€2 milliún curtha ar leataobh ag Island Ferries Teoranta le freastal ar tháillí calafoirt

Deirtear i nótaí an iniúchóra le cuntais 2014 an chomhlachta go bhféadfadh go mbeadh gnó Island Ferries Teoranta i mbaol mar thoradh ar bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí faoi tháillí calafoirt

€2 milliún curtha ar leataobh ag Island Ferries Teoranta le freastal ar tháillí calafoirt

Chuir Island Ferries Teoranta breis agus €2 milliún ar leataobh le freastal ar tháillí calafoirt nár íocadh, de réir na gcuntas is deireanaí a chláraigh an comhlacht, cuntais 2014.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 aréir gur tugadh le fios freisin sna nótaí a bhain leis na cuntais don bhliain 2014, a chuir Island Ferries Teoranta faoi bhráid na hOifige um Chlárú Cuideachtaí i mbliana, gur éirigh Paddy O’Brien as stiúrthóireacht an chomhlachta cúig mhí ó shin.

Níl cuntais na bliana 2015 curtha isteach ag an gcomhlacht go fóill, agus níl aon mhíniú tugtha ag Island Ferries Teo ar an moill sin.

Deirtear i nótaí an iniúchóra le cuntais 2014 go bhféadfadh athstruchtúrú suntasach ar an ngnó a bheith ag teastáil mar thoradh ar bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí faoi achomharc a rinneadh faoi na táillí calafoirt i gCill Rónáin. D’fhéadfadh go bhfágfadh an scéal sin go gcuirfí an gnó i mbaol, a dúradh.

Dúirt Paddy O’Brien le Nuacht TG4 gur “soláthar cuntasaíochta” seachas “airgead tirim” atá i gceist leis an €2,028,000 a luaitear sna cuntais agus go mbeidh “táillí de chineál éigin” fós le híoc ar ais ag Island Ferries Teo fiú má éiríonn leis na hiarrachtaí atá ar bun teacht ar réiteach ar an achrann atá ar siúl idir an comhlacht agus Comhairle Chontae na Gaillimhe le tamall de bhlianta anuas.

Dheimhnigh O’Brien gur éirigh sé as a bheith ina stiúrthóir ar an gcomhlacht i mí Iúil, ach níor mhínigh sé cén fáth ar éirigh sé as. Tá duine de chlann O’Brien tagtha ina áit mar stiúrthóir ar Island Ferries Teo. Tá O’Brien agus a bhean Sally fós i gceannas ar Clynagh Holdings Limited, máthairchomhlacht Island Ferries.

Léiríodh sna cuntais a fuair Nuacht TG4 go raibh caillteanas carntha €410,000 ag Island Ferries Teo in 2013 ach gur brabach €340,000 a bhí ann an bhliain dár gcionn — athrú chun feabhais €750,000 in imeacht bliana.

Táthar ag bagairt le breis agus mí anuas go gcuirfear deireadh leis an tseirbhís as Ros an Mhíl go Cill Rónáin mura dtiocfar ar réiteach ar an achrann atá ann mar gheall ar fhodhlíthe na Comhairle Contae a éilíonn ar Island Ferries Teo go n-íocfar 80 cent in aghaidh an phaisinéara ag céibh Chill Rónáin.

Táille in aghaidh an bháid agus ní in aghaidh an phaisinéara a ghearrtaí go dtí an bhliain 2011, nuair a athraíodh fodhlí. Anuraidh, thug Island Ferries Teo dhá chás Ard-Chúirte i gcoinne Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus i gcoinne Roinn na Mara sula ndeachaigh siad os comhair na Cúirte Uachtaraí, mar ar rialaíodh go raibh de cheart ag Comhairle Chontae na Gaillimhe táille €0.80 a ghearradh ag Cuan Chill Rónáin, ach nach raibh sé de cheart ag an Roinn Cumarsáide táille €1.20 a ghearradh ag Cuan Ros an Mhíl.

Cuireadh deireadh leis an tseirbhís farantóireachta ag Island Ferries Teo ar feadh aon lá amháin ag tús na míosa seo mar gheall ar an aighneas.

Bhí cainteanna ar siúl an uair sin idir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe Kevin Kelly agus Island Ferries Teo féachaint an féidir teacht ar réiteach ar an aighneas seanbhunaithe. Ba é toradh an chruinnithe sin ná go mbeidh seirbhís farantóireachta á cur ar fáil ag Island Ferries Teo go dtí an 4 Eanáir 2017. Idir an dá linn, déanfar iarracht eile teacht ar réiteach ar an aighneas.

Dúirt Island Ferries Teo go mbeadh siad sásta anois glacadh le táillí in aghaidh an phaisinéara, a fhad is a laghdófaí an táille sin ó €0.80 an duine go €0.40 an duine. Bheadh an comhlacht sásta táillí atá le híoc ó 2012 a aisíoc ag an ráta sin freisin – rud a d’fhágfadh go mbeadh tuairim is €50,000 in aghaidh na bliana le híoc acu, dar le hurlabhraí an chomhlachta.

Fág freagra ar '€2 milliún curtha ar leataobh ag Island Ferries Teoranta le freastal ar tháillí calafoirt'