FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Scéalaíocht den scoth agus an hurlamaboc ina lár

Sa mhír nua seo moltar leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Scéalaíocht den scoth agus an hurlamaboc ina lár

Tá aithne le fada ar Éilís Ní Dhuibhne mar scríbhneoir dátheangach. Tá sé cinn d’úrscéalta scríte sa Ghaeilge aici, agus le fírinne d’fhéadfaí ceann ar bith a roghnú mar ábhar léitheoireachta ar son pléisiúir agus scríbhneoireachta éasca oscailte seolta. Scéal bleachtaireachta ba ea an chéad úrscéal óna peann, Dúnmharú sa Daingean go ndéarfadh daoine áirithe nach dtarlaíonn go leor de ann, agus bhain Cailíní Deasa Ghleann na mBláth go príomha le daoine óga i gColáiste Samhraidh Gaeltachta, saoltaithí a mbeadh formhór dá léitheoirí eolach air.

Baineann an t-úrscéal is déanaí uaithi Aisling nó Iníon A le teannas idirghlúnta agus tógtar ceist íogair an ghinmhillte ann. Ach is ceann ar mhaith liom é a lua ná Hurlamaboc (Cois Life €10) a bhfuil go leor de na téamaí céanna a chleachtann sí de ghnáth ann.

Tugann foclóir Uí Dhónaill ‘commotion, uproar’, agus foclóir an Duinnínigh ‘clatter, row, confusion’ mar mhíniú Béarla ar ‘hurlamaboc’, agus cé gur focal coitianta ó dheas é tharlódh nach mbeadh ar eolas ag cách.

Is maith mar theideal é, óir conas ab fhéidir scéal a bheith agat á cheal? Tá suite go daingean i saol na cathrach inniu agus scata déagóirí agus a gcúraimí is ábhar don leabhar.

Teaghlach deas sócúil meánaicmeach is ea lárionad an scéil i dtosach, teaghlach atá chomh socair sin gurbh fhéidir le máthair an teaghlaigh a rá go raibh an bheatha aici ‘i mbeagán focal, bhí sí foirfe’.

Níl gach aon duine chomh sásta sin, áfach, go háirithe a mac Ruán a bhfuil buairimh chomónta an déagóra aige, scrúduithe, cairde, cailíní, easpa muiníne agus teannas lena thuismitheoirí.

De réir a chéile nochtar a chairde agus a lucht aitheantais dúinn, agus is ansin a thosnaíonn na heachtraí a bhfuil an hurlamaboc ina lár agus an chinniúint eatarthu fite ina chéile.

Pléann sí an deighilt aicmeach, an deighilt dóchais agus an deighilt uaillmhéine idir ógánaigh le máistríocht an scéalaí.

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Scéalaíocht den scoth agus an hurlamaboc ina lár'

  • Fearn

    ” ùpraid ” atá ar an aistriúchán Gàidhlig : ” commotion, tumult, uproar, din, fuss, confusion ”

    Sé phunt Albanacha má tá fonn oraibh!
    https://gaelicbooks.org