DIALANN TUAIRISC – Ailléirge le lucht saoire an gheimhridh; ag análú ar zoom; agus Narnia iarthar Chorcaí

Gach seachtain feasta, sa mhír nua seo, cuirfidh scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

DIALANN TUAIRISC – Ailléirge le lucht saoire an gheimhridh; ag análú ar zoom; agus Narnia iarthar Chorcaí

An bhfuil a leithéid de rud ann agus ailléirge le daoine a chaitheann an geimhreadh thar sáile? Má tá, tá imní orm go mb’fhéidir go bhfuil sé ormsa. Agus tá faitíos orm go bhfuil droch-dose orm maidir le daoine a imíonn leo ar feadh an gheimhridh chuig áiteanna galánta, sómhara thar lear.

Buailfidh taom anaifiolachtach mé má chastar duine amháin eile orm agus dath buí orthu ó bheith ag déanamh bolg le gréin ar thrá álainn éigin ar feadh an gheimhridh. Dá dtagaidís abhaile mí na Nollag mhaithfeá dóibh é. Ach ag filleadh orainn i lár mhí Feabhra agus spreacadh iontu nuair atá scailpeanna dorcha faoi do shúile ag an easpa vitimín D, agus an fuacht imithe isteach chomh fada sin i do chnámha go bhfuil dearmad déanta agat céard is ‘te’ ann.

Níl an chontúirt chomh mór sin mura mbeadh duine imithe ach áit éigin san Eoraip, an Spáinn, nó fiú na hOileáin Chanáracha. Ach má chloisim Vítneam, An Chambóid, nó go bhfóire Dia orainn, turas mórthimpeall Oirdheisceart na hÁise, bíodh an EpiPen á phrapáil agat.

Cloisim an chuid is mó de na tuairiscí ón gCambóid agus daoine ag imeacht thar m’fhuinneog. Tá an fhuinneog in aice le mo dheasc oibre díreach ar an mbóthar is cloisim giotaí beaga de chomhráití agus daoine ag dul tharam.

Ní hé go mbím ag iarraidh a bheith ag éisteacht leo ach níl aon neart agam air. Bhí mé ag iarraidh cuimhneamh ar réiteach éigin ar an ngleo, pluid mhór a chrochadh ar an bhfuinneog seans, nó painéil a mhúchfadh an fhuaim.

Ní dhearna mé tada ar deireadh mar go raibh imní orm go mbeadh na comharsana a cheapadh go raibh mé imithe as mo chiall ar fad dá bhfeicfidís slám feilte greamaithe den fhuinneog.

Chuaigh mé thar theach an lá cheana ina raibh na scórtha málaí dubha agus iad lán, sáite suas in aghaidh na bhfuinneog. Ní raibh a fhios agam an chóir dom cnagadh ar an doras le feiceáil an raibh siad alright nó éisteacht leo. D’éist mé leo sa deireadh. Is dóigh go bhfuil a gcúiseanna féin acu. Ailléirge de chineál éigin, seans.

Ciorcal análaithe nasctha ar Zoom

Ós ag cuimhneamh ar chúrsaí suaimhnis is só é, shocraigh mé glacadh le cuireadh ó mo chara páirt a ghlacadh i gciorcal análaithe nasctha ar Zoom an lá cheana. Rud ar bith a chuirfeadh spiorad sna cnámha arís is a cheansódh an inchinn.

Seans gurb é seo a bhí uaim leis an néarchóras a cheansú, mar atá á mholadh dom ag na fógraí seasta ar Instagram d’aipeanna ADHD. An bhfaigheann éinne eile iad seo? Nó an mise amháin atá á bhfáil? Ní lá go maidin é ach go bhfeicim fógraí d’aipeanna ADHD nó don mheanapás.

Níl a fhios ag an algartam uilefheasach an buachaill mé i rang a sé atá ag bualadh in aghaidh na mballaí nó bean mheánaosta atá ag iarraidh chuile phingin atá agam a chaitheamh ar an HRT agus vitimíní forlíonta ó Elle McPherson.

Agus lá an chiorcail análaithe ag déanamh orm, thosaigh mo leibhéal struis ag ardú is mé ag iarraidh a theacht ar leithscéal éigin sa gcaoi is nach mbeadh orm é a dhéanamh. D’airigh mé preab i mo shúil uair ar bith ar tháinig smaoineamh faoin análú treoraithe le strainséirí ar Zoom isteach i mo chloigeann.

Seisiún ‘athshocraithe’ agus ‘ath-rud éigin’ eile nach bhfuil mé in ann cuimhneamh air, a bhí ann. Chuir mé orm na cluaisíní agus thosaigh an ceol suaimhneach ag casadh, anáil isteach, agus anáil amach… Ní chreidfidh tú é seo, ach d’oibrigh sé. D’airigh mé ualach an gheimhridh ag sileadh díom mar a bheadh duilleoga ag imeacht de na crainnte. B’fhéidir nach bhfuil an geimhreadh chomh dona sin uilig. Is tá sé beagnach thart ar aon chaoi.

Mar a chéile Beanntraí agus Narnia 

Chuaigh muid go Beanntraí ag an deireadh seachtaine, ní baileach oirdheisceart na hÁise, ach iardheisceart na hÉireann, níos fearr arís, ar ndóigh. Is cuma cé mhéad uair a dtéim go Beanntraí, tá sé ar nós Narnia nó Tír na nIontas, sa mhéid is nach mbím cinnte riamh cén chaoi a ndeachaigh mé ann ná cén bhóthar a thóg mé an uair dheireanach.

Chuile uair a dtéim ann, deirim liom féin, ‘tá sé agam anois!’ Níl a fhios agam an é go bhfuil muintir Bheanntraí ag bogadh na mbóithre thart nó an é go bhfuil cuid acu fuadaithe ag na sióga, ach ní hé an bealach céanna a bhíonn romhainn riamh.

Nuair a éiríonn leat an áit a aimsiú, is baile beag álainn é Beanntraí. Níor chuir muid aon stró orainn féin, ach muid ag ithe is ag fáinneáil thart, ag ithe tuilleadh agus ag déanamh beagáinín eile fáinneála. Níor chuir an bháisteach tada as dúinn ach an oiread is muid ag imeacht ar an bhfoscadh ó shiopa go siopa agus timpeall ar an margadh i lár an bhaile.

Bhuail muid isteach ag an siopa leabhar agus níl a fhios agam cén taom a bhuail an leaid óg ach shocraigh sé go raibh sé ag iarraidh Gearmáinis a fhoghlaim is chaith sé an €10 a bhí aige ina phóca ar fhoclóir Gearmáinise-Béarla.

Ní raibh aon leid againn go raibh an claonadh sin ann roimhe sin ach ní raibh aon chall imní dúinn, mar gur imigh sé de arís chomh sciobtha céanna is a tháinig sé air. Go deimhin, ní raibh muid imithe chomh fada le doras an tsiopa nuair a bhuail aiféala é.

Seans mar gur luadh go raibh muid ag dul i dtreo an tsiopa milseán ina dhiaidh sin is gur tháinig athrú tobann ar na príomhthosaíochtaí buiséid a bhí aige nuair a chuala sé trácht ar mhilseáin. Caveat emptor, ní raibh aon ghlacadh ag an siopa ar ais leis an bhfoclóir, is ní raibh aon trácht ar ais ar an €10. Das ist das leben!

Níor fhág mé gan aon mhilseán é, le faitíos go gceapfá nach bhfuil aon chroí agam.

Moladh na seachtaine

Phioc mé suas cóip de Seamus Heaney: 100 Poems nuair a bhí i gCorcaigh, leabhar a chuir Faber & Faber amach sa mbliain 2018. Scríobhtar sa mblúirín gur tháinig an smaoineamh don leabhar ó Heaney féin, ach nár éirigh leis féin é a dhéanamh. Tarraingíonn an leabhar as cnuasaigh éagsúla is tugann léargas breá ar a shaothar. Leabhar álainn é agus portráid den fhile ar an gclúdach a rinne Edward McGuire sa mbliain 1974.

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC – Ailléirge le lucht saoire an gheimhridh; ag análú ar zoom; agus Narnia iarthar Chorcaí'