Ealaín bhéil – céard a déarfá leis sin?

Tá na healaíona béil i lár an aonaigh i láthair na huaire. Is ‘scéal’ atá i chuile rud; an t-aistear bus chun na hoibre, sin scéal; lucht dearadh fógraíochta, is scéalaithe iad sin; bíonn a scéal nó a narrative féin ag na dreamanna éagsúla a bhíonn páirteach sa dioscúrsa poiblí. Dar ndóigh, ní haon scéal […]

IMG_4999

Tá na healaíona béil i lár an aonaigh i láthair na huaire. Is ‘scéal’ atá i chuile rud; an t-aistear bus chun na hoibre, sin scéal; lucht dearadh fógraíochta, is scéalaithe iad sin; bíonn a scéal nó a narrative féin ag na dreamanna éagsúla a bhíonn páirteach sa dioscúrsa poiblí.

Dar ndóigh, ní haon scéal nua atá san ealaín bhéil i dtraidisiún na Gaeilge agus tá lucht labhartha na teanga sin breá cleachta uirthi.

Anois, ar deireadh thiar, tá pobal comhaimseartha an Bhéarla ag teacht suas leis na Gaeilgeoirí.

Bhí dhá ócáid i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo ciate a léirigh an spéis atá sna healaíona béil—idir Ghaeilge is Bhéarla.

Mar chuid d’ócáid an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta, bhí Aisteoirí Chúil Aodha san ardchathair ar feadh oíche amháin lena ndráma Bacaigh Bhaile Bhúirne agus ba é an focal labhartha Béarla a bhí á chomóradh ag an bhféile Lingo.

Is é seo an chéad bhliain ar an saol ag Lingo agus tharraing imeachtaí na féile slua breá.

Ar oíche oscailte na féile, bhí an príomhsheomra sa Workman’s Club lán go béal. Ní raibh páipéar ná prapa san áit ach thug rannpháirtithe oráidí fileata uathu ar ábhair éagsúla –féinmharú, fearúlacht, banúlacht agus saol na mbruachbhailte.

Ba léir go raibh eolas ag an lucht féachana ar véarsaíocht roinnt de na filí taispeántais (Karl Parkinson agus John Cummins ina measc) mar go raibh siad ag aithris línte na ndánta in éineacht leo.

Tharla an cineál céanna aithrise ag ócáid in Óstán Buswells ag Bacaigh Bhaile Bhúirne. An chuid is fearr de thraidisiún béil na Gaeilge ar bharr a dteanga ag na haisteoirí… agus cúpla duine oilte sa lucht féachana.

Cóiriú ar phíosaí ealaín bhéil ón mbéaloideas atá sa dráma agus sampla breá den saibhreas teanga atá sa litríocht bhéil i nGaeilge.

Thug na haisteoirí na rannta leo go deas. B’aoibhinn leis an gcluais bheith ag éisteacht le comhréir ghlic na n-abairtí agus ba shásamh aigne í an chomhréir chéanna.

Nach spraíúil an domhan a bheadh againn dá mba í Gaeilge na mBacach a bhí á labhairt an t-am ar fad! Nár dheas an Nuacht á haithris le rithim is rím shnasta.

Bhí béim ag filí Lingo béim ar a gcanúintí féin— díreach mar bhí tosaíocht ag an gcanúint in Bacaigh Chúil Aodha. Baineann an tábhacht chéanna le canúint ag na lúibíní is na hagallaimh beirte ag Oireachtas na Gaeilge.

Is maith an píce dhá ladhar é seo; cuireann sé le héifeacht dhrámatúil an phíosa agus bíonn an méid atá á rá ag an reacaire níos inchreidte agus iad ag labhairt amach ina gcanúint dúchais.

Tá mo ghoile géaraithe go maith don Oireachtas.

Fág freagra ar 'Ealaín bhéil – céard a déarfá leis sin?'