Diúltaithe d’achomharc pinsinéara a leag buama ar bhus le linn chuairt stáit Bhanríon Shasana

Diúltaíodh roimhe seo d’achomharc ar bhonn cearta teanga a rinne Donal Billings, a raibh seoladh aige i St Bridgets Court, Droim Lis, An Longfort

Diúltaithe d’achomharc pinsinéara a leag buama ar bhus le linn chuairt stáit Bhanríon Shasana

Tá diúltaithe sa chúirt d’achomharc pinsinéara a leag buama ar bhus le linn chuairt stáit Bhanríon Shasana faoina dhéine is a bhí an phianbhreith ocht mbliana go leith a cuireadh air.

Diúltaíodh roimhe seo d’athcomharc eile a rinne Donal Billings ar bhonn cearta teanga.

Dúradh inniu sa Chúirt Achomhairc gur phianbhreith “an-bhog go deo” a bhí curtha ar an bpinsinéir 70 bliain d’aois agus gurbh é an t-aon bhealach a ndéanfaí í a leasú ná síneadh a chur léi. Shocraigh an triúr Breithiúna sa chúirt gan sin a dhéanamh.

Fuarthas Donal Billings, a raibh seoladh aige i St Bridgets Court, Droim Lis, An Longfort, a raibh seoladh aige i St Bridgets Court, Droim Lis, An Longfort, ciontach i bpléascáin a bheith ina sheilbh agus i mbagairtí buamála a dhéanamh ceithre huaire i mí na Bealtaine 2011, ar a n-áirítear uair ar dhúirt sé go raibh dhá mhoirtéar i gCaisleán Átha Cliath le linn an fhéasta stáit do Bhanríon Eilís Shasana.

Rinne Billings, ar éisteadh a chás i mBéarla agus i nGaeilge, in aghaidh a chiontaithe agus a phianbhreithe.

Gearradh ocht mbliana go leith príosúin ar Billings in 2016. Dúirt an Breitheamh Tony Hunt ag an am go raibh “lánchead aige drochmheas a bheith aige ar an mBanríon Eilís” agus a cuairt go hÉirinn ach nach raibh aon chead aige an tuairim sin a chur in iúl trí ghníomh coiriúil. Gearradh pianbhreitheanna i gcomhthráth air bagairtí bréige buamála a dhéanamh.

Le linn na trialach in 2016, cuireadh an Chúirt Choiriúil Speisialta ar an eolas faoi na bagairtí buamála agus faoin mbuama a fuarthas ar an mbus as Béal an Átha go Baile Átha Cliath le linn chuairt Bhanríon Shasana cúig bliana ó shin.

Ar an 16 Bealtaine 2011, mar thoradh ar ghlaoch gutháin a rinneadh ar Stáisiún ns nGardaí sa Longfort, stop na Gardaí bus, a bhí ar a bhealach go Baile Átha Cliath, i Maigh Nuad agus duine is tríocha ar bord.

Tháinig siad ar bhuama dea-dhéanta i mála a bhí fágtha i stór an bhagáiste chomh maith le púdar gunna, peitreal, aonad amrialúcháin púdair agus fiús. Chualathas sa chúirt go bhféadfadh sé scrios ollmhór a dhéanamh dá bpléascfadh sé. Rinneadh bagairtí eile chomh maith faoi bhuama eile a bheith ar bhus eile, ag Ceanncheathrú Shinn Féin i mBaile Átha Cliath ach ní bhfuarthas aon cheann.

Trí thaifid fóin, nótaí, cárta SIM agus fón póca, sainaithníodh Donal Billings mar an té a rinne an glaoch gutháin.

Ghlaoigh sé arís dhá lá ina dhiaidh sin agus dúirt go raibh dhá mhoirtéar fágtha i gCaisleán Átha Cliath agus iad socraithe le go bpléascfaidís ag a 8pm, le linn an fhéasta stáit don Bhanríon.

“Tá mé i mo bhall de Bhráithreachas na Poblachta, Scuad A,” a dúirt sé. “Do Bhanríon na Fola agus Chogadh na hIaráice an ceann seo.”

De bharr an chéad bhuama a fuarthas, dúradh sa chúirt gur glacadh gur bhagairt thromchúiseach a bhí inti ach nár thángthas ar aon ghairis phléascacha.

Rinneadh an tríú glaoch dhá lá ina dhiaidh sin ag bagairt go raibh dhá bhuama eile i leithris Aerfort Chorcaí ach ní bhfuarthas aon rud ansin ach oiread.

Ag tagairt do na hagallaimh a rinne Billings leis na Gardaí, dúirt an Breitheamh Hunt go raibh na “bréaga” a d’inis an pinsinéir do na Gardaí “sách follasach agus neamhshofaisticiúil”.

Ciontaíodh Billings faoi dhó roimhe sin, as pléascáin a bheith ina sheilbh aige sa tuaisceart i 1973.

Fág freagra ar 'Diúltaithe d’achomharc pinsinéara a leag buama ar bhus le linn chuairt stáit Bhanríon Shasana'