Eoin de Búrca ar shlí na fírinne – bris ollmhór dá theaghlach agus do Chonamara uilig

Gan stad ná staonadh, bhí daoine ag triall ar Theach an Tórraimh ar an bhFairche ar feadh naoi n-uaire an chloig inné

Eoin de Búrca ar shlí na fírinne – bris ollmhór dá theaghlach agus do Chonamara uilig

Léargas ab ea na sluaite ollmhóra a chruinnigh ar shráidbhaile na Fairche i nDúiche Sheoigheach inniu agus tráthnóna inné ar an gcion a bhí ar an bhfear gnó Eoin de Búrca agus ar an ómós a bhí dhó i bhfad agus i ngearr.  Gan stad ná staonadh, bhí daoine ag triall ar Theach an Tórraimh ar an bhFairche ar feadh naoi n-uaire an chloig inné.  Bhí an scuaine ag síneadh i gcaitheamh an bhealaigh trí shráidbhaile na Fairche agus bhí os cionn trí huaire ar dhaoine a thosaigh ag cúl an tslua sular shroicheadar Teach an Tórraimh.  Ach sheas daoine go foighdeach sa bhfuacht agus sna múraíleacha a rop isteach thar shléibhte Dhúiche Sheoigheach lena n-ómós a thaispeáint d’Eoin de Búrca, agus dá theaghlach.

Is iontach an rud é an t-ómós a thugann muid do na mairbh agus do na glúnta a chuaigh romhainn sa tír seo – go háirithe sna ceantair thuaithe.

Scaití tugtar ómós poiblí ar leith do dhaoine a bhfuil buanna acu sa gceol, sa gcultúr, i gcúrsaí oidhreachta agus san ealaín agus is ceart sin. 

Ach, b’fhéidir nach minic a thugtar an t-ómós ar leith sin do lucht gnó. Ní cúrsaí sochraide atá i gceist agam ach i dtaobh gradaim agus bronnadh speisialta, mar shampla.

Ní cúrsaí gnó, ar ndóigh, a thug na mílte – agus bhí na mílte ann –  go sráidbhaile na Fairche aréir. ’Séard a thug ann iad ná an cion a bhí acu ar Eoin de Búrca agus an meas a bhí acu air mar dhuine.  Fear gealgháireach, fear cineálta agus fear gnaíúil ab ea é. Lena chois sin fear ábalta a bhí ann a bhí in ann cúrsaí gnó a láimhseáil go stuama.  Bhí dul chun cinn agus fiontraíocht ag baint leis agus mura dteastaíonn daoine mar sin i gceantair na tuaithe na hÉireann  – ní lá go maidin é.

Bhí misneach aige nuair a thug sé iarraidh faoi Thigh Pheacock ar an Teach Dóite.  Tá a fhios ag an saol gur deacair gnó a choinneáil ag imeacht amuigh faoin tuath ar na saolta seo agus go bhfuil brú ag baint leis de lá agus d’oíche. Ach d’éirigh leis féin, a bhean Bríd, a gceathrar clainne – agus an fhoireann – slacht agus borradh a chur faoin ngnó sin ar an Teach Dóite. 

Bhí na soilse lasta i gceartlár Chonamara acu. 

Ar ndóigh, rinne Eoin an-obair freisin leis an marglann beithíoch, caorach agus capall atá le taobh an óstáin agus  rud é sin atá ag cuidiú go mór le feilméaraí Chonamara.  Taobh amuigh den ghnó – agus bhí lámh aige i gcúrsaí go leor – choinnigh Eoin a lámh freisin in imeachtaí an phobail.

B’fhéidir, agus gan é ach 53, go raibh sé róluath le gradaim a thabhairt dó agus chuile sheans gur i bhfolach a ghabhfadh Eoin féin dá gcloisfeadh sé caint ar a leithéid de bheart!   Ní féidir anois ach é a mholadh tar éis a bháis as an obair éachtach a rinne sé. Rinne sé a ghnó féin, ceart go leor, ach rinne sé obair go leor a chuidigh le cuimse daoine agus bhí pobal Chonamara agus na Gaeltachta ina measc.

Agus Eoin de Búrca ag dul chun na cille bhí an aird agus an t-aitheantas a tugadh dó tuillte go maith aige as an bhforbairt a rinne sé ar chineálacha éagsúla gnó i gceantar tuaithe ina raibh géarghá lena leithéid agus as an obair ar fad a rinne sé le bonn níos láidre a chur faoina phobal.