Tá maoiniú trí bliana €4.3 milliún ceadaithe ag Foras na Gaeilge do ghrúpaí atá páirteach i gcóras pleanála na líonraí Gaeilge.
Fógraíodh inné go mbeidh ciste €1.379 milliún in aghaidh na bliana á roinnt idir 36 eagraíocht Ghaeilge faoin Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge.
Cheadaigh baill bhord an Fhorais chomh maith maoiniú bliantúil na sé cheanneagraíocht Ghaeilge. Ceadaíodh €1,078,615 do Glór na nGael, €832,457 do Chonradh na Gaeilge, €745,136 do Chumann na bhFiann, €708,562 do Gaeloideachas, €650,183 do Gael Linn agus €622,594 d’Oireachtas na Gaeilge.
Beidh €41,057 á chur ar fáil ag an Fhoras d’fhéilte Gaeilge a bheidh á reáchtáil idir Eanáir agus Meitheamh 2022. I measc na bhféilte sin, tá Féile Idirnáisiúnta Litríochta Chúirt, Féile na Bealtaine, Féile Róise Rua, Sean-nós na Fearsaide agus Féile Nasc.
Fógraíodh chomh maith go raibh maoiniú cúig bliana ceadaithe ag an Fhoras don chéad mhórthionscadail eile foclóireachta. Tá sé i gceist ag lucht an fhoclóra dhá fhoclóir, Foclóir nua Gaeilge-Gaeilge agus foclóir nua Gaeilge-Béarla, a chur ar fáil ar líne faoi 2026.
Anuas ar an mhaoiniú a ceadaíodh, fógraíodh scéim nua a chuirfeadh maoiniú aon uaire ar fáil le hionaid Ghaeilge a chóiriú.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn go raibh sé ag súil go gcuideoidh an maoiniú le heagraíochtaí an Ghaeilge a chur chun cinn.
‘Is cuid lárnach iad na scéimeanna ar ceadaíodh €9m dóibh d’iarrachtaí ar fud an oileáin an Ghaeilge a fhorbairt ag leibhéal an phobail. Cinnteoidh an maoiniú seo go mbeidh pobail éagsúla ar fud an oileáin in ann a gcuid pleananna a réiteach do 2022.
“Beidh na sé cheanneagraíocht ábalta tacaíocht do na pobail sin a chinntiú i raon leathan réimsí ó fhorbairt pobail go himeachtaí óige go tacaíocht do chomhlachtaí gnó ina gceantar. Is pribhléid dúinn a bheith in ann tacú leis an obair sin, agus guímid gach dea-ghuí ar a gcuid oibre,’ a dúirt Ó Coinn.
Maidir leis an €4.3 milliún atá ceadaithe faoi Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, tá trí chineál eagraíochta aitheanta ag an Fhoras.
San ardchéim, beidh maoiniú á chur ar fáil do naoi n-eagraíocht atá ag feidhmiú i gceantar a bhfuil stádas líonra Gaeilge nó baile seirbhíse Gaeltachta bainte amach aige.
Sa mheánchéim, tá maoiniú ceadaithe do 19 eagraíocht atá ag feidhmiú i gceantair a bhfuil “bonn maith curtha faoi chúrsaí pleanála teanga” iontu.
Beidh ocht ngrúpa ag fáil maoiniú i mbunchéim na scéime, atá dírithe ar ghrúpaí nó coistí atá ag tús phróiseas na pleanála teanga.
Seo liosta iomlán na ngrúpaí a gheobhaidh maoiniú faoin Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge 2022-2024.
| Ardchéim | |
|---|---|
| Iarratasóir | Contae |
| Muintir Chrónáin Teo. | Baile Átha Cliath |
| Líonra Leitir Ceanainn | Dún na nGall |
| Gael-fhorbairt na Gaillimhe | Gaillimh |
| Ionadh Uíbh Eachach | Aontroim |
| Coiste Forbartha Charn Tóchair | Doire |
| An Clár as Gaeilge | An Clár |
| Gaeilge Locha Riach | Gaillimh |
| Coiste Dúiche Mhaigh Eo | Maigh Eo |
| Glór na Móna | Aontroim |
| Meánchéim | |
|---|---|
| Iarratasóir | Contae |
| Glór Cheatharlach | Ceatharlach |
| An Cumann Gaelach Muineachán | Muineachán |
| Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain | Aontroim |
| Gaelphobal Ard Mhacha Theas | Ard Mhacha |
| Gaeil na nGlinntí | Aontroim |
| Cill Dara le Gaeilge | Cill Dara |
| Glór na Spéiríní | Doire |
| Ionad na Fuiseoige | Aontroim |
| Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtair | An Dún |
| Pobal Ar A’n Iúl | Tír Eoghain |
| Cumann Gaelach na hEaglaise | Baile Átha Cliath |
| Cumann Gaelach Leath Chathail | An Dún |
| Glór Uachtar Tíre | An Dún |
| An Droichead | Aontroim |
| Cairde Teo | Ard Mhacha |
| Comhluadar Luimnigh | Luimneach |
| Croí Éanna | Aontroim |
| Gaelphobal Thamhlachta | Baile Átha Cliath |
| Cairde Uí Néill | Tír Eoghain |
| Bunchéim | |
|---|---|
| larratasóir | Contae |
| Glór Dhún Geimhin | Doire |
| Tús Nua | FearManach |
| Glor Léim an Mhadaigh | Doire |
| Glór Inis Eoghain | Dún na nGall |
| Gaeilge Nuada | Cill Dara |
| Craobh an lúir | An Dún |
| Craobh Pheadair Uí Dhubhda | An Lú |
| Pobal Gaeilge 15 | Baile Átha Cliath |
Fág freagra ar '€4.3 milliún ceadaithe do ghrúpaí pobail agus scéim aon uaire d’ionaid Ghaeilge fógartha'