Corcra Catherine Connolly
Tugadh an-suntas an tseachtain seo don dath a bhí ar an bhfeisteas a chaith Catherine Connolly ar lá a hinsealbhaithe. Cóta, blús agus treabhsar agus dath corcra orthu a chaith sí agus iad deartha ag Louise Kennedy. Is í Kennedy a dhear an chulaith a chaith Mary Robinson an lá ar insealbhaíodh ise mar Uachtarán na hÉireann sa mbliain 1990, an chéad uair ag bean sa ról. An tagairt a bhí sa dath a roghnaigh Connolly, d’uachtaránacht Mary Robinson?
Brí eile atá ag an dath corcra ná gur dath é a bhíodh in úsáid ag gluaiseacht na sufraigéidí. Ba iad na dathanna a bhí in úsáid ag an ngluaiseacht ná corcra, bán agus glas agus bhítí ag moladh do na baill na dathanna sin a úsáid sna héadaí a bhíodh á gcaitheamh acu. Bhain siad úsáid as an bhfaisean leis an teachtaireacht a bhí acu a neartú. Déarfá gur rud fánach a bhí ansin, ach bhí cúis mhaith acu leis.
Ceann de na cúiseanna a bhí acu leis an mbéim a chuiridís ar an gcineál éadaí a chaitheadh na baill ná nach mbeadh sé le rá ag aon duine nach raibh siad sách banúil. Bhíodh feachtais bholscaireachta ar bun in éadan na gluaiseachta ina gcuirtí na mná i láthair mar mhná garbha, agus bhíodh cártaí poist agus ábhar eile á scaipeadh le híomhánna maslacha orthu.
Rinne ceannaireacht na gluaiseachta machnamh air sin agus ní raibh siad ag iarraidh go mbeadh aon leithscéal ag aon duine locht a fháil ar an éadach a bhí á chaitheamh ag lucht an fheachtais agus iad ag máirseáil nó ag léirsiú.
Bhí nasc ríoga ag daoine leis an dath corcra leis na cianta, agus mar gheall air sin bhí siombalachas láidir ag baint leis an rogha datha a rinne siad. Ceann de na fáthanna go raibh corcra ina dhath ríoga ná go raibh an dath nó an ruaim lena dhéanamh an-ghann agus an-daor.
D’athraigh sé sin nuair a tháinig dathanna sintéiseacha éadaigh chun cinn. Thosaigh an borradh in earnáil na ndathanna sintéiseacha leis an dath corcra. An dath mauveine a tugadh air, agus ceimiceoir óg ocht mbliana déag d’aois, William Henry Perkin, a d’aimsigh é sa mbliain 1856.
Ceann de na torthaí a bhí air sin ná go raibh fáil níos forleithne ar an dath corcra faoin am gur bunaíodh gluaiseacht na sufraigéidí caoga bliain níos deireanaí, ag tús an chéid seo caite, thart ar 1905.
B’fhéidir nach raibh aon bhaint ag aon cheann de na rudaí sin le rogha Chatherine Connolly, ach gur thaitin an dath léi, agus an cead sin aici. Bhí cuma ríoga uirthi, mar sin féin.
Amhrán don uachtarán nua ag Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin
Is iomaí lá a bhí ag Peigín Leitir Mór ach tá sé in am aici anois seasamh go leataobh mar go bhfuil a lá tagtha ag Catherine Leitir Mealláin. Tá amhrán nuachumtha ag Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin in onóir do Chatherine Connolly agus é curtha le fonn Pheigín Leitir Mór.
Thug an clár toghcháin ar TG4 cuairt ar ghasúir na scoile Dé Máirt agus ceiliúradh mór ar bun in onóir do Chatherine Connolly agus í á hinsealbhú mar an deichiú huachtarán ar Éirinn. Chas na gasúir leagan bríomhar den amhrán nua mar chuid den cheiliúradh.
Labhair Méabh Ní Thuathaláin le muintir na háite a bhí cruinnithe le ceiliúradh a dhéanamh ar insealbhú Connolly ar an lá. I measc na ndaoine ar labhair sí leo, bhí Noel Mac Donnchadha, as Inis Bearachain ó dhúchas, a dúirt gur de bhunadh an oileáin iad muintir athar an uachtaráin nua agus nach ndearna sí dearmad riamh ar a bunadh ná ar a nádúr. Níl aon dearmad déanta ag muintir Cheantar na nOileán uirthi ach an oiread agus ceiliúradh mór ar bun i gcaitheamh an lae Dé Máirt.
Seo na liricí do ‘Catherine Connolly’ á chasadh le fonn ‘Peigín Leitir Mór’.
‘Is ó Catherine Connolly,
Is tú ár míle stór,
Rath Dé is chuile bheannacht ort,
Is coinnigh an Ghaeilge beo.
Tá Muintir Leitir Mealláin,
Ag ceiliúradh do Nuacht,
Tá muide fíorbhródúil asat,
Is tú san Áras le do shliocht.’
Deirtear le Dialann Tuairisc go bhfuair daltaí na scoile teachtaireacht dheas buíochais ón uachtarán nua an lá dár gcionn.
Mícheál Ó Flaithearta
Agus b’fhéidir go bhfuil easpag in áit eicínt fágtha gan feisteas! Maith sibh a ghasúir Leitir Mealláín!