‘Drogall’ ar fhoilsitheoirí Gaeilge freastal ar an éileamh atá ann ábhar a chur ar fáil go digiteach – lucht leabharlann

Dúradh ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais go raibh ‘bearna mhór’ ann ó thaobh líon na ríomhleabhar agus na gclosleabhar Gaeilge a chuirtear ar fáil do na leabharlanna

‘Drogall’ ar fhoilsitheoirí Gaeilge freastal ar an éileamh atá ann ábhar a chur ar fáil go digiteach – lucht leabharlann

Tá an “drogall” a bhíonn ar fhoilsitheoirí Gaeilge a n-ábhar a chur ar fáil go digiteach ar cheann de na cúiseanna nach mbíonn tóir níos mó ar leabhair Ghaeilge sna leabharlanna, a deir Stiúrthóir Chathair Litríochta UNESCO Bhaile Átha Cliath.

Bhí cúrsaí foilsitheoireachta agus léitheoireacht na Gaeilge á bplé i dTeach Laighean tráthnóna inné. Dúirt Anne Marie Kelly le Coiste Gaeilge an Oireachtais gur “dúshlán” a bhí ann nach raibh go leor foilsitheoirí Gaeilge sásta saothair a chur ar fáil mar ríomhleabhair nó mar chlosleabhair.

“Tháinig méadú mór i rith na paindéime ar an tóir a bhí ar Ríomhacmhainní, go háirithe ríomhleabhair agus closleabhair,” a dúirt Kelly. “Tá nósanna nua cruthaithe i ndiaidh na paindéime agus leanann an tóir atá ar na hacmhainní sin i measc ár n-úsáideoirí.

“Mar sin féin…tá an chuma air go bhfuil foilsitheoirí Gaeilge drogallach páirt a ghlacadh inár n-ardáin dhigiteacha. Tá níos mó oibre le déanamh go fóill maidir leis seo.”

Mhínigh Kelly go raibh 127 ríomhleabhar Gaeilge ar fáil faoi láthair ar an ardán BorrowBox, a bhíonn in úsáid ag na leabharlanna.

In ainneoin iarracht “chomhbheartaithe ar leibhéal náisiúnta” cur le líon na dteideal Gaeilge ar an ardán, dúirt Kelly gur léirigh foilsitheoirí Gaeilge go mbíonn drogall orthu a leabhair a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach ar BorrowBox.

Mheas Kelly go mb’fhéidir gur “buairt airgeadais” a bhí ag cur as do na foilsitheoirí agus imní orthu go gcaillfí amach ar airgead dá gcuirfí leaganacha digiteacha de na leabhair ar fáil do na leabharlanna.

Mar sin féin, bhí “bearna mhór” ann a dúirt sí nach raibh ach “ag leathnú”.

Thagair Bernie Kelly, Leabharlannaí an Chontae (Gníomhach) le Comhairle Chontae na Gaillimhe don fhadhb a bhíonn acu maidir le soláthar leabhar Gaeilge.

Bíonn ar na leabharlanna a gcuid leabhar a fháil ó sholáthraí a bhfuil an conradh aige na leabhair a sholáthar faoi Chreat-Chomhaontuithe. Mura bhfuil leabhar áirithe ag an soláthraí sin, ní féidir le leabharlann é a cheannach, rud a chruthaíonn deacrachtaí i dtaobh na leabhar Gaeilge ó am go chéile.

“Bíonn a fhios ag na foilsitheoirí móra [faoin Chreat] ach b’fhéidir nach mbeadh a fhios ag na foilsitheoirí beaga nó daoine atá ag féinfhoilsiú go gcaithfidh an leabhar a bheith ag an soláthróir sin,” a dúirt Kelly.

Dúirt sí go raibh “easpa cumarsáide” ann uaireanta agus gur cailleadh deiseanna teidil Ghaeilge a cheannach mar gheall go gcaithfí cloí leis an gCreat.

Maidir le bearnaí a bhí ann sa réimse leabhar atá ar fáil i nGaeilge, dúirt Kelly go raibh sé aitheanta ag lucht na leabharlainne i nGaillimh agus ag múinteoirí, go raibh easpa ábhar neamhfhicsin do dhaoine óga ann agus mhol sí d’fhoilsitheoirí tabhairt faoin réimse sin, go háirithe.

Tá ionadaithe ó chuid de na foilsitheoirí Gaeilge le teacht os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo chugainn chun earnáil na foilsitheoireachta a phlé.

Fág freagra ar '‘Drogall’ ar fhoilsitheoirí Gaeilge freastal ar an éileamh atá ann ábhar a chur ar fáil go digiteach – lucht leabharlann'