An Ghaeilge agus neamhspleáchas RTÉ
Bhí olc ar mhórán tráchtairí, iriseoirí agus polaiteoirí faoin ngeallúint fhíorait i bhforógra Shinn Féin go ndéanfaidís coimisiúnú ar athbhreithniú neamhspleách ar an gclúdach a bhíonn ag RTÉ ar an sléacht in Gaza agus ar choimhlintí idirnáisiúnta eile.
Bhuail taom feirge iarrthóirí Fhine Gael go háirithe.
An chéad rud eile bheadh Sinn Féin ag déanamh cinsireachta ar an nuacht ar Highland agus Ocean FM, arsa John McNulty atá ag seasamh don pháirtí i nDún na nGall.
“I am calling on Pearse Doherty to scrap this manifesto proposal immediately so that the chilling threats to journalistic freedom don’t begin in Montrose and end up at Mountain Top in Letterkenny.”
B’aite fós mar gheallúint í nuair nach raibh Sinn Féin ábalta a mhíniú i gceart cad a bhí i gceist leis an moladh seachas a bheith ag cur isteach ar neamhspleáchas eagarthóireachta an chraoltóra phoiblí agus ar obair Choimisiún na Meán.
Bhí an Irish Times scanraithe chomh maith.
‘And if it can do so over Gaza, it presumably believes it can do the same over coverage of domestic issues,’ a dúradh in eagarfhocal sa pháipéar.
Cá bhfios?
Féach mar shampla ar an ngeallúint toghcháin seo faoi chúrsaí Gaeilge agus RTÉ:
“Déanfaimid cinnte go seolann RTÉ straitéis Gaeilge nua agus nuashonraithe a leagann amach conas a fhreastalóidh an eagraíocht ar a bhfreagrachtaí maidir lena lucht féachana agus éisteachta Gaeilge.”
Agus an ceann seo…
“Iarrfaimid ar mhéadú ar ábhar Gaeilge RTÉ, lena n-áirítear ar RTÉ Player, RTÉ News App, chomh maith le feasacháin nuachta gach uair an chloig trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla ar RTÉ News Now a spreagadh.”
Anois murar iarracht an méid sin cur isteach ar neamhspleáchas agus ar phróiseas eagarthóireachta an chraoltóra phoiblí ní lá fós é.
Ach ní i bhforógra Shinn Féin ach i gceann Fhine Gael a gheobhaidh tú na geallúintí faoin nGaeilge in RTÉ. Chilling?
Eoin Ó Broin agus Eoin Ó Broin
Tá beirt Eoin Ó Broin ag seasamh i mBaile Átha Cliath Thiar Meán, Eoin Ó Broin Shinn Féin agus Eoin Ó Broin na nDaonlathaithe Sóisialta. Cén duine is airde a bheidh ar an bpáipéar ballóide? Mhínigh Gavan Reilly, comhfhreagraí polaitíochta nuacht Virgin Media, dúinn go gcuirtear ar chrainn é chun a fháil amach cén duine de bheirt leis an ainm céanna a dtugtar tús áite dó.
Cothrom go maith, is dócha, ach cad faoi bhuntáiste a thabhairt don chainteoir Gaeilge má tá a leithéid ann? Bunaithe ar an méid atá geallta ag a pháirtí ina bhforógra chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa saol poiblí, ní foláir go mbeadh Eoin Ó Broin Shinn Féin sásta géilleadh sa chás seo d’Eoin Ó Broin na nDaonlathaithe Sóisialta, fear a bhfuil Gaeilge aige.
Traochadh cheannaire Fhine Gael
Bhíomar ag caint an tseachtain seo caite faoi chuid den bhrí a bheith imithe as Hap Harris agus ba mheasa fós an bhail a bhí ar an Taoiseach is Fine Gael sna pobalbhreitheanna ó shin. Bhí léitheoir amháin chugainn féachaint cén nath Gaeilge a chumfaimis in áit Hap Harris chun léiriú a thabhairt ar thraochadh cheannaire Fhine Gael. ‘Simon sleabhctha’ an moladh a bhí aici féin agus ní fhéadfaimis sin a shárú.
Vótáil don domhain atá tré thine
Simon Slim-sleabhcach Sleam-chúiseach
Seanán Ó Coistín
Táimse i m’iarrthóir sa Dáilcheantar céanna – Baile Átha Cliath Thiar Meán. Tá triúr iarrthóirí le sloinne le Ó sa tsloinne. Beirt Eoin Ó Broin agus Seanán Ó Coistín. Tá neart gaelscoileanna sa cheantar seo.