Éiginnteacht i mbille nua faoin uair a mbeadh cosaint dhlíthiúil ag ‘síneadh fada’ na Gaeilge

Tá ceist an tsínidh fhada i measc na gceisteanna atá ag dó na geirbe ag lucht na teanga roimh chéim leathdheireanach an bhille sa Dáil amárach

Éiginnteacht i mbille nua faoin uair a mbeadh cosaint dhlíthiúil ag ‘síneadh fada’ na Gaeilge

Tá cosaint dhlíthiúil le tabhairt do shíneadh fada na Gaeilge sna leasuithe nua atá beartaithe ar an Acht Teanga, ach níl aon bharántas á thabhairt faoin uair go dtiocfadh an chosaint sin i bhfeidhm i gcás na n-eagraíochtaí stáit.

Cé gur cuireadh fáilte roimh leasuithe an Rialtais, tá ceist an tsínidh fhada i measc na gceisteanna atá ag dó na geirbe ag lucht na teanga roimh chéim leathdheireanach an bhille sa Dáil amárach.

Nuair a chuir Tuairisc.ie ceist ar an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, faoin éiginnteacht a bhaineann leis an bhforáil faoin síneadh fada i leasuithe an Rialtais ar an mbille, dúirt sé “go raibh gá le spriocanna soiléire in aon fhoráil le cinntiú go gcuirtear i bhfeidhm í”.

“Gan a leithéid tá an chontúirt ann i gcónaí nach ndéanfar uaillmhian na reachtaíochta a chúiteamh le gníomh, nó go gcuirfear an gníomh ar an méar fhada,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Tá ceist an tsínidh fhada á scagadh chomh maith ag Conradh na Gaeilge agus aighneacht le hullmhú acu faoi na leasuithe atá le plé sa Dáil amárach.

Bhí cruinnithe ag Conradh na Gaeilge tráthnóna inné le polaiteoirí de chuid an fhreasúra chun na laigí, dar leo, atá ar leasuithe an Rialtais a phlé.

Deir an Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge go bhfuil gá le soiléiriú faoin bhforáil faoin nGaeltacht sna leasuithe agus faoi cad go díreach iad na seirbhísí a mbeadh dualgas ann iad a chur fáil do mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin.

Maidir le ceist an tsínidh fhada, faoi na leasuithe atá molta ag an Rialtas ar an mbille teanga, beidh ar na heagraíochtaí stáit a chinntiú go mbeidh a gcuid córas faisnéise agus cumarsáide in ann déileáil le hainmneacha agus seoltaí i nGaeilge chomh maith le “úsáid an tsínidh fhada sa téacs Gaeilge a éascú”.

Ach ní thiocfaidh seo i bhfeidhm d’aon chomhlacht stáit go dtí go mbeidh “forordú” dlíthiúil déanta i leith an chomhlachta áirithe sin.

Aire na Gaeltachta a dhéanfaidh an forordú trí rialacháin nó ionstraim reachtúil a leagan os comhair Thithe an Oireachtais ach beidh ar an Aire “comhchomhairle” a dhéanamh roimh ré le cibé Aire den Rialtas atá freagrach as an eagraíocht stáit sin.

D’fhágfadh sé sin nach mbeadh aon dualgas dlíthiúil ar eagraíocht stáit i leith ainmneacha Gaeilge nó nach mbeadh orthu géilleadh do cheartúsáid an tsínidh fhada go dtí go mbeadh forordú déanta i gcás na heagraíochta sin.

Níl scála ama tugtha faoin uair a chuirfí tús leis an fhoráil nua seo ná faoin uair a dtosódh an tAire ar an bpróiseas le fororduithe a dhéanamh i gcás gach ceann de na heagraíochtaí stáit.

Meastar go bhfuil thart ar 600 eagraíocht stáit i gceist ar fad.

Nuair a foilsíodh dréachtchinn an bhille den chéad uair sa bhliain 2017 tugadh le fios go mbeadh impleachtaí “praiticiúla” ag baint leis an reachtaíocht nua do chórais teicneolaíochta agus go bhféadfadh “go mbeidh gá le tréimhse thionscnaimh sula gcuirfear i bhfeidhm é chun deis a thabhairt do chomhlachtaí poiblí a gcórais a leasú”.

Dúradh an uair sin go raibh sé beartaithe údarás a thabhairt don Aire an fhoráil seo a chur i bhfeidhm “ar bhonn céimnithe ar dháta nó ar dhátaí a fhorordófar le rialachán”.

Tugadh le tuiscint sa nóta míniúcháin a seoladh ag an am gur faoi na heagraíochtaí stáit féin a bheadh sé amscála a chur ar fáil faoina gcaithfidís géilleadh d’úsáid an tsínidh fhada.

Ba é ab aidhm leis an gcur chuige sin a dúradh ná a cheadú don Aire “cur le liosta na gcomhlachtaí” lena mbainfeadh an dualgas faoi ainmneacha Gaeilge “de réir mar a leasófaí “a gcórais ghnó chun an fhoráil a chur san áireamh”.

Ar leibhéal “praiticiúil” dúradh go n-iarrfaí ar na comhlachtaí poiblí “amscála a chur ar fáil” faoina n-aontóidís go mbeadh a gcórais curtha in oiriúint acu d’úsáid an tsínidh fhada.

Moladh roimhe sin, Feabhra 2015, i dtuarascáil ó Chomhchoiste Gaeilge de chuid Thithe an Oireachtais go dtiocfadh na dualgais stáit maidir le húsáid an tsínidh fhada i bhfeidhm laistigh de thrí bliana ón uair go leasófaí an tAcht Teanga.

Faoi leasuithe an Rialtais, a bheidh á bplé sa Dáil amárach, d’eiseodh Aire na Gaeltachta treoirlínte maidir le hainmneacha Gaeilge agus an síneadh fada tráth nach déanaí ná trí mhí” ón uair a dtugtar feidhm don chuid áirithe sin den Acht leasaithe.

Roimhe sin chaithfeadh an tAire dul i gcomhairle le hairí eile ar mhaithe le cabhrú le heagraíochtaí stáit dul i ngleic lena gcuid dualgas i leith úsáid na Gaeilge agus an tsínidh fhada ina gcórais teicneolaíochta faisnéise. Beidh ar gach eagraíocht a “aird” a thabhairt ar na treoirlínte sin ach ní bheidh aon cheangal dlíthiúil orthu maidir leis an síneadh fada a úsáid go dtí go mbeidh forordú déanta ag an Aire i gcás gach eagraíocht ar leith.

Fág freagra ar 'Éiginnteacht i mbille nua faoin uair a mbeadh cosaint dhlíthiúil ag ‘síneadh fada’ na Gaeilge'