Dúshlán mór roimh na Muimhnigh as baile i nGlaschú, brú aisteach ar na Connachtaigh

Imreoirí dara rogha a bheas ag déanamh ionadaíochta ar na cúigí an deireadh seachtaine seo

Dúshlán mór roimh na Muimhnigh as baile i nGlaschú, brú aisteach ar na Connachtaigh

Cé go bhfuil babhta amháin den URC, Babhta 11, fós le himirt roimh thús Chomórtas Sé Náisiún na bliana seo an Déardaoin seo chugainn, ní dóigh go mbeidh áit ar an bpainéal idirnáisiúnta acu siúd a bheas ag imirt an deireadh seachtaine seo.

Fágann sin gur imreoirí dara rogha, an chuid is mó acu ar fhíorbheagán taithí, a bheas ag déanamh ionadaíochta ar na cúigí an deireadh seachtaine seo.

Tá dúshlán mór roimh na Muimhnigh anocht agus iadsan as baile i nGlaschú, foireann a d’ardaigh iad féin go barr thábla an URC an deireadh seachtaine seo caite, nuair a fuair siad an lámh in uachtar ar Zebre san Iodáil. Is beag atá idir na foirne seo. Níl Glaschú ach cúig áit agus cúig phointe chun cinn ar Chúige Mumhan. Níor chaill siad ach dhá chluiche as deich n-iarracht, i gcomparáid leis na trí chluiche atá caillte ag Cúige Mumhan.

Mar sin féin, is ag Glaschú atá buntáiste an bhaile agus cé go bhfuil siadsan lagaithe freisin de bharr imreoirí a bheith ar dualgas idirnáisiúnta nó gortaithe, seans go bhfuil doimhneacht imreoirí níos fearr acu ná mar atá ag Cúige Mumhan. Mar sin féin, is deis iontach é seo chun preab nó geit a bhaint as ceann de na foirne is fearr san Eoraip faoi láthair. Níl mé cinnte go bhfuil an cumas sin ag Cúige Mumhan faoi láthair!

San Iodáil a bheas Cúige Chonnacht amárach agus iadsan i gcoinne Zebre, foireann atá suite sa séú háit déag nó ar íochtar an tábla, faoi láthair.

Mar sin féin, thug Zebre dóthain le déanamh do Ghlaschú an Satharn seo caite, imirt a bheas mar spreagadh dóibh mar nach bhfuil na Connachtaigh ach dhá áit agus ceithre phointe chun cinn orthu. Tá na Scarlets, foireann atá suite idir Cúige Chonnacht agus Zebre sa gcúigiú háit déag, ag imirt i gcoinne Benetton anocht. Má bhíonn an bua acusan agus má chailleann Connachta amárach beidh foireann na Gaillimhe suite ar íochtar an tábla. Seans nach gá tada eile a rá faoin mbrú atá ar na Connachtaigh faoi láthair. Ba cheart go mbeadh sé sin féin mar spreagadh acu.

Sa mbaile a bheas Cúige Laighean agus Cúige Uladh amárach. Fiú má tá an dá fhoireann breá compordach gar do bharr an tábla faoi láthair, is cinnte go mbeidh bua agus bua le pointe bónais mar sprioc acu araon.

I gcás Chúige Laighean níor cheart go mbeadh mórán stró orthu i gcoinne Dhún Éideann, foireann atá naoi n-áit agus seacht bpointe dhéag níos ísle ná foireann Átha Cliath. Is cinnte freisin go mbeidh Leo Cullen ar thóir bua cuimsitheach amárach, mar gur i gcoinne Dhún Éideann a bheas Cúige Laighean sa gcéad bhabhta eile de Chorn na gCuradh ag tús mhí Aibreáin. Anois, sin ugach do churaidh reatha an URC.

Chinntigh bua na Scarlets ar Chúige Uladh an Satharn seo caite gur shleamhnaigh foireann Bhéal Feirste síos tábla an URC. Fágann sin go bhfuil siad sa séú háit ar an tábla, dhá áit agus trí phointe níos ísle ná freasúra an lae amárach, Caerdydd. Tá deis ag Cúige Uladh amárach deacrachtaí an deireadh seachtaine seo caite a cheartú. Creidim go ndéanfaidh siad amhlaidh.

Fág freagra ar 'Dúshlán mór roimh na Muimhnigh as baile i nGlaschú, brú aisteach ar na Connachtaigh'