Éireannaigh 99% de dhaltaí i ngaelscoileanna an stáit

Deirtear i dtuarascáil nua gur léir ó na figiúirí go bhfuil forbairt le déanamh i scoileanna lán-Ghaeilge ó thaobh na hionchuimsitheachta agus an tsoláthair oideachas riachtanas speisialta

Éireannaigh 99% de dhaltaí i ngaelscoileanna an stáit

Tá náisiúntacht Éireannach ag 99% de na daltaí atá ag freastal ar ghaelscoileanna an stáit, de réir figiúirí nua ón Roinn Oideachais.

Deirtear sa tuarascáil nua gur léir ó na figiúirí go bhfuil “scóip forbartha” ann i gcóras an ghaeloideachais ó thaobh na “hionchuimsitheachta” agus an tsoláthair oideachas riachtanas speisialta.

Náisiúntacht Éireannach atá ag 89.6% de na daltaí i mbunscoileanna Béarla an stáit, de réir na tuarascála nua, Léargas ar Sholáthar don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Náisiúntacht Éireannach (nó dé-náisiúntacht) a bhí ag 37,290 den 37,662 dalta a bhí ag freastal ar ghaelscoil in 2020. Ní raibh náisiúntacht ‘eile’ ach ag 372 dalta sa bhreis is 150 gaelscoil sa stát.

Ag an dara leibhéal náisiúntacht neamh-Éireannach a bhí ag 1.4% de scoláirí i gcomparáid 10.8% I scoileanna Béarla an stáit.

Náisiúntacht ‘eile’ a bhí ag 144 den 10,283 dalta a bhí ag freastal ar na 29 Gaelcholáiste sa stát in 2020.

Ó thaobh cúrsaí creidimh de, tá níos mó éagsúlachta ag baint leis na scoileanna lán-Ghaeilge ná mar atá ag baint le scoileanna Béarla na tíre. Scoileanna Caitliceacha iad 75% den 152 Gaelscoil agus scoileanna ilchreidmheacha nó idirchreidmheacha iad 23% díobh.

Ní scoileanna ilchreidmheacha nó idirchreidmheacha iad ach 5% de bhunscoileanna Béarla an stáit. Scoileanna Caitliceacha iad 88.7% de na scoileanna Béarla ag an mbunleibhéal agus scoileanna le héiteas reiligiúin amháin eile iad 6.1% acu.

Is scoileanna ilchreidmheacha nó idirchreidmheacha iad 69% de na Gaelcholáistí, agus tá éiteas Caitliceach ag an 31% eile. Maidir leis na hiar-bhunscoileanna Béarla, scoileanna Caitliceacha iad 48.9% acu.

Maidir leis an líon daltaí i ranganna, is mó ranganna ‘móra’ a bhíonn sa Ghaelscoil. Beagnach duine as gach ceathrar de dhaltaí Gaelscoile (24%) a bhíonn i ranganna ina bhfuil 30 dalta nó níos mó, i gcomparáid le 13.8% i scoileanna Béarla  agus 10.9% i mbunscoileanna Gaeltachta.

Bíonn meánlíon na ndaltaí i nGaelscoileanna i bhfad níos mó ná meánlíon na ndaltaí i mbunscoileanna Béarla. 253 dalta ar an meán a bhíonn i nGaelscoil i gcomparáid le 178 sa bhunscoil Bhéarla. Tá os cionn 300 dalta i mbeagnach 33% de na Gaelscoileanna, i gcomparáid le 19% de na bunscoileanna Béarla. Deirtear go bhféadfadh baint a bheith aige seo le líon mór de na Gaelscoileanna a bheith i gceantair uirbeacha.

A mhalairt a bhí fíor ag na dara leibhéal agus bhí 45% de na gaelcholáistí sa ghrúpa scoileanna is lú a bhfuil daltaí ag freastal orthu, faoi bhun 300 dalta. 24.6% d’iarbhunscoileanna Béarla an stáit a raibh níos lú ná 300 dalta ag freastal orthu. Ní raibh aon ghaelcholáiste ann a raibh níos mó ná 800 dalta ag freastal air. Scoileanna le níos mó ná 800 dalta a bhí i 16% de na hiarbhunscoileanna Béarla.

Bhí stádas Deis ag 28 Gaelscoil i Meán Fómhair na bliana seo, 18% de ghaelscoileanna an stáit. 30% a bhí i gceist do bhunscoileanna eile an stáit.

Maidir leis an bhfreastal a dhéantar ar dhaltaí ag a bhfuil riachtanas oideachais speisialta, bhí céatadán na n-uaireanta teagaisc a chuirtear ar fáil don oideachas speisialta mórán mar a chéile sna ranganna príomhshrutha sna Gaelscoileanna is a bhí sna bunscoileanna Béarla. B’amhlaidh an scéal i gcás líon na gcúntóirí riachtanas speisialta a bhíonn ar fáil sa dá chineál scoile.

Deirtear, áfach, go bhfuil difríocht mhór i líon na ranganna speisialta sna Gaelscoileanna i gcomparáid leis na scoileanna Béarla. Níl ranganna speisialta ach ag 18 Gaelscoil, nó 11.8% de na Gaelscoileanna ar fad. Tá ranganna speisialta ag 805 bunscoil san iomlán, 25.9% de bhunscoileanna an stáit. Deirtear chomh maith gur le haghaidh scoláirí a bhfuil uathachas orthu nó don luath-idirghabháil atá gach rang speisialta atá sna gaelscoileanna.

Ag an iar-bhunleibhéal, bhí níos lú ná leath den líon uaireanta teagaisc speisialta agus cúntóirí riachtanas speisialta ar fáil sna gaelcholáistí is a bhí ar fáil ag an dara leibhéal trí chéile.

Ag an iar-bhunleibhéal, ní raibh rang speisialta ar fáil ach in aon ghaelcholáiste amháin.

Sa tuarascáil nua Léargas ar Sholáthar don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, cuirtear mioneolas ar fáil faoi staid an ghaeloideachais faoi láthair.

Tá an tuarascáil taighde nua curtha i dtoll a chéile mar chuid den pholasaí nua don ghaeloideachais lasmuigh den Ghaeltacht atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais. Tá tús curtha chomh maith le próiseas comhairliúcháin phoiblí faoin bpolasaí nua.

Fág freagra ar 'Éireannaigh 99% de dhaltaí i ngaelscoileanna an stáit'