€3.7 milliún breise don Ghaeilge i mbuiséad Pharlaimint na hEorpa

Úsáidfear an t-airgead breise le níos mó seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge sna forais Eorpacha amach anseo

28/2/2012 European Union Flags

Vótáil Feisirí Pharlaimint na hEorpa inniu i bhfách le €3.7 milliún a chur ar leataobh don Ghaeilge i mbuiséad na Parlaiminte.

Úsáidfear an t-airgead breise le níos mó seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge sna forais Eorpacha amach anseo. Ón 1 Eanáir 2017 ar aghaidh, aistreofar gach treoir de chuid an AE go Gaeilge. Go dtí seo ní raibh á aistriú ach rialacháin ó Chomhairle na nAirí.

Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh le plean an Rialtais i mí na Nollag seo caite go gcuirfí leis na seirbhísí atá ar fáil in nGaeilge ón AE nó go rachadh an maolú atá i bhfeidhm ar stádas na Gaeilge in éag faoi cheann cúig bliana.

Chuir na Feisirí Eorpacha atá ag Fine Gael – Seán Kelly, Mairéad McGuinness, Brian Hayes agus Deirdre Clune – fáilte roimh an scéala inniu go raibh breis maoiniú ar fáil.

“It is very important that Irish has full working status in the EU and an improved level of services for those who use our native language,” a dúirt an ceathrar Feisirí ó Fhine Gael i ráiteas a d’eisigh siad inniu.

Fág freagra ar '€3.7 milliún breise don Ghaeilge i mbuiséad Pharlaimint na hEorpa'

  • Fearn

    3 700 000 € breise? Cad é an t-iomlán anois, agus cá bhfaighidh mé mo chuid de?

  • Seán Mag Leannáin

    Tá stádas na Gaeilge sna hinstiúidí Eorpacha i bhfad chun tosaigh anois ná a stádas i státseirbhís na hÉireann, áit nach bhfuil “ach 10 gcinn den 8,367 post atá i ndeich roinn stáit faoi láthair daingnithe mar phostanna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo (Tuairisc, 8 Aibreán 2016),” agus áit chomh maith a bhfuil “státseirbhísigh ag cur seirbhíse i nGaeilge ar fáil don phobal ar bhonn ‘deonach’ amháin (Tuairisc, 10 Samhain 2015).” I go leor de na Ranna anseo níl oiread is post amháin aitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis. Tá breis is leathchéad Éireannach fostaithe i bpostanna aistriúcháin agus ateangaireachta i leith na Gaeilge san AE. Tá rannóga ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge sa Bhruiséil.

    De réir mar a théann an bhearna seo idir an scéal thall agus an scéal abhus i méid, seans go gcuirfidh sé náire de shaghas éicint ar an Rialtas anseo sa deireadh?