€425,000 fógartha d’ionad pobail nua ar Inis Meáin

Tá €660,000 ar fad fógartha ag airí na Gaeltachta d’eagraíochtaí i nGaillimh, i nDún na  nGall, i gCiarraí agus i Maigh Eo

€425,000 fógartha d’ionad pobail nua ar Inis Meáin

Tá nach mór €425,000 fógartha ag airí na Gaeltachta, Catherine Martin agus Jack Chambers do Chomhlacht Forbartha Inis Meáin chun ionad pobail nua a thógáil ar an oileán Gaeltachta.

Tá €660,000 ar fad fógartha ag airí na Gaeltachta d’eagraíochtaí i nGaillimh, i nDún na  nGall, i gCiarraí agus i Maigh Eo chun obair athchóirithe a chur i gcrích agus trealamh a cheannach.

Baineann formhór an mhaoinithe nua –  €424,462 – leis an deontas don ionad pobail nua ar Inis Meáin.

20 togra ar fad atá i gceist leis an maoiniú nua.

Cuireadh tús anuraidh leis an bplean ionad pobail agus mol digiteach nua a thógáil ar Inis Meáin.

Cuireadh €32,000 ar fáil an uair sin le comhairleoirí a fhostú chun an t-ionad nua a dhearadh, chun tairiscintí don obair a lorg agus chun monatóireacht a dhéanamh ar an obair athchóirithe ar an seanionad tumadóireachta ar an oileán Gaeltachta.

€130,000 san iomlán atá ceadaithe d’eagraíochtaí i nGaeltacht Dhún na nGall agus 10 ndeontas atá i gceist.

Tá €20,000 do CLG Naomh Micheál i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh chun trealamh aclaíochta a cheannach agus tá dhá dheontas ceadaithe do dhá thogra caipitil i nGaeltacht  Mhaigh Eo

Dúirt an tAire Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go léiríonn fógra an lae inniu tiomantas an Rialtais tacú le pobal na Gaeltachta.

“Ainneoin na ndúshlán faoi leith atá romhainn ag an tráth seo de bharr na paindéime, is ábhar misnigh agus dóchais  é go bhfuil coistí agus cumainn ar fud na Gaeltachta ag saothrú leo go deonach ar mhaithe lena bpobail faoi leith.”

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers gur tacaíocht “phraiticiúil” a bhí i gceist a chabhródh leis an bpleanáil teanga agus “le pobal na Gaeltachta a mianta féin a bhaint amach”.

Gallimh

Iarratasóir /Sonraí Ceadaithe
Naíolann na nOileán f/c Mhuintearas – trealamh do sheomra Montessori €8,618
CLG An Spidéil – trealamh don pháirc pheile €17,124
Comharchumann Mhic Dara – radaitheoirí leictreacha cliste €2,650
CLG na Ceathrún Rua – tarracóir nua agus binsí don pháirc pheile €7,454
CLG Bhearna – Cuaillí agus obair ghaolmhar €17,638
Comharchumann Dhúiche Sheoigheach – obair ar dhíon an ionaid €15,738
Cumann Forbartha Chois Fharraige – Irisleabhar €3,000
Comhlacht Forbartha Inis Meáin – ionad pobail nua €424, 462
Iomlán €496,684

Maigh Eo

Iarratasóir /Sonraí Ceadaithe
Muintir an Chorráin Teo – veain do bhéilí ar rothaí €8,050
Comhar Dhún Chaocháin – táillí gairmiúla don pháirc spraoi €5,535
Iomlán €13,585

Dún na nGall

Iarratasóir /Sonraí Ceadaithe
Áislann Chill Charthaigh – obair bhreise feabhsúcháin ar an ionad €3,235
Galfchumann Ghaoth Dobhair – trealamh €16,524
Coláiste Ghaoth Dobhair – trealamh ranga don Choláiste. €4,536
Togra Óige Mhuire – trealamh d’ionad sealadach don óige i nGaoth Dobhair €13,025
Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór – uasghrádú ar an ionad €3,260
Coláiste Árainn Mhór – obair feabhsúcháin €25,000
Scoil Náisiúnta Taobhóige, An Clochán, – uasghrádú ar shíleáil na scoile €3,683
Comhlacht Forbartha an Fháil Charraigh – athchóiriú ar charrchlós an ionaid €47,354
CLG Ghaoth Dobhair – córas fuaime €9,699
Cumann Cheiltigh Ghaoth Dobhair – binsí foirne €5,735
Iomlán €132,051

Ciarraí

Iarratasóir /sonraí Ceadaithe
CLG Naomh Micheál, Baile an Sceilg – trealamh aclaíochta €23,482

 

Fág freagra ar '€425,000 fógartha d’ionad pobail nua ar Inis Meáin'