Duine as gach cúigear daltaí Ardteiste nach bhfuair aon toradh Gaeilge

Don dara bliain as a chéile bhí an céatadán daltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge os cionn 20%

Duine as gach cúigear daltaí Ardteiste nach bhfuair aon toradh Gaeilge

Ní bhfuair duine as gach cúigear de na daltaí a fuair a dtorthaí Ardteiste i mbliana aon mharc don Ghaeilge mar nach raibh siad cláraithe d’aon scrúdú Gaeilge.

Seo an dara bliain as a chéile go raibh an céatadán daltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge os cionn 20%.

61,737 dalta a fuair a gcuid torthaí Ardteiste an tseachtain seo caite ach ní raibh 12,578 díobhsan, nó 20.4%, cláraithe do scrúdú Gaeilge.

57,271 dalta a fuair toradh sa Bhéarla i mbliana, nó 92.8% de dhaltaí. 57,348 dalta a fuair toradh don Mhatamaitic, nó 92.9%.

Anuraidh ní bhfuair 22.4% de na daltaí a fuair a dtorthaí Ardteiste aon mharc don Ghaeilge mar nach raibh siad cláraithe d’aon scrúdú Gaeilge, céatadán níos airde ná aon bhliain eile le fiche bliain.

8,112 dalta níos mó a fuair toradh Béarla i mbliana ná mar a fuair toradh Gaeilge agus 8,189 níos mó daltaí a fuair toradh don Mhatamaitic ná a fuair don Ghaeilge.

De ghnáth, bíonn díolúine ag idir 60-70% de na daltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge.

Céatadán na ndaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge don Ardteist
2011 19%
2012 19%
2013 18%
2014 17%
2015 16%
2016 16%
2017 15%
2018 15%
2019 18%
2020 18%
2021 18%
2022 22%
2023 20%

Thug an Roinn Oideachais córas nua díolúintí isteach in 2021 a mhaígh siad a chinnteodh gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge feasta.

Ach níor thug an Roinn aon sainmhíniú ar cad a bhí i gceist le ‘annamh agus eisceachtúil’ agus bhí saineolaithe oideachais éagsúla den tuairim go gcuirfeadh an t-athrú go mór le líon na ndíolúintí ón nGaeilge a cheadófaí.

Deir an Roinn Oideachais go mbíonn cúiseanna éagsúla ag daoine nach mbíonn díolúine faighte acu gan scrúdú Gaeilge a dhéanamh san Ardteist.

I measc na gcúiseanna a luaitear, tá gan aon spéis a bheith ag daltaí áirithe an scrúdú a dhéanamh. Chomh maith leis sin, dúradh go socraíonn daltaí nach mbeidh Gaeilge riachtanach ina gcuid staidéir tar éis na hArdteiste.

Ina measc siúd bíonn daltaí a bhfuil fúthu dul ag staidéar thar lear.

Ní dhéanann daltaí eile scrúdú Gaeilge toisc iad a bheith ag déanamh na hArdteiste den dara huair nó toisc iad a bheith ina n-iarrthóirí seachtracha nach bhfuil Gaeilge á déanamh acu.

Fág freagra ar 'Duine as gach cúigear daltaí Ardteiste nach bhfuair aon toradh Gaeilge'

  • Seán ÓM

    Cén chaoi díolúine a fháil ón mBéarla? (Gan an tír a fhágáil).

  • Liam

    Thar am ag Tuairisc.ie FOI ar na frith-Ghaeil is cúis le hardú na ndíolúintí sa Ghaolainn. Náire shaolta iad. Cuid díobh ag saothrú i ngort na Gaolainne agus fuath dá réir acu don Ghaolainn ach pinginí go leor déanta acu uirthi!