FÉILTE
Domhnach Chrom Dubh chugainn – Féile Lughnasa Chlochán Bhréanainn
Beidh féile Lughnasa Chlochán Bhréanainn i gContae Chiarraí ar bun ón Aoine 26 go dtí an Luan, an 29 Iúil. Déanann muintir an Chlocháin agus an Leitriúigh ceiliúradh Lúnasa ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil. Domhnach Chrom Dubh a thugtar ar an Domhnach seo, féile réamhChríostaí ab ea é i dtús báire ach chuir na luathChríostaithe an fhéile in oiriúint dá gcreideamh féin agus luadar Naomh Breandán/Bréanainn leis an lá i gceantar an Chlocháin agus an Leitriúigh.
An lá seo, leis na céadta céadta bliain, bíonn daoine ag dreapadh na gcnoc is tábhachtaí sa tír – Cnoc Bréanainn i gCiarraí agus Cruach Phádraig i gCo. Mhaigh Eo. Domhnach na Cruaiche a thugtar ar an lá i Maigh Eo agus is féidir tuilleadh a léamh faoi sin thíos.
Tá ceithre lá imeachtaí leagtha amach ar chlár fhéile Lughnasa, ag tosú ar an Aoine bheag seo, an 26 Iúil ag a 10am le siúlóid threoraithe le Paddy O’Neill, Siúlóid Shlí na nGallán, ag bualadh le chéile ag Séipéal Chlocháin. Níos deireanaí ar an Aoine beidh ceardlanna ealaíne le Rhonwen Hayes, in Áiléar Ché Art Galore Mulally’s – ag a 3pm do na páistí agus ag a 4pm. do dhaoine fásta. Cuirfear tús oifigiúil leis an bhféile ag a 7pm san áit chéanna agus an seoladh oifigiúil ann agus taispeántas ealaíne ina dhiaidh.
I measc na n-imeachtaí ar an Satharn an 27 Iúil beidh comórtas dealbhadóireachta gainimh ar Thrá na Ceapaí. Agus ná bac le Páras óir beidh Cluichí Oilimpeacha Bhréanainn ar bun ar Thrá na Ceapaí ag a 1pm. Cuirfear cluiche an Chlocháin in aghaidh Bhréanainn ar bun ar an dtrá ag a 2.30pm agus cuirfear clabhsúr breá lar imeachtaí an tSathairn tráthnóna le Céilí Mór i Halla Le Chéile agus €10 ar an doras.
Beidh Oilithreacht Chnoc Bhréanainn ar bun maidin Dé Domhnaigh ag tosú ag a 8:30am. is ag teacht le chéile i gcarrchlós Fhaiche [Faha], má bhíonn an aimsir sách maith. Beidh safari cladaigh ar bun ag 10:30am ar Thrá na Ceapaí agus beannú na mbád ar Ché Bhréanainn ag 1pm. Cuirfear Lá Spraoi Teaghlaigh ar bun Tigh Uí Chonchúir sa Chlochán ag tosú ag 2:30pm.
Tá neart imeachtaí eile ar bun ag an bhféile agus an chuid is mó acu saor in aisce. Faigh clár na féile ar leathanach Facebook Halla Le Chéile an Leitriúigh:
Domhnach na Cruaiche Cathair na Mart
Beidh na mílte ag tabhairt a n-aghaidh ar Chathair na Mart i gcontae Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo do Dhomhnach na Cruaiche a bheidh ar bun an Domhnach beag seo, an 28 Iúil. Tá oilithreachtaí go barr an tsléibhe seo ar bun le hos cionn 1,500 bliain, fiú sula raibh baint ag Naomh Pádraig leis an gcnoc íocónach atá suite le hais Chuan Mó.
Beidh oilithreacht áitiúil ar bun ar an Aoine 26 Iúil agus beidh aifreann ar bharr an chnoic ag a 10am. á cheiliúradh ag sagart na háite, an tAthair Tod Nolan. An tráthnóna sin, beidh aifreann sa gcaifé i gcarrchlós Chruach Phádraig.
Ar an Domhnach, an 28 Iúil, Domhnach na Cruaiche féin, éistfear faoistiní ar bharr Chruach Phádraig ó mhoch maidine 7am go dtí a 2pm agus gach uair an chloig óna 8.00am go dtí a dó a chlog san iarnóin beidh aifreann á rá sa séipéilín ar barr na cruaiche.
Tá eolas agus mapaí le fáil anseo.
Féile an Phobail i mBéal Feirste
Beidh Féile Lúnasa de chuid Fhéile an Phobail ar bun i mBéal Feirste ón gCéadaoin an 1 Lúnasa go dtí an Domhnach an 11 Lúnasa. Deir an lucht eagraithe gurb í seo an fhéile phobail is mó in Éirinn. Tá Féile an Phobail suite in iarthar Bhéal Feirste agus cuireann siad clár imeachtaí ar bun i gcaitheamh na bliana ar fad. Is í Féile Lúnasa an phríomhfhéile a chuireann siad ar bun gach bliain, ach bíonn Féile an Earraigh acu chomh maith agus an fhéile Draíocht do pháistí faoi Shamhain.
Tá clár mór imeachtaí leagtha amach d’Fhéile Lúnasa i mbliana agus roghanna ar fáil idir imeachtaí ceoil, teaghlaigh, ceardlann, ealaíne agus eile. Cuirfear scéalaíocht teaghlaigh dhátheangach ar bun i Leabharlann na Carraige Báine ar an Déardaoin 1 Lúnasa ag meán lae. Is é an scéalaí Aodán ‘Jaff’ Mac Séafraidh a bheidh i mbun na hócaide agus é ag insint scéalta agus ag casadh ceoil. Scéalaí ildánach é Jaff a insíonn scéalta traidisiúnta agus nua-chumtha. Is píobaire é chomh maith agus nascann sé an scéalaíocht le miotais, finscéalta, síscéalta agus ceol traidisiúnta. Tá an ócáid seo feiliúnach do pháistí os cionn 4 bliana d’aois. Ní mór tuismitheoir nó feighlí a bheith in éineacht leis na páistí. Déan teagmháil le whiterock.library@librariesni.org.uk nó 028 90509236 chun spás a chur in áirithe.
Beidh ceardlann amhránaíochta Amhrán na bhFiann le Gráinne Holland ar bun in Áras Uí Chonghaile, Bóthar na bhFál, ar an Aoine, an 2 Lúnasa ag a 6:00 i.n. Ceardlann idirghníomhach í seo leis an gceoltóir agus amhránaí aitheanta Gráinne Holland, a thabharfaidh cúnamh do na rannpháirtithe an t-amhrán náisiúnta a fhoghlaim. Deir an lucht eagraithe nach bhfuil gá le Gaeilge líofa ag an té a bheadh ag iarraidh an cheardlann seo a dhéanamh mar go mbeidh cúnamh le fáil ó Ghráinne chun an fuaimniú agus an fonn a fhoghlaim. Tá fáilte roimh dhaoine is cuma cén aois agus is £2 atá ar na ticéid. Ticéid ar fáil anseo.
Beidh an raidió pobail Raidió Fáilte ag cur Craolatón Beo 24 Uair a’ Chloig ar bun ag tosú ag a 8pm ar an Aoine 2 Lúnasa agus ag dul as sin go dtí maidin lá arna mhárach ar 107.1 FM/ raidiofailte.com. Cuirfidh foireann agus oibrithe deonacha an stáisiúin sraith clár beo ar siúl ar an aer ar feadh 24 uair a chloig agus aíonna speisialta ag bualadh isteach i rith an lae. Tá cuireadh tugtha ag an stáisiún do dhaoine ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa gcraolatón teagmháil a dhéanamh leo ag pobal@raidiofailte.com nó 02890310013.
Níl ansin ach blaiseadh de na himeachtaí a bheidh ar bun – tá clár na féile ar fáil anseo.
RÁSAÍ BÁD
Féile na mBád in Inis Meáin
Beidh Féile na mBád ar bun in Inis Meáin ar an Satharn, an 28 Iúil ar feadh an lae. Cuirtear fáilte roimh chách go dtí an ceiliúradh ag a mbeidh rásaí bád, ceol, siamsaíocht do ghasúir agus beárbaiciú ar siúl i rith an lae. Cuirfear tús leis na himeachtaí maidin Dé Sathairn ar Chéibh an Chóra, áit a mbeidh cruinniú na scipéirí ag a 11am.
Beidh beárbaiciú agus fáiltiú ar siúl ag meán lae chomh maith le rásaí na ngleoiteogaí móra, na leathbháid agus na mbáid mhóra. Beidh clárú na gcurachaí ar bun ag an am sin freisin. Cuirfear na rásaí curachaí sraithe ar bun ina dhiaidh sin ag tosú ag a 1pm. Agus cuirfear rásaí na bhfear, na mban, rásaí fear agus bean agus rásaí na sóisear ar bun.
Beidh bád ag fágáil Inis Meáin ag dul go Ros an Mhíl tráthnóna ag 6:45pm. Tá amchlár an lae le fáil ar leathanach Facebook Chomhlacht Forbartha Inis Meáin.
Fág freagra ar 'Domhnach Chrom Dubh, oilithreacht Chruach Phádraig, rásaí báid agus Féile an Phobail'