíthe inimirce i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus go mbeadh deis ag inimircigh mhídhleathacha stádas dleathach a bhaint amach.

Gabhadh 41,000 duine a rabhthas in amhras faoina stádas le linn an 100 lá ó insealbhaíodh Donald Trump ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, méadú 38% ar líon na ndaoine a gabhadh le linn na tréimhse céanna an bhliain seo caite.

Fág freagra ar 'Fear Gaeltachta gafa ag na húdaráis inimirce i Meiriceá'