Fainic curtha ar úinéirí madraí i gConamara agus feoil nimhithe fágtha ar thrá in Indreabhán

Buaileadh madra tinn in Indreabhán nuair a d’ith sé sicín a bhí caite ar an trá agus oibreán frithreo (anti-freeze) curtha air

Fainic curtha ar úinéirí madraí i gConamara agus feoil nimhithe fágtha ar thrá in Indreabhán

Buaileadh madra tinn in Indreabhán nuair a d’ith sé sicín a bhí caite ar an trá agus oibreán frithreo (anti-freeze) curtha air

Tá rabhadh tugtha do dhaoine a bhíonn amuigh ag siúl lena madraí i nGaeltacht Chonamara a bheith ar a n-airdeall mar gur buaileadh madra tinn in Indreabhán nuair a d’ith sé sicín a bhí caite ar an trá agus oibreán frithreo (anti-freeze) curtha air.

Dúirt MADRA, an charthanacht a dhéanann fóirithint ar mhadraí agus a bhfuil tearmann acu i gCamas, gur shlog madra amháin píosa sicín as an mbosca píosaí sicíní a bhí fágtha ar an Trá Mhór in Indreabhán agus an fheoil truaillithe le anti-freeze. Tugadh an madra go dtí an tréidlia i mBearna agus tá cóir leighis á cur faoi láthair air.

Ní fhéadfaí a dheimhniú ar fágadh an bosca ar an trá d’aon turas chun fáil réidh le madraí ach dúirt MADRA nár dhóigh gur duine a mbeadh “gean aige ar ainmhithe” a d’fhág an bosca sicíní truaillithe ar an trá in Indreabhán.

Dúirt lucht Chlinic Tréidliachta Bhearna agus Mhaigh Cuilinn gur dócha gur le teann mailíse a fágadh an bosca ar an trá Ghaeltachta.

Fág freagra ar 'Fainic curtha ar úinéirí madraí i gConamara agus feoil nimhithe fágtha ar thrá in Indreabhán'