Fiche bliain ó shin, nuair a bhí mé sna Stáit chun tuairisciú a dhéanamh ar thoghchán uachtaránachta 2004 don nuachtán Foinse, bhí sé éasca caint a mhealladh as muintir Mheiriceá faoi rás na bliana sin, idir George W. Bush agus John Kerry.
I mbliana, agus Kamala Harris á fhéachaint le Donald Trump, seachnaíonn muintir Mheiriceá cúrsaí polaitíochta i gcomhráite le strainséirí nó in áiteanna poiblí.
Cuimhním anois ar an mbean ó bhaile mór Jesup i stát Georgia, a bhí ina suí in aice liom ar an traein aneas as Florida, agus a bhfuil feirm chrann cnó peacáin aici. Fágadh í féin agus a clann gan leictreachas ar feadh 12 lá nuair a bhuail spéirling Helene an ceantar i ndeireadh mhí Mheán Fómhair. Leagadh crainn pheacáin. Bhí scoil a mic dúnta ar feadh trí seachtaine.
Bhí sí breá sásta labhairt liom faoin eachtra adhaimsire sin, inar maraíodh 231 duine ar fud oirdheisceart na Stát Aontaithe, ach a luaithe is a tharraing mé anuas cúrsaí polaitíochta – an chaoi a ndeachaigh rialtas Joe Biden agus Kamala Harris i ngleic leis an tubaiste, tuairimí Donald Trump faoin athrú aeráide – sheachain sí mo chuid ceisteanna.
Faitíos faoina mbeadh le rá agamsa, gach seans, nó faoina ndéarfadh na paisinéirí timpeall orainn agus ar ghlac cuid acu páirt sa chomhrá freisin.
Ní haon eisceacht í an bhean sin as Jesup. De réir pobalbhreith a rinne an suíomh nuachta Axios, tá faitíos ar dhuine as gach ceathrar Meiriceánach a rá le gaolta, cairde agus fiú amháin lena gcuid páirtnéirí cé dó nó cé di a chaithfidh siad vóta ar an 5 Samhain.
Is measa fós an scéal i measc na Mílaoiseach (28 – 43 bliana d’aois) agus Glúin Z (18 – 27): tá drogall ar 47 faoin gcéad de na Mílaoisigh agus ar 44 faoin gcéad de Ghlúin Z a dtuairimí faoin toghchán seo a roinnt leis na daoine is tábhachtaí ina saol.
Lena chois sin, léiríonn pobalbhreith eile, de chuid na háisíneachta preasa AP, go bhfuil faitíos ar sheachtar as gach deichniúr Meiriceánach faoin toghchán seo i gcoitinne, agus go háirithe faoina bhféadfadh tarlú ina dhiaidh.
I bhfianaise ionradh lucht leanúna Donald Trump ar an gCaipeatól in Washington DC ar an 6 Eanáir 2021, b’fhéidir nach bhfuil an míshuaimhneas atá ar mhórchuid Meiriceánach faoin toghchán seo chomh haisteach sin.
Fág freagra ar 'Faitíos ar dhuine as gach ceathrar Meiriceánach labhairt faoin toghchán le gaolta agus cairde '