Duaiseanna idirnáisiúnta bainte ag drioglanna Gaeltachta

Thug Drioglann Inis Chléire agus Drioglann Dhaingean Uí Chúis boinn leo ó Chomórtas Biotáille Londan 2020 an mhí seo

Duaiseanna idirnáisiúnta bainte ag drioglanna Gaeltachta

Tá curtha lena gclú ag dhá dhrioglann Ghaeltachta agus duaiseanna tugtha leo acu i gcomórtas idirnáisiúnta.

Bhuaigh Drioglann Inis Chléire agus Drioglann Dhaingean Uí Chúis boinn ag Comórtas Biotáille Londan 2020 an mhí seo.

In 2019 a bunaíodh Drioglann Inis Chléire ach tá cáil bainte amach aici cheana féin agus is í an t-aon drioglann dá cineál atá lonnaithe ar oileán amach ó chósta na hÉireann. Bhuaigh a jin, 3 SQ. MILES, an bonn airgid ag an gcomórtas i Londain.

Bonn cré-umha a bhain jin Dhrioglann Dhaingean Uí Chúis amach, drioglann a bunaíodh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne sa bhliain 2012.

Rinneadh moltóireacht ar thrí chatagóir éagsúla sa chomórtas – caighdeán, luach agus pacáistiú – agus bhain na drioglanna Gaeltachta marcanna arda amach sna catagóirí go léir.

Cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta iad an dá dhrioglann agus dúirt Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, gur iontach an scéal do na comhlachtaí féin agus don Ghaeltacht na duaiseanna.

“Léiríonn na duaiseanna dea-thoradh a gcuid oibre le blianta anuas agus chomh dílis is atá na comhlachtaí dá gcuid táirgí.

“Leagfaidh na duaiseanna seo béim ar cheantair Ghaeltachta mar áiteanna den scoth ina bhfuil táirgí den chaighdeán ard seo á ndéanamh iontu agus léiríonn siad go soiléir go bhfuil rath ar an earnáil seo sa nGaeltacht agus drioglanna agus grúdlanna lonnaithe fud fad na Gaeltachta.”

Bhuaigh an dá chomhlacht duaiseanna ag Comórtas Biotáille Idirnáisiúnta San Francisco i mbliana chomh maith agus aitheantas anois acu ar an ardán idirnáisiúnta.

Fág freagra ar 'Duaiseanna idirnáisiúnta bainte ag drioglanna Gaeltachta'