Droim láimhe tugtha le hachomharc An Taisce maidir le bóthar ‘an Daingin’

Rialaigh an Breitheamh Robert Haughton i gcoinne An Taisce sa Chúirt Tráchtála tráthnóna

017825_1d5aadc1

Tá an Breitheamh Robert Haughton tar éis rialú in aghaidh cás a thug An Taisce os comhair na cúirte, ag tabhairt dúshláin maidir le cead pleanála a tugadh i gcomhair an N86 ón Daingean go dtí an Cam in iarthar Chiarraí.

Tar éis don Bhord Pleanála athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás i mí na Samhna 2014, thug siad cead dul ar aghaidh leis an obair forbartha ar an mbóthar ó Dhaingean Uí Chúis go dtí an Cam.

Agus An Taisce ag cur in aghaidh chinneadh sin an Bhoird Pleanála, mhaígh siad nach ndearnadh an tionscadal a mheas i gceart de réir forálacha a bhaineann le ceisteanna timpeallachta.

Mhaígh An Taisce leis nach bhfuil An Bord Pleanála ag cloí le rialacha an Aontais Eorpaigh i gcás an N86 agus go ndéanfaí dochar d’áilleacht na timpeallachta dá leathnófaí an bóthar mar atá beartaithe a dhéanamh.

Lena chois sin, dúirt An Taisce nach raibh aon eolas acu i dtaobh conas a chuirfeadh an fhorbairt isteach ar ainmhithe agus ar thalamh na dúichí, go mórmhór ar an gcuid sin den bhóthar a shíneann ó Abhainn an Scáil go Gort Bréagóg, atá 4.2 cilliméadar ar fhaid.

Thug an Breitheamh Haughton droim láimhe le hachomharc An Taisce inniu agus caitheadh amach an cás.

Fág freagra ar 'Droim láimhe tugtha le hachomharc An Taisce maidir le bóthar ‘an Daingin’'

  • seán

    Cad chuige an Taisce anois? Nó cad chuige atá siad? Cén ról ata acu? Músclaítear an-chuid ceisteanna leis an gcinnneadh seo. Cé hiad an Taisce? Cad iad na cumahctaí atá dlite dhóibh? Cén fáth a bhfuil an rialtas á n-íoc? Bhfuil cothrom na féinne á fháil acu? Ceann de na coinníollacha a leag siad síos maidir le Starwars Sceilig Mhichíl deimhin a dhéanamh nach mbeadh láithreacht ar bith ag francaigh (lucha móra) ar an gCarraig de bharr na scannánaíochta sin! Cad iad na nithe a bhí ag déanamh tinnis dóibh go díreach maidir leis an an gcuid sin den bhóthar a shíneann ó Abhainn an Scáil go Gort Bréagóg??? Tá’s agam go raibh muintir an Daingin féin ar buile chucu ach cá hiontas é sin mar is dream buile iad gach lá den saol.