EURO 2024: An Ostair ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar an bhFrainc

Bhí lucht tacaíochta na hOstaire dóchasach go bhféadfaí áit a bhaint amach sna babhtaí díbeartha, ach an fhadhb atá acu ná go bhfuil imreoirí tábhachtacha in easnamh orthu

EURO 2024: An Ostair ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar an bhFrainc

Is le súil a chaitheamh ar an bhFrainc a bheidh formhór na ndaoine a shuíonn síos ag breathnú ar chluiche na hoíche anocht ach d’fhéadfadh an Ostair dul i gcion ar dhaoine má choinníonn siad orthu leis an dul chun cinn atá déanta faoina mbainisteoir Ralph Rangnick.

Cé nach raibh lucht tacaíochta Manchester United róthógtha le Rangnick le linn an tseala a chaith sé mar bhainisteoir ar an gclub in 2022, tá an Ostair imithe ó neart go ó tháinig sé isteach ag deireadh na bliana sin. Tá an Iodáil, an Chróit agus an Ghearmáin i measc na bhfoirne ar bhuaigh an Ostair orthu ó shin agus thugadar greadadh ceart don Tuirc, 6-1, san earrach.

Grúpa thar a bheith deacair é Grúpa D. Is iad an Ísiltír agus an Pholainn an dá fhoireann eile atá leis an Ostair agus an Fhrainc, ach bhí lucht tacaíochta na hOstaire dóchasach go bhféadfaí teacht aniar aduaidh ar go leor agus áit a bhaint amach sna babhtaí díbeartha.

An fhadhb atá acu ná go bhfuil imreoirí tábhachtacha in easnamh orthu don chomórtas. Is é David Alaba, a d’imir do Bayern Munich agus atá anois le Real Madrid, captaen agus réalta na foirne, ach fágann drochghortú glúine a bhain dó aimsir na Nollag nach n-imreoidh sé ar chor ar bith sa Ghearmáin.

Mar bharr ar an donas, tá an cúl báire Alexander Schlager agus an t-imreoir tábhachtach lár páirce, Xaver Schlager, ar iarraidh freisin agus gortuithe glúine ag cur as dósan chomh maith. Tá imreoirí cumasacha ar an bhfoireann go fóill, leithéidí Konrad Laimer (Bayern Munich), Marcel Sabitzer (Borussia Dortmund) agus Nicolas Seiwald (RB Leipzig) ach tá cuid den mhuinín a bhí acu caillte.

Mar bharr ar an mí-ádh sin, cuirfidh an Ostair tús lena gcomórtas le cluiche thar a bheith deacair agus iad ag tabhairt aghaidh ar an bhFrainc, rogha na coitiantachta chun an chraobh a thabhairt leo.

Tá cúpla ceist ann faoi fhoireann na Fraince go fóill agus cé go díreach a bheidh ag imirt. Tá cinneadh le déanamh idir Jules Koundé agus Benjamin Pavard ar thaobh na láimhe deise den chosaint, níl an bheirt a bheidh ag tosú i lár na cosanta deimhnithe go fóill agus beidh le feiceáil an dtiocfaidh N’Golo Kanté isteach ar an bhfoireann láithreach agus é ainmnithe sa scuad gan choinne.

Pé cinneadha dhéanann Didier Deschamps, bí cinnte gur beag a lagóidh aon athrú an fhoireann.

Cluichí

An Rómáin v An Úcráin – 2pm (Grúpa E)
An Bheilg v An tSlóvaic – 5pm (Grúpa E)
An Ostair v An Fhrainc – 8pm (Grúpa D)

Fág freagra ar 'EURO 2024: An Ostair ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar an bhFrainc'

  • JP

    Grma as an eolas breise sin a bhreacadh faoi amchlár na gcluichí.