Eoghan Ó Ceannabháin lena ainm a chur chun cinn d’fhothoghchán Bhaile Átha Cliath Láir

Cainteoir Gaeilge agus amhránaí ar an sean-nós de bhunadh Chonamara é Ó Ceannabháin, a sheas in olltoghchán na bliana seo caite

Eoghan Ó Ceannabháin lena ainm a chur chun cinn d’fhothoghchán Bhaile Átha Cliath Láir

Tá sé deimhnithe ag Eoghan Ó Ceannabháin, atá ina ionadaí do Phobal Seachas Brabús i mBaile Átha Cliath Láir, go bhfuil sé i gceist aige seasamh san fhothoghchán a chaithfear a reáchtáil sa Dáilcheantar sin sna míonna amach romhainn.

Is cainteoir Gaeilge agus amhránaí ar an sean-nós de bhunadh Chonamara é Ó Ceannabháin, a sheas i dtoghchán áitiúil Chathair Bhaile Átha Cliath i mí na Bealtaine 2024 agus in olltoghchán na bliana seo caite i mBaile Átha Cliath Láir. Fuair sé 4.5% den vóta san olltoghchán agus cuireadh as an áireamh é ar an gcúigiú comhaireamh.

Dúirt Ó Ceannabháin, a tógadh i nDún Droma ar an taobh eile den chathair, go bhfuil sé i gceist aige a ainm a chur chun cinn taobh istigh dá pháirtí don ainmniúchán.

“Cuirfidh mé m’ainm chun cinn. Is mise an t-aon ionadaí atá ag an bpáirtí sa Dáilcheantar seo, ach beidh próiseas oifigiúil roghnúcháin ann don fhothoghchán, agus beidh orm m’ainm a chur chun cinn ansin. Tá súil agam go roghnófar mé ach beidh an próiseas oifigiúil ann ar dtús,” a dúirt sé.

Is de bhunadh mhuintir Cheannabháin in Iorras Aithneach é Eoghan Ó Ceannabháin. Tá sé ina bhall de Phobal Seachas Brabús le beagnach deich mbliana agus bhí sé gníomhach i bhfeachtais éagsúla i gcathair Bhaile Átha Cliath i gcaitheamh na mblianta sin.

Ar na daoine eile a sheas san olltoghchán deiridh agus nach bhfuair suíochán sa dáilcheantar sin, tá Gerard Hutch, nó ‘The Monk’; Mary Fitzpatrick ó Fhianna Fáil; Neasa Hourigan a bhí ina haire sa rialtas deiridh ach a chaill a suíochán anuraidh; Malachy Steenson; an t-iarFheisire Eorpach Clare Daly; Janice Boylan ó Shinn Féin; Ian Noel Smyth ó Aontú; agus Andrew Kelly ón Centre Party of Ireland.

Meastar go ndéanfaidh Sinn Féin iarracht an dara suíochán a fháil dóibh féin sa Dáilcheantar agus níor chuir Ray McAdam, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath agus comhairleoir contae de chuid Fhine Gael, as an áireamh é go ndéanfadh sé féin iarracht an suíochán a choinneáil d’Fhine Gael.

Is ceoltóir agus amhránaí é agus bhuaigh sé Gradam RTÉ d’Amhránaí Tíre na Bliana agus don Amhrán Nuachumtha Tíre Is Fearr in 2023. Tá Gradam TG4 Amhránaí na Bliana buaite aige freisin.

Caithfear fothoghchán a ghairm roimh lár mhí na Bealtaine seo chugainn, sé mhí i ndiaidh don iar-aire Airgeadais Paschal Donohoe éirí as a shuíochán mar Theachta Dála. Tháinig an scéal gan choinne inné go mbeadh Donohoe ag éirí as a chúraim mar Theachta Dála agus mar aire airgeadais le post a thógáil leis an mBanc Domhanda.

Bhí Donohoe ina Theachta Dála i mBaile Átha Cliath Láir ó 2011 agus bhí sé ina aire iompair, turasóireachta agus spóirt, ina aire caiteachais phoiblí, agus ina aire airgeadais ó ceapadh ina aire den chéad uair é in 2014.

Fág freagra ar 'Eoghan Ó Ceannabháin lena ainm a chur chun cinn d’fhothoghchán Bhaile Átha Cliath Láir'