Duais don scannán faisnéise staire is fearr buaite ag ‘Murdair Mhám Trasna’

Shínigh Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn barántas an mhí seo caite chun pardún a thabhairt do Mhaolra Seoighe ar crochadh san éagóir é as dúnmharuithe Mhám Trasna in 1882

Duais don scannán faisnéise staire is fearr buaite ag ‘Murdair Mhám Trasna’

Tá an duais don scannán faisnéise is fearr buaite ag an chlár Murdair Mhám Trasna ag Féile na Meán Ceilteach 2018.

An comhlacht léiriúcháin Gaeltachta ROSG a léirigh an scannán faisnéise do TG4 agus ba é Colm Bairéad a stiúir an saothar atá bunaithe ar an leabhar ‘Éagóir’, a scríobh an t-iarChoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin.

Seo an tríú duais atá buaite ag cláracha de chuid TG4 ag Féile na Meán Ceilteach 2018 atá ar siúl in Llanelli na Breataine Bige an tseachtain seo.

Bronnadh duaiseanna ar An Béal Bocht agus Rocky Ros Muc in Llanelli inné, an chéad lá d’Fhéile na Meán Ceilteach.

Thréaslaigh Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont a mbua le lucht déanta Murdair Mhám Trasna. Dúirt sé gur chuir an gradam “leis an aitheantas atá faighte ag an gclár seo ar fud na cruinne”.

Shínigh Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn barántas an mhí seo caite chun pardún a thabhairt do Mhaolra Seoighe ar crochadh san éagóir é as dúnmharuithe Mhám Trasna in 1882.

Ba in agallamh sa scannán faisnéise a thug an tUachtarán le fios den chéad uair go raibh saineolaí ceaptha ag an Rialtas le scrúdú a dhéanamh ar an chás go dtabharfaí pardúin iarbháis do na daoine a ciontaíodh san éagóir i ndúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882.

Ciontaíodh ochtar fear as Dúiche Sheoighe as dúnmharú teaghlaigh i Mám Trasna sa bhliain 1882. Bhain an cás le dúnmharú cúigear as an aon teaghlach amháin i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo.

D’fhág an tslí ar láimhseáladh an scéal gur crochadh triúr san éagóir agus gur chaith cúigear eile blianta fada dá saol i bpríosún mar gheall ar choir uafásach nach raibh baint ná páirt acu léi. Insítear i Murdair Mhám Trasna scéal na ndúnmharuithe agus scéal na bhfear a daoradh bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle.

 

Fág freagra ar 'Duais don scannán faisnéise staire is fearr buaite ag ‘Murdair Mhám Trasna’'