Dhá thrá Ghaeltachta i measc na ndeich trá ‘is fearr’ in Éirinn agus sa Bhreatain i gcomhair snámha

Cuireadh breis is 800 trá agus uiscebhealach san áireamh in Éirinn agus sa Bhreatain chun liosta de na cinn is fearr a chur le chéile

Dhá thrá Ghaeltachta i measc na ndeich trá ‘is fearr’ in Éirinn agus sa Bhreatain i gcomhair snámha

Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua

Tá dhá thrá Ghaeltachta áirithe i measc na 10 trá is fearr in Éirinn agus sa Bhreatain i gcomhair snámha.

Bhain Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua i gConamara an séú háit amach i suirbhé a rinne an comhlacht Ocean Bottle ar thránna sa tír seo, i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag. Sa naoú háit ar an liosta atá trá na Dumhcha i Leitir Mhic an Bhaird i nDún na nGall.

Tá an liosta bunaithe ar thorthaí tástálacha a rinneadh ar chaighdeán an uisce ag na tránna chomh maith leis an rátáil atá tugtha don trá ag daoine ar Google.

Trá na Coime in Acaill a roghnaíodh mar an trá is fearr i gcomhair snámha in Éirinn agus sa Bhreatain.

Sé thrá in Éirinn ar fad a bhain áit amach ar an liosta. Chomh maith leis na trí cinn sa Ghaeltacht, tugadh áit ar an liosta den 20 trá is fearr do thrá Churrach Cló i Loch Garman (12), Cuan an Mhada i gConamara (13), agus trá Inis Crabhann i Sligeach (14).

Cuireadh breis is 800 trá agus uiscebhealach san áireamh agus an liosta á chur le chéile.

Rinneadh liosta freisin de na tránna a raibh an caighdeán uisce is fearr acu, ach nach raibh mórán rátáil déanta acu ar Google. Bhí trí thrá Ghaeltachta eile ar an liosta sin, Trá na Reilige ar an gCeathrú Rua, Trá Bhearna na gCapall in Acaill agus Cuan Oilí ar an Muirthead i Maigh Eo. Bhí trá na hAille Brice agus Trá na Feadóige i gConamara ar an liosta freisin.

Bhain an suirbhé thuas úsáid as an tuarascáil is déanaí de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, a léirigh go raibh ‘caighdeán maith’ uisce ar 20 den 21 trá a ndéanann siadsan monatóireacht orthu sa Ghaeltacht.

Ba í Trá na mBan ar an Spidéal i gConamara an t-aon trá Ghaeltachta nár bhain ar a laghad stádas ‘caighdeán maith’ amach sa tuarascáil ar cháilíocht an uisce snámha in Éirinn, Bathing Water Quality in Ireland 2021. ‘Caighdeán sásúil’ a fuarthas ar Thrá na mBan, an tríú bliain as a chéile a raibh an caighdeán sin uisce ansin.

Dhá thrá dhéag sa Ghaeltacht a bhfuil Bratach Ghorm acu in 2022 agus an t-aitheantas sin bainte amach ag Trá Inis Oírr den chéad uair.

Fág freagra ar 'Dhá thrá Ghaeltachta i measc na ndeich trá ‘is fearr’ in Éirinn agus sa Bhreatain i gcomhair snámha'