Easpa misnigh Ard Mhacha, sárthaispeántas McGuigan agus ceachtanna eile

Caitheann Tuairisc súil siar ar na scéalta is mó ó na Craobhacha Peile agus Iomána

Easpa misnigh Ard Mhacha, sárthaispeántas McGuigan agus ceachtanna eile

Easpa misnigh ag cur as d’Ard Mhacha

Cúig bliana déag a bhí Ard Mhacha ag fanacht ar a seans cluiche ceannais Uladh a bhuachan agus d’fhéadfadh go mbeidh siad ag fanacht tamall eile chun deis níos fearr a fháil ar Chorn an Aglo-Celt.

I gcoimhlint ghéar, chrua i gCluain Eois, rinne Ard Mhacha an-obair teacht ar ais sa chluiche tar éis dóibh cúl bog a ghéilleadh sa chéad leath. Céim ar chéim, d’éirigh leo a bheith ar comhscór ach bhí easpa misnigh ag baint le cuid d’imirt Ard Mhacha nuair a bhí deis acu an cluiche a bhaint.

D’fhág an cárta dubh a taispeánadh do Brendan Rogers san am cúitimh ag deireadh an 70 nóiméad go raibh Doire fear gann don chéad ocht nóiméad nó mar sin den am breise. Ba mhór an chailliúint a bhí ann, nó ba cheart gur cailliúint mhór a bheadh ann ar aon chaoi, go háirithe agus tuirse ag teacht ar imreoirí. Ach níor éirigh le hArd Mhacha leas a bhaint as an bhfear sa bhreis, agus ní bhfuair siad ach pointe amháin sa tréimhse a raibh Rodgers imithe ón bpáirc in am breise.

Mar sin féin bhí cuma níos láidre orthu d’fhormhór an ama breise agus d’éirigh leo dul dhá phointe chun cinn faoi dhó sa dara tréimhse. Bhí cuma thraochta ar chuid mhaith d’fhir Dhoire ag an bpointe sin ach seachas brú a choinneáil orthu, thosaigh Ard Mhacha ag titim siar agus ag géilleadh ciceanna amach. Bhain Doire leas as an bhfaoiseamh chun trí phointe as a chéile a aimsiú agus móiminteam an chluiche a athrú. Ní hé an chéad uair aige é, ba é Stefan Campbell a thug ugach d’Ard Mhacha agus an cic saor deireanach buaite aige ach bhí cúpla seans an cluiche a bhuachan caillte ag Ard Mhacha faoin am sin agus chaill siad ceann eile tráth na gciceanna éirice.

McGuigan ina laoch ag Doire

Rinne Shane McGuigan gaiscí scórála do Dhoire anuraidh ach, mar a léirigh na gradaim All Star, bhí barúil ann nach raibh sé chomh maith b’fhéidir le leithéidí Damien Comer agus Shane Walsh, gan trácht ar David Clifford.

Bhí an taispeántas a thug McGuigan in aghaidh Ard Mhacha chomh maith le haon taispeántas eile a thug tosach i mbliana agus ba é a choinnigh Doire sa choimhlint, as féin nach mór.

Ní hé cluiche ceannais an Domhnaigh an cluiche is fearr a d’imir cuid mhaith d’fhir Dhoire ach d’fhág cumas McGuigan, a d’aimsigh seacht bpointe ach a d’oibrigh go crua ar fud na páirce, gur tháinig Doire slán.

Sa dara leath den am breise, bhuaigh sé cic saor amháin, a scóráil Niall Toner, rinneadh feall air do cheann eile, a scóráil sé féin ó 45m chun na foirne a chur ar comhscór agus ansin bhuaigh sé an chéad chic amach eile le tús a chur leis an ngluaiseacht a chríochnaigh le pointe Lachlan Murray a chuir Doire chun tosaigh arís.

Bhí Conor Glass agus Brendan Rogers ar fheabhas ag pointí áirithe sa chluiche agus tá moladh ar leith tuillte ag an chosantóir óg, Eoin McEvoy, a chuir srian ar Andrew Murnin, ach bhí McGuigan gan sárú.

Ní chuirfidh Corn Tailteann deireadh leis an ngreadadh

Sna cúig chluiche a imríodh idir foirne ó Roinn 3 agus Roinn 4 sa chéad bhabhta de Chorn Tailteann, bhuaigh na foirne ó Roinn 4 ceithre cinn acu agus farasbarr breis is naoi bpointe ag na buaiteoirí ar an meán.

An cluiche idir Fear Manach agus Loch Garman, a chríochnaigh sa cheathrú háit i Roinn 4, an t-aon cheann nár cloíodh leis an script ann agus moladh tuillte ag na Carmannaigh a bhí ar comhscór in aghaidh na nUltach, a chríochnaigh ar bharr Roinn 3 i rith an earraigh.

Bhí bua cuimsitheach ag An Mhí (Roinn 2) ar Thiobraid Árann (Roinn 3) chomh maith agus ní raibh ach trí chluiche de na hocht gcinn idir dhá cheann na meá go deireadh.

Ní féidir breithiúnas ceart a thabhairt ar an gcomórtas agus gan ach babhta amháin imeartha ach is léir cheana féin nach stopfaidh Corn Tailteann foirne peile ag tabhairt greadadh d’fhoirne eile.

Chun doirne…

Tá James O’Donoghue, an t-iar-imreoir de chuid Chiarraí, deisbhéalach go maith agus is breá an comhluadar é féin, iar-réalta Átha Cliath Paddy Andrews agus an craoltóir Tommy Rooney ar The Football Pod, podchraoladh siamsúil Newstalk. Is minic O’Donoghue gonta magúil ina chuid anailíse ach bíonn sé an-dáiríre leis faoi rudaí áirithe. Tá an ghráin aige, mar shampla, ar an gcúilín a scóráiltear leis an dorn.

Creideann O’Donoghue, agus na daoine eile a gcuireann a leithéid de scór déistin orthu, nach bhfuil aon scil mhór ag baint leis an liathróid a chur thar an trasnán le do dhorn agus gur chóir cosc a chur ar a leithéid.

Ach na rialacha a athrú, chuirfí go mór le líon na ndeiseanna ar chúil, a deirtear. Bheadh a thuilleadh gaiscí againn ó imreoirí a bhíonn ar an ionsaí agus ó chosantóirí araon.

Ceann de bhuaicphointí na craoibhe go nuige seo an cúl álainn a scóráil Ryan O’Toole do Mhuineachán chun an bua a fháil ar Thír Eoghain. Bhí a fhoireann pointe chun deiridh ag an am agus mhaithfeadh aon duine don chosantóir é dá gcuirfeadh sé an pheil thar an trasnán lena dhorn chun comhscór a fháil. Ach níor chaill fear an mhisnigh riamh é.

De réir suirbhé a phostáil an t-iriseoir de chuid an Examiner John Fogarty ar Twitter inné, bhí 67% de dhaoine den tuairim gur mó go mór na deiseanna ar chúil a bheadh againn dá gcuifí cosc ar an gcúilín leis an dorn, cé go ndúirt corrdhuine gur a thuilleadh “athchúrsála” an toradh a bheadh ar a leithéid de chosc.

Ar an taobh eile den scéal, ní dócha go bhfuair muintir Cheatharlach aon locht ar Jonah Dunne an deireadh seachtaine seo caite nuair a chuir sé an pheil thar an trasnán lena dhorn chun pointe an bhua a fháil in aghaidh Chill Mhantáin agus an sméar mhullaigh a chur ar theacht aniar iontach a chontae.

Fág freagra ar 'Easpa misnigh Ard Mhacha, sárthaispeántas McGuigan agus ceachtanna eile'