Diúltaithe ag an BAI do ghearán faoi ráitis Paul Williams i leith cainteoirí Gaeilge

Bhain gearán Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge le ráitis a rinne Williams faoin nGaeilge agus scéal gur iarr réiteoir ar bhaill chumann peile Gaeltachta gan Gaeilge a labhairt ag cluiche sa Ghaeltacht á phlé aige

Diúltaithe ag an BAI do ghearán faoi ráitis Paul Williams i leith cainteoirí Gaeilge

Tá diúltaithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann do ghearán faoi ráitis a rinne an craoltóir Paul Williams faoin nGaeilge ar an gclár Newstalk Breafast ar Newstalk.

Ba é Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, a rinne an gearán faoin gcraoltóir a chuir tuin chainte a shamhlaítear le scannáin Bhéarla faoi na Naitsithe air féin agus é ag labhairt faoin “fundamentalism”, dar leis, a bhaineann le ceist na Gaeilge.

Agus an cinneadh á fhógairt ag an BAI, ghlac siad leis go “bhféadfadh gur mheas roinnt daoine den lucht éisteacht go raibh ráitis an láithreora, agus tuin na ráiteas siúd, maslach” ach dúradh cuireadh gur cuireadh “réimse leathan tuairimí” ar fáil le linn na gclár a bhí i gceist. Dúradh chomh maith gur “dóchúil go mbeadh na tuairimí céanna ag daoine éagsúla den lucht éisteachta a bhí ag an láithreoir agus ag an ngearánaí”.

Ba ar an mbonn sin a chinn an coiste nár sháraigh an clár an tAcht Craolacháin 2009 ná Chód Cothroime, Oibiachtúlachta agus Neamhchlaontachta sa Nuacht agus i gCúrsaí Reatha an BAI.

Bhain gearán Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge le ráitis a rinne Williams faoin nGaeilge agus scéal gur iarr réiteoir ar bhaill chumann peile Gaeltachta gan Gaeilge a labhairt ag cluiche sa Ghaeltacht á phlé aige.

Dúirt Williams go mbeadh láncheart ag réiteoir a leithéid a éileamh ar imreoirí Gaeltachta toisc go “labhraíonn gach duine in Éirinn an Béarla” murab ionann agus an Ghaeilge.

“He [an réiteoir] said ‘look guys, will you go and speak English’, because as we know everybody on this island speaks English, not everybody speaks Irish. I’m sorry if I came across arrogant about that and an insufferable ignoramus – I’ve been called an awful lot worse. But this is fundamentalism ‘You will learn the Irish and you will do it right, ja?’”.

Cuireadh agallamh ar de Spáinn ar an gclár céanna ar Newstalk an mhaidin dár gcionn. Mhaígh sé ina ghearán gur léir ón tosach “nach mbeadh an láithreoir ag déileáil leis an bhfriotal maslach a luann an gearánaí a d’úsáid sé ar chlár an lae roimhe sin”.

Mhaígh de Spáinn gur léirigh Williams “dímheas” athuair ar an nGaeilge le linn an agallaimh seachas deis a thabhairt dó freagra a thabhairt ar an méid a bhí le rá ag an gcraoltóir an lá roimhe.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag an BAI do ghearán faoi ráitis Paul Williams i leith cainteoirí Gaeilge'

  • Seán

    Agus an bhfuil iontas ar dhaoine gur dhiúltaigh an BAI ?. Níl ormsa.

  • Breathnóir

    Nach é an bunrud a bhaineann leis an scéal seo nach raibh bunús ar bith le hargóint Williams? Seafóid atá sa mhéid a dúirt sé faoi ‘fundamentalism’. Bhí daoine ón Ghaeltacht ag labhairt a dteanga féin. Lánstad. Cén fáth a mbeadh orthu Béarla a labhairt os comhair an réiteora? Nach sílfeá gurb eisean (agus Williams) an ‘fundamentalist’ ag deireadh an lae.

  • Feardorcha

    Cén saghas asalaíocht duine a ghearán as a thuairimí féin a nochtadh?
    Má tá argóint níos fearr ag na Fíréin ná Paul effin Williams, go bhfóire Dia orainn, ba chóir é a dhéanamh agus léiriú don domhan uile gur acu atá an ceart, seachas bheith ag pusaíocht i ndiaidh an fhir seo agus ag cur lena chlú i measc na n-amadán eile.
    Róchleachtaithe ar an stát, an namhaid is dual dúinn, dár gcosaint ó na buachaillí móra atáimid.

  • brian ó daimhín

    Níor oibrigh an BAI de réir a chód cothroime, oibiachtúlachta agus neamchlaontachta sa dá chás seo.

  • Ciarán

    Mar atá luaite san alt a Fheardorcha, tugadh le fios do Julian “nach mbeadh an láithreoir ag déileáil leis an bhfriotal maslach a luann an gearánaí a d’úsáid sé ar chlár an lae roimhe sin” agus bhí an diúltú deise freagra ina bhunús don ghearán chomh maith.