Feachtas an N59 imithe i gcion ar údaráis na mbóithre 

Táthar le hiarratas nua ar chead forbartha ar an mbóthar N59 idir an Clochán agus an Teach Dóite a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála

Feachtas an N59 imithe i gcion ar údaráis na mbóithre 

Féachfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe le hiarratas nua ar chead forbartha ar an mbóthar N59 idir an Clochán agus an Teach Dóite a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála taobh istigh de dhá bhliain.

Táthar ag súil go mbeidh saineolaithe fostaithe sa gcéad cheathrú den bhliain seo le dhul i mbun staidéir ar an bplean don stráice seo den N59 atá 34 ciliméadar ar fhaid. 

Tá an cinneadh seo ar an gcomhartha is láidre fós go bhfuil an aird a tarraingíodh ar an mbail atá ar an N59 as Gaillimh chomh fada leis an gClochán – agus amach ó thuaidh i dtreo theorainn Mhaigh Eo – gaibhte i gcion ar údaráis na mbóithre.  

Chomh maith leis an réiteach as an nua ar an iarratas pleanála don stráice fada seo bóthair, tá os cionn €16 milliún ceadaithe le haghaidh oibreacha eile ar an N59 in iarthar na Gaillimhe in 2021. 

Dhiúltaigh an Bord Pleanála d’iarratas ar uasghrádú iomlán ar an bpíosa seo bóthair in 2016. 

De bharr ceisteanna a bhain le talamh caomhnaithe, Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) a thángthas ar an gcinneadh sin. 

Tá €200,000 ceadaithe ag Bonneagar Iompair Éireann – sin é údarás na mbóithre náisiúnta – i mbliana le haghaidh an obair thaighde atá le déanamh sula dtabharfar faoi iarratas nua pleanála. 

Fiú is go raibh go leor taighde agus ullmhúcháin déanta cheana mar cuid den chéad iarratas a rinneadh, tuigtear  go gcaithfear tosú as an nua arís ar an bpróiseas sin uilig. 

Ba é an príomhúdar a tugadh leis an diúltú a rinneadh ar an iarratas ar chead forbartha ar an N59 idir an Clochán agus an Teach Dóite ná go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh do roinnt talamh SAC atá ag rith le taobh an bhóthair. Is iad SAC Shléibhte Mhám Tuirc, SAC Phortach Chonamara agus an ceann ar a dtugtar SAC na mBeanna Beola agus an Gharráin atá i gceist.  Tá an stádas is airde i gcóras caomhnaithe na hEorpa ag cuid den cheantar sin, go háirithe na cinn a bhaineann leis an bportach.  

Ach b’fhacthas don saineolaí a bhí ag réiteach an chuid sin den iarratas pleanála don Chomhairle Contae nach mbeadh lorg na hoibre a bhí i gceist ach ar 0.02% den talamh a bhainfeadh le cuid ar bith den réimse caomhnaithe sa gceantar.  Bhí an saineolaí éiceolaíochta den bharúil freisin go bhféadfaí réimsí eile caomhnaithe a chur i bhfeidhm in áiteacha in aice láthair, mar chúiteamh ar aon réimse a chaillfí de bharr na hoibre ar an mbóthar. 

Shocraigh an Bord Pleanála, 3 in aghaidh 1, diúltú don iarratas ar chead forbartha. 

Dúradh i gcinneadh an Bhoird Pleanála go raibh an ceart ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ina gcuid iarrachtaí le caoi a chur ar an stráice seo den N59.  

Ghlac an Bord Pleanála leis go raibh an bóthar easnamhach ar mhórán chuile bhealach agus go raibh contúirt ag baint leis.

Rinneadh machnamh, a dúradh, ar cheadúnas forbartha a thabhairt le dul ar aghaidh leis an uasghrádú ar stráicí áirithe idir an Clochán agus an Teach Dóite seachas na píosaí a raibh talamh caomhnaithe thart orthu lenar bhain fadhb phleanála.  D’fhéadfaí beagnach 14 ciliméadar a fhorbairt ar an gcaoi sin.  Thángthas ar an gcinneadh sa deireadh nach mbeadh cinneadh mar seo ag teacht le rúibricí pleanála agus tugadh droim láimhe leis an N59 idir an Clochán agus an Teach Dóite cúig bliana ó shin.    

Cé go bhféadfadh moill roinnt blianta a bheith ar an obair atá i gceist, sin dá bhfaighfí cead forbartha, léiríonn an iarracht is deireanaí go bhfuil dáiríreacht ag baint anois le dearcadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar an N59.   Stádas ‘Bóthar Náisiúnta den Dara Grád’ atá ag an N59, an t-aon bhóthar i gConamara a bhfuil céim chomh hard sin aige.  

Bóthar é an N59 freisin a mbaineann muintir na Gaeltachta go leor leasa as, daoine as Camas, Ros Muc, Cill Chiaráin, Carna, Bun na gCnoc agus Dúiche Sheoigeach ina measc.  Tá sé ag tarlú níos minice anois freisin go bhfuil daoine as an Spidéal, Cois Fharraige agus níos faide siar ag dul trasna go Maigh Cuilinn agus isteach ar an N59 go Gaillimh.  Chuile sheans go bhfeicfear tuilleadh de sin ach a mbeidh an cuarbhóthar nua déanta thart ar Mhaigh Cuilinn. 

Ceadaíodh €8 milliún le haghaidh an chuarbhóthair sin i mbliana agus an obair ceaptha tosú sa samhradh.  Tá €4 milliún eile ceaptha freisin don uasghrádú atá á dhéanamh ar an N59 taobh thoir den Teach Dóite. 

Fág freagra ar 'Feachtas an N59 imithe i gcion ar údaráis na mbóithre '