€365,000 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta do thograí a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn i nDún na nGall

D’fhógair an tAire Stáit Patrick O’Donovan go raibh an t-airgead ceadaithe aige don eagraíocht Oideas Gael, do Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael Uladh agus do choiste tuismitheoirí i scoil ar an mBun Bheag

€365,000 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta do thograí a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn i nDún na nGall

Tá deontais €365,000 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta do chúrsaí oideachais agus spóirt i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall.

D’fhógair an tAire Stáit Patrick O’Donovan go raibh an t-airgead ceadaithe aige don eagraíocht Oideas Gael, do Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael Uladh agus do choiste tuismitheoirí i scoil ar an mBun Bheag.

Tá formhór an airgid, €255,000 nó €85,000 sa bhliain, ceadaithe d’Oideas Gael thar thréimhse trí bliana chun cuidiú leis an eagraíocht a gcuid cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta a reáchtáil i nGaeltachtaí Ghleann Cholm Cille, Thoraí agus Ghleann Fhinne. Tá Oideas Gael ar cheann de na heagraíochtaí is aitheanta sa tír a chuireann cúrsaí Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta.

Tabharfar €100,000 do Chomhairle Uladh thar thréimhse trí bliana chun Clár na gCluichí Gaelacha a reáchtáil i scoileanna i nGaeltacht Dhún na nGall. Faoin gclár, cuirtear cóitseálaithe ar fáil chun scileanna chluichí CLG a mhúineadh do pháistí scoile. Tá an clár á chur i bhfeidhm cheana féin i nGaeltacht na Gaillimhe agus Mhaigh Eo.

Anuas air sin, tá beagnach €10,000 ceadaithe do Choiste na dTuismitheoirí i Scoil Chonaill an Bhuna Bhig chun timpeallán inrochtana a chur ar láthair na scoile.

Ag fógairt na ndeontas, dúirt an tAire Stáit O’Donovan:

“Tacóidh Clár na gCluichí Gaelacha an nasc idir na cluichí Gaelacha agus an teanga a neartú agus tá áthas orm go bhfuil an clár seo á chur i bhfeidhm i nDún na nGall anois i gcomhpháirtíocht le Comhairle Uladh CLG mar atá sna ceantair Ghaeltachta eile.

“Aithnítear go forleathan an obair fhónta atá ar bun ag an eagraíocht Oideas Gael le blianta fada chun deiseanna a chur ar fáil do dhaoine fásta as Éirinn agus níos faide i gcéin an Ghaeilge a fhoghlaim i dtimpeallacht álainn Dhún na nGall…

“Agus sa Bhun Beag tá sárobair ar bun ag Coiste Tuismitheoirí Scoil Chonaill chun tacú leis an scoil lán-Ghaeilge sin chun leas an phobail ar fad.”

Fág freagra ar '€365,000 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta do thograí a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn i nDún na nGall'