Dualgas ar Rialtas na Breataine an Ghaeilge ‘a shaoradh ón teannas polaitíochta’ in Stormont – tuarascáil

Deir Comhairle na hEorpa gur údar díomá dóibh nach bhfuil acht Gaeilge tugtha isteach ó thuaidh agus go bhfuil Rialtas na Breataine agus Feidhmeannas Stormont ag sárú a ndualgas i leith na teanga

Dualgas ar Rialtas na Breataine an Ghaeilge ‘a shaoradh ón teannas polaitíochta’ in Stormont – tuarascáil

Deir Comhairle na hEorpa gur chóir do Rialtas na Breataine acht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh agus cur chun cinn na Gaeilge “a shaoradh ón teannas polaitíochta” i Stormont.

Deir an mhóreagraíocht cearta daonna gur údar díomá dóibh nach bhfuil acht Gaeilge aontaithe fós ag Tionól Stormont agus gur léir an “doicheall polaitiúil roimhe” ó thuaidh.

Maítear áfach i dtuarascáil nua de chuid na Comhairle go bhfuil ag teip chomh maith ar Rialtas na Breataine a gcuid dualgas ó thaobh na Gaeilge a chomhlíonadh sa dlí, sa chraoltóireacht agus san oideachas.

Deir Comhairle na hEorpa sa tuarascáil nua gur gá reachtaíocht agus sraitéis chuimsitheach do chur chun cinn na Gaeilge a thabhairt isteach sa Tuaisceart mar ábhar práinne.

Deirtear go bhfuil dualgas ar Rialtas na Breataine na beartais atá sa Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh a chur i bhfeidhm.

Is cuma, a deirtear, an chumhacht maidir le go leor de na beartais sin a bheith bronnta ar Stormont mar ní bhaineann sin “d’fhreagracht na Ríochta Aontaithe” i dtaobh a dhualgais teanga.

De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar thuarascáil na Comhairle, níl curtha i gcrích sa Tuaisceart ag na húdaráis ach sé cinn den 48 beartas i leith na Gaeilge atá leagtha síos mar dhualgais acu.

I gcás na Breataine Bige tá 58 den 64 beartas i gcás na Breatnaise curtha i gcrích.

Maítear sa tuarascáil faoi chás na mionteangacha sa Ríocht Aontaithe go bhfuil go leor lochtanna ar an gcur chuige ó thaobh na Gaeilge ó thuaidh den teorainn agus go bhfuil an Chairt Eorpach á sárú i réimsí éagsúla.

Deirtear, mar shampla, go bhfuil cur chuige “bearnach” ann maidir le comharthaí dátheangacha agus úsáid logainmneacha Gaeilge.

Maidir le Tionól Stormont, deirtear gur ag teacht salach ar an gCairt atá an nós gur faoi chainteoirí Gaeilge atá sé a gcuid cainte féin a aistriú go Béarla.

I réimse na meán, deirtear nach leor an cúig uair a’ chloig de chláir Ghaeilge a chraoltar ar an BBC, idir theilifís agus raidió, gach seachtain. Deirtear go gcuireann an ‘Geo-blocking’ isteach ar dhaoine atá ag iarraidh TG4 a fháil i gceantair áirithe agus nach bhfuil teacht saor in aisce ag cách ar an gcainéal ó thuaidh.

Deirtear gur chóir Raidió Fáilte a chur ar fáil níos forleithne agus nuachtán amháin “ar a laghad” a bhunú.

Luaitear chomh maith sa tuarascáil na heasnaimh, dar leis an gCoiste Saineolaithe, atá ar an soláthar a dhéantar don Ghaeilge sa chóras oideachais.

Ar na moltaí atá sa tuarascáil, deirtear gur chóir reachtaíocht agus straitéis chuimsiteach a thabhairt isteach don Ghaeilge.

Deirtear chomh maith gur chóir dóthain oiliúna a chur ar fáil a chinnteodh go bhfuil dóthain múinteoirí Gaeilge ann agus gur cheart cur leis an soláthar oideachais Ghaeilge ag gach leibhéal.

Moltar bheith istigh a thabhairt don Ghaeilge sna cúirteanna agus deireadh a chur leis an “éagóir” sin.

Ba cheart an reachtaíocht is tábhachtaí agus cáipéisí eile a aistriú go Gaeilge agus córas aistriúcháin comhuaineach a chur ar fáil in Stormont, a deirtear.

Fág freagra ar 'Dualgas ar Rialtas na Breataine an Ghaeilge ‘a shaoradh ón teannas polaitíochta’ in Stormont – tuarascáil'