Éire aontaithe? Scagadh pointeáilte cuimsitheach déanta ar an gceist

Éire Aontaithe ar na bacáin? Dhein ‘Iniúchadh’ TG4 an scéal a chíoradh, ach ní clár imscrúdaithe é

Éire aontaithe? Scagadh pointeáilte cuimsitheach déanta ar an gceist

An bhfuil Éire Aontaithe ar na bacáin? Is cinnte go bhfuil teas faoin gceist seo, go mór mhór ó thug Daonáireamh 2021 chun solais go n-aithníonn 46% den phobal ó thuaidh iad féin mar Chaitlicigh agus 43% á n-aithint féin mar Phrotastúnaigh. Cloch mhíle dhéimeagrafach. Nach gciallaíonn sé sin go bhfuil an bóthar réitithe d’athaontú na tíre? Níl an scéal chomh simplí leis sin agus déanann Iniúchadh TG4 – Éire Aontaithe (TG4, Dé Céadaoin) an cheist seo a chíoradh go pointeáilte, cuimsitheach.

Ar an gcéad dul síos, agus is seanscéal agam é seo le fuílleach meirge air, níl a fhios agam an bhféadfaí clár mar seo a rangú mar chlár imscrúdaithe. Pointe tábhachtach dar liom óir gur cuireadh an tsraith seo ar bun ar mhaithe leis an iriseoireacht iniúchta.

Déanann an saothar san iomaire sin rúin is cúbláil a thabhairt chun solais, an fhírinne cheilte a nochtadh. An saghas saothair a bheadh sna ceannlínte an lá dár gcionn. Ní saothar den saghas sin é seo. Ní fhágann sin gur drochshaothar é, ach is saothar difriúil é.

Is clár faisnéise atá againn anseo a dhéanann ceist Éire Aontaithe a chíoradh, cúram a dhéanann sé go pointeáilte, paiteanta. Meabhraíodh dúinn go bhfuil tuairim is 7 milliún duine ina gcónaí ar oileán na hÉireann, go bhfuil 2 mhilliún acu sin ó thuaidh agus gur Aontachtóirí/Dilseoirí milliún acu sin. Ceist chasta, chigilteach, chonspóideach í ceist an aontaithe.

Deineadh na toisí éagsúla a phlé: an costas, an brat, an t-amhrán náisiúnta, na traidisiúin éagsúla. Ábhar iontais dom nár pléadh ceist na Gaeilge, ceist a d’fhéadfadh a bheith in hábhar conspóideach, ach ina hábhar muinteartha chomh maith.

Téama a tháinig chun cinn go rialta ná an gá an cheist seo a phlé is a réiteach in am trátha. Ní bheadh i gceist in aon reifreann ach 50% móide vóta amháin. Mheabhraigh Gerry Hastings, iar-reachtaire Eaglais na hÉireann, dúinn go bhfuil an pobal fós deighilte ó thuaidh agus luaigh sé a scéal féin mar a raibh sé 18 sular bhuail sé le Caitliceach.

Níl an traidisiún sin chun “luí síos” nuair a thagann ceist an aontaithe chun cinn. Cén uair is fearr tabhairt faoi seo? An é an vóta an rud deireanach a tharlódh (agus tú cinnte gur móramh mór a bheadh ina fhabhar) nó an ndéanfá é ag an tús? An ndéanfadh an rogha deireanach acu sin níos mó dochar ná maitheas?

An fearr an obair seo a thosnú ar an talamh seachas sa bhosca ballóide? Faoi mar a dúirt Hastings arís caithfidh tú aithne a chur ar dhaoine leis an gcoimhthíos is an t-amhras a laghdú. Meabhraíodh dúinn go bhfuil go leor den phobal Aontachtach nár thaistil ó dheas riamh agus ná feadar Conamara ó Chorcaigh.

Ceann de láidreachtaí an chláir ná gur earcaíodh meitheal chuidsúlach de chloigne cainte le dreasanna cainte a dhéanamh: Gerry Adams, Fergus O’Dowd, Éamon Ó Cuív, Bríd Rodgers, lucht léinn, iriseoirí agus gnáthdhaoine. Lena cheart a thabhairt don chlár chomh maith do labhair a bhformhór as Gaeilge, seachas na dílseoirí agus aontachtóirí (taobh amuigh d’Ian Malcolm). Ábhar iontais dom nach raibh Linda Irvine faoi agallamh (duine a bheadh deas ar labhairt faoi thoise na Gaeilge).

Clár faisnéise tráthúil, cuimsitheach.

Fág freagra ar 'Éire aontaithe? Scagadh pointeáilte cuimsitheach déanta ar an gceist'

  • Paul Laughlin

    Dúirt an t-údar, ‘go bhfuil 2 mhilliún acu sin ó thuaidh agus gur Aontachtóirí/Dilseoirí milliún acu sin’. Ach dúirt sé ní ba luaith nach raibh ach 43% á n-aithint féin mar Phrotastúnaigh sa Daonáireamh 2021 – thart ar 860,000. Da bhfeicfeá ar an vóta is déanaí ó thuaidh is léir go bhfuil i bhfad níos lú na sin ag tacú leis na hAontachtóirí anois, b’fhéidir 750,000? Tá sé tábhachtach a bheith cruinn sa díospóireacht seo.

  • Breathnóir1

    Is cosúil nach bhfuil an clár seo ar fáil ar Sheinnteoir TG4 faoi láthair, ar chúis éigin?

  • Éamonn

    Tá an ceart ar fad ag Paul. Sin ‘meancóg’ coitianta atá ráite go minic… ar chúis amháin nó ar chúis eile….