€700 milliún a bheidh fágtha sa sparán ag an Aire Airgeadais lá an Bhuiséid

D’fhógair an Rialtas tráthnóna dhá phlean buiséid, ceann don Bhreatimeacht mar a aontaíodh agus ceann don Bhreatimeacht gan mhargadh. Sa dara cás d’fhéadfaí 50,000 post a chailleadh a dúradh

€700 milliún a bheidh fágtha sa sparán ag an Aire Airgeadais lá an Bhuiséid

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

€2.8 billiún breise a bheidh ag an Rialtas le caitheamh sa chéad bhuiséad  eile, a d’fhógair an tAire Airgeadais Paschal Donohoe tráthnóna. 

Tá €2.1 billiún de sin geallta cheana féin do chaiteachas caipitiúil, pá san earnáil phoiblí agus athruithe déimeagrafacha.

Fágann sin gur €700 milliún a bheidh fágtha sa sparán ag an Aire Airgeadais lá an Bhuiséid chun aon chaiteachas breise ná aon bhearta cánach a fhógairt seachas a bhfuil geallta ag an Rialtas cheana féin.

Tugadh le fios gur dócha go gcaillfear 50,000 post má fhágann an Bhreatain an tAE gan aon mhargadh a bheith aontaithe acu.

D’fhoilsigh an Rialtas tráthnóna ráiteas eacnamaíochta an tsamhraidh ina leagtar amach a bpleananna do Bhuiséad 2020, a fhógrófar ar an 8 Deireadh Fómhair, cúpla seachtain roimh an mBreatimeacht.

Oíche Shamhna, an 31 Deireadh Fómhair, atá rún ag an Ríocht Aontaithe imeacht as an AE. Beidh cruinniú mullaigh tábhachtach ag tíortha an Aontais Eorpaigh ar an 17/18 Deireadh Fómhair, an chéad chruinniú ag Príomh-Aire nuathofa na Breataine agus d’fhéadfadh gur ag an gcruinniú sin a shocrófaí an chéad chor eile i scéal an Bhreatimeachta.

Is údar imní é go bhféadfadh an fás atá á thuar i gcúrsaí eacnamaíochta sa tír seo a bheith i mbaol má fhágann an Bhreatain an tAontas faoi Shamhain agus gan an socrú a rinneadh leo anuraidh daingnithe acu.

Mar sin, d’fhógair an Rialtas tráthnóna dhá phlean buiséid, ceann don Bhreatimeacht mar a aontaíodh agus ceann don Bhreatimeacht gan mhargadh.

Más Breatimeacht gan mhargadh a bheas ann, is easnamh de idir -0.5% agus -1.5% de GDP a bheidh sa Bhuiséad seachas an barrachas atáthar a thuar. Más Breatimeacht gan mhargadh a bheidh ann, tá sé i gceist ag an Rialtas airgead a fháil ar iasacht chun tuilleadh a chaitheamh ar liúntais leasa shóisialaigh agus scéimeanna tacaíochta eile.

Tá an baol ann go bhféadfadh gurb amhlaidh a chlisfeadh eacnamaíocht a bhfuil róbhorradh fúithi agus atá mí-iomaíoch mura gcuirtear srianta uirthi. Is chuige sin go bhfuil an dream a bhíonn ag faire ar chúrsaí fioscacha ag comhairliú gur mithid cáin a ardú seachas a bheith á laghdú.

Naoi lá roimh an gcéad chruinniú mullaigh eile ag baill an Aontais Eorpaigh agus seachtain i ndiaidh ardfheis pháirtí Caomhach na Breataine a bheidh Lá an Bhuiséid againn, agus gan ach trí seachtaine idir sin agus spriocdháta Airteagal 50 agus an Breatimeacht. 

Fág freagra ar '€700 milliún a bheidh fágtha sa sparán ag an Aire Airgeadais lá an Bhuiséid'