Fathaigh peile na gclubanna á fhéachaint le chéile i bPáirc an Chrócaigh

Tabharfaidh dhá cheann de na clubanna is rathúla sa tír, Raonaithe Nemo Chorcaí agus Cora Finne na Gaillimhe, aghaidh ar a chéile tráthnóna i gcluiche ceannais na gclubanna

Fathaigh peile na gclubanna á fhéachaint le chéile i bPáirc an Chrócaigh

Gary Sice agus Micheál Lundy Chora Finne. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Níl aon fhoireann eile, sa pheil ná san iomáint, a bhfuil Craobh na gClubanna buaite níos minice acu ná Raonaithe Nemo, a bhfuil Corn Andy Merrigan buaite seacht n-uaire acu. Níl leath an oiread sin buaite ag Cora Finne. Faoi dhó atá Craobh na hÉireann buaite ag fir na Gaillimhe, ach níl aon amhras ach go bhfuil siad ar cheann de na foirne is láidre sa tír le cúig bliana anuas.

Is é seo an dara huair acu le cúig bliana anuas a bheith ag dul chun páirce Lá Fhéile Pádraig. Bhuadar ar Shleacht Néill i gcluiche ceannais 2015, agus ba iad seaimpíní 2017, Crócaigh Chill Airne, a sháraigh iad sa bhabhta leathcheannais anuraidh.

Ba mhór an spreagadh breise dóibh an chailliúint sin do Chora Finne sna cluichí crua atá imeartha acu go dtí seo. Bhí am breise ag teastáil chun Mistéalaigh Chaisleáin an Bharraigh a shárú i gcluiche ceannais an chúige agus b’amhlaidh an scéal i gcluiche leathcheannais na hÉireann nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Achadh Mórdha agus fear sa bhreis ag fir Chill Dara don chluiche ar fad, beagnach.

Chomh maith leis sin, tá cúpla fear óg tagtha isteach ar an bhfoireann ó bhuaigh siad Craobh na hÉireann in 2015 agus is mór an leas coisíocht Kieran Molloy agus Dylan Wall sa líne leathchúil agus cruinneas Jason Leonard sna tosaithe. Ar ndóigh tá tábhacht i gcónaí leis na seanfhondúirí, Gary Sice agus Kieran Fitzgerald, a bhfuil Craobh Shinsir na Gaillimhe buaite dhá uair déag aige.

Tá seanfhondúirí dá gcuid féin ag Raonaithe Nemo agus is fiú gaiscí na beirte a d’aistrigh go dtí an cumann le blianta beag anuas a lua go háirithe. Bhí Tomás Ó Sé, 39 bliain d’aois, ar fheabhas in aghaidh Shleacht Néill sa chluiche leathcheannais agus bhí Paddy Gumley, 35 bliain d’aois, chomh maith céanna leis in aghaidh na gCrócach i gcluiche ceannais na Mumhan.

Tá amhras an mbeidh Gumley ar fáil do chluiche an lae inniu mar go bhfuil gortú ag cur as don lántosach. Buille a bheadh ansin d’fhoireann Chorcaí ach níl aon easpa scórálaithe ag cur as dóibh agus teacht fós acu ar na himreoirí idirchontae, Brian O’Driscoll, Paul Kerrigan agus Luke Connolly, fear a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis.

D’aimsigh Connolly 2-5 sa chluiche leathcheannais agus tá, ar an meán, sé phointe in aghaidh an chluiche á n-aimsiú aige.

Tá naoscaire cumasach ag Cora Finne chomh maith, Ian Burke, agus seans go mbraithfidh toradh chluiche an lae inniu ar an bhfoireann is fearr a n-éiríonn léi na naoscairí a choinneáil faoi chois.

Rogha Tuairisc.ie: Cora Finne

Fág freagra ar 'Fathaigh peile na gclubanna á fhéachaint le chéile i bPáirc an Chrócaigh'